Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Salm 106 - An Bíobla Naofa 1981


1 Ollmhaitheas Dé agus Diomaíochas Iosrael

1 Ollmhaitheas Dé agus Diomaíochas Iosrael Alleluia. 1 Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é; toisc go maireann a bhuanghrá go brách.


Alleluia.

2 Cé ar féidir leis éachtaí an Tiarna a fhógairt? cé a chraolfaidh a mholtaí go léir?

3 Is méanar don dream a choinníonn an ceart, agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor.

4 Bí ag cuimhneamh orm, a Thiarna, bí go maith dom, as ucht do ghrá do do phobal. Tar chugam, a Thiarna, le do chúnamh;

5 go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat, go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail; is go ndéana mé mórtas mar aon le d'oidhreacht.

6 Pheacaíomar ar nós ar sinsir; rinneamar an t‑olc agus an t‑éigeart.

7 Níor thug ár n‑aithreacha san Éigipt aon aird ar bith ar d'éachtaí. Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá; thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.

8 Ach tharrthaigh sé iad as ucht a ainm, d'fhonn is go ndéanfadh sé a chumhacht a nochtadh.

9 Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí; agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.

10 Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad; agus scaoil sé iad as greim a naimhde.

11 D'fholaigh an tuile a gcéilí comhraic; níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu.

12 Ansin is ea a chreid siad a bhriathra; gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.

13 Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí; agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.

14 Ligeadar srian lena mianta san fhásach; chuireadar cathú ar Dhia san uaigneas.

15 Lig sé a n‑achainí leo; ach chuir sé seirg-ghalar ar a n‑anam.

16 Bhí éad orthu le Maois ina mbothanna, agus le hÁrón, neach naofa an Tiarna.

17 D'oscail an talamh agus shlog sé Dátán, agus d'fholaigh sé Aibíorám is a mhuintir.

18 Fadaíodh tine i measc a mbuíne; agus loisc na lasracha na meirligh.

19 Dhealbhaigh siad lao ag Horaeb; rinne siad íol d'ór leáite a adhradh.

20 Rinne siad Dia na glóire a mhalartú ar íomhá tairbh a mhaireann ar fhéar.

21 Rinne siad dearmad ar Dhia a shlánaigh iad, agus a rinne éachtaí móra dóibh san Éigipt,

22 a rinne na hiontais dóibh i dtír Hám, agus nithe uamhnacha le hais na Mara Rua.

23 Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin, murach Maois, an té a roghnaigh sé a dhul roimhe sa bhearna d'fhonn a fhearg a mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.

24 Ba tháir leo dá éis sin tír an aoibhnis; níor mhuinín leo, ach oiread, a bhriathar.

25 Ach bhídís ag cásamh ina mbothanna, agus ní éistfidís le glór an Tiarna.

26 D'ardaigh sé a lámh agus mhionnaigh dóibh go leagfadh sé ar lár iad san fhásach,

27 go scaipfeadh sé a síol i measc na náisiún a scaoileadh ar fud na cruinne.

28 D'umhlaigh siad ansin do Bhál Peór, agus d'ith siad íobairtí na marbh.

29 Spreag siad é chun feirge lena ngníomhartha, agus buaileadh iad ansin leis an bplá.

30 D'éirigh Píneachás gur imir sé breithiúnas, gurb amhlaidh a cuireadh cosc leis an bplá.

31 Measadh sin mar fhíréantacht dó dá bharr go dtí an uile ghlúin go brách na breithe.

32 Chuir siad fearg air ag uiscí Mhiríbeá; agus smachtaigh sé Maois dá dheasca.

33 Óir chuir siad a chroí chun seirbhe, ionas gur labhair sé briathra míchríonna.

34 Ní dhearna siad na náisiúin a dhíothú de réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.

35 Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha, go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim.

36 Thug siad fónamh d'íola na náisiún, gurb uime sin a cuireadh ó rath iad.

37 Óir d'íobair siad a macra féin, agus a n‑iníonacha féin do na deamhain.

38 Dhoirt siad fuil na neamhurchóideach, fuil a mac is a n‑iníonacha, a d'íobair siad do íola Chanán gur truaillíodh an tír le fuil.

39 Trochlaíodh iad lena n‑oibreacha féin; agus ghabh siad le striapachas ina ngníomhartha.

40 Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail; ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.

41 Thug sé faoi smacht na náisiún iad, agus chuir lucht a bhfuatha faoi chois iad.

42 Rinne a naimhde cos ar bolg orthu, agus fágadh faoi smacht a lámh iad.

43 Tharrthaigh sé arís agus arís eile iad, ach spreag siad chun feirge é lena scéimeanna, agus leag a n‑urchóid féin ar lár iad.

44 Dá ainneoin sin chuir sé spéis ina mbuaireamh, nuair a chuala sé a nglao.

45 Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh. Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá,

46 agus fuair sé trócaire dóibh ó na dreamanna go léir a rinne braighdeanaigh díobh.

47 Tarrthaigh sinn, a Thiarna, ár nDia; bailigh le chéile sinn as measc na náisiún go dtugaimis buíochas do d'ainm naofa, is go ndéanaimis do mholadh a chanadh.

48 Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, ó aois go haois go brách. Agus go gcana na daoine go léir: Amen! Amen! Alleluia!

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí