Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 33:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Guíonn sé chun Dé agus tugann seisean aird air; Agus feiceann sé a ghnúis agus lúcháir air, Agus fógraíonn sé don saol scéal a shaortha;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Guidhfidh sé Día, agus bía fadhbhrach dhó: agus dó chífidh sé a ghnúis maille re gáirdeachus: óir cúiteochuidh sé ris an nduine a ionnracus.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 33:26
35 Tagairtí Cros  

A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe].


- An té a d'fheicfinn, bheadh sé ar mo thaobh, An té a bhfeicfeadh mo shúile é, ní bheadh sé eascairdiúil liom. Tá mo leasracha á gcnaí!


Bíonn a chneas arís i mbláth na hóige; Agus filleann sé arís ar laethanta a chumais.


Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha, Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.


I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé] Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.


Taispeánfaidh tú slí na beatha dom; tá lúcháir go fial i do láthair agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.


Sheol sé amach in áit fhairsing mé, do mo tharrtháil as ucht a ghrá dom.


Moladh leis an Tiarna toisc gur éist sé le glór mo ghuí.


A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó, gabhaigí buíochas lena ainm naofa.


Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhia díol do mhóideanna leis an Té is Airde.


Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”


Aon uair amháin a labhair Dia, dhá ní a chuala mé; gur le Dia an chumhacht, a Thiarna,


Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Salm. Amhrán.


Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.” Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.


Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,” an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint, agus an té a bhreithníonn an t‑anam gan eolas? déanfaidh sé an t‑aisíoc is dual do bhearta duine.


Sea, a phobal Shíón, a bhfuil cónaí ort in Iarúsailéim, ní bheidh tú ag gol níos mó. Maithfidh sé duit ar chloisteáil do chaoineadh dó, agus tabharfaidh sé toradh air ar an toirt.


Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.


Thaispeáin tú dom bóthar na beatha agus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair.


“Éirigh,” arsa an Tiarna leis, “agus gluais leat go dtí an tSráid Dhíreach mar a thugtar uirthi, agus loirg i dteach Iúdáis fear ó Tharsas arb ainm dó Sól. Tá sé ag guí ann...


Chreid sé gur thairbhí dó cur suas le maslaí ar son an Mheisias ná stórtha na hÉigipte a shealbhú mar bhí a shúile ar luach saothair a bhí le teacht.


An té sin ar féidir leis sibh a choimeád gan titim i bpeaca, agus sibh a chur gan smál i láthair a ghlóire faoi lúcháir,


Cúitíonn an Tiarna a fhíréantacht agus a dhílse le gach duine. Thug an Tiarna thú i mo láimh dom inniu ach ní shínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí