Hóisé 14 - An Bíobla Naofa 19811 Scriosfar an tSamáir, mar bhí sí easumhal dá Dia. Bás le faobhar a imreofar orthu; déanfar smidiríní dá leanaí, agus réabfar a mná torracha. Maithiúnas agus Rath i nDíol ar Fhíoraithrí 2 Fill, a Iosrael, ar an Tiarna, do Dhia, óir baineadh tuisle asat de dheasca do chuid urchóide. 3 Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit. 4 Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta). 5 Leigheasfaidh mé a mídhílseacht, tabharfaidh mé grá dóibh go fonnmhar, mar ní díol feirge liom iad níos mó. 6 Silfidh mé ar Iosrael mar an drúcht. Bláthóidh sí ar nós na lile, agus cuirfidh sí uaithi a fréamhacha mar a dhéanann an stóracs. 7 Caithreoidh a géagáin; áilleacht na holóige agus cumhracht an stóraics a dháilfear uirthi. 8 Lonnóidh siad faoi mo scáth arís; saothróidh siad arbhar, agus beidh fíniúna ag fás acu, a mbeidh cáil orthu mar atá ar fhíon na Liobáine. 9 Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa. Comhairle don Léitheoir 10 Tuigeadh an t‑eagnaí na briathra sin: bíodh grinneolas ag an saoi orthu. Óir is díreach iad bealaí an Tiarna agus gluaiseann na fíréin dá réir, ach bíonn siad ina gceap tuisle do lucht na heasumhlaíochta. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart