Véarsaí Bíobla

Fógraí


Fo-chatagóir

97 Véarsaí Bíobla faoi Mheas i bPósadh


Eifisigh 5:33

Uime sin gráidheadh gach áon aguibh a bhean mar é féin; achd go mbíadh an bhean eaglach riomh an bhféar.

Seanfhocal 18:22

Gidh bé gheibh bean do gheibh sé ní maith, agus gnodhuigh sé fabhar ón TTIGHEARNA.

Colosaigh 3:19

A fhiora, grádhuighe bhur mná, agus ná bíghidh searbh dhóibh.

Eabhraigh 13:4

As onórach an pósadh a measg na nuile, agus an leabuidh neamhshalach: achd béuruidh Día breith ar luchd na drúise agus a nadhaltrannuis.

1 Corantaigh 13:4-5

Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é,

Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;

Seanfhocal 31:10-11

Cía fhéadas bean shubhailceach dfagháil? óir atá a lúach a bhfad ós cionn péarladh.

Cuiridh croidhe a fir a dhóigh go daingionn inte, iondus nach bia ríachtanas re creich aige.

1 Corantaigh 7:3

Tugadh an fear a dúalgus féin don mhnáoi: agus an bhean don fhior mar an gcéudna.

Geineasas 2:24

Uime sin fúigfidh an fear a athair, agus a mhathair, agus ceangóluidh da mhnáoi: agus béid na náoin fheóil.

Eifisigh 5:25

A fhiora, bíodh grádh aguibh dá bhur mnáibh, mar do ghrádhuigh Críosd a neagluis, agus tug sé é féin air a son;

1 Peadar 3:7

A fhíora, mar an gcéudna, déunuidh cómhnuighe a bhfochair bhur mban mar is cubhaidh do dhaóinibh iúlmhara, ag tabhairt onóra don mhnaói, amhuil don tsoitheach as laige, amhail fós atá sibh bhar gcómhóighribh ghrás na beatha; deagla thoirmisg do chur ar bhur nurnuighibh.

1 Corantaigh 11:11

Gidheadh ní bhfuil an fear a néugmhais na mná, ná an bhean a néugmhais a nfir, sa Dtighearna.

Eifisigh 5:21

Ag déunamh úmlachda dhá chéile a neagla Dé.

Seanfhocal 21:9

Is féarr áitreabh a ccoirnéul a núachtar an tighe, ná a bhfochair bhairsighe mná a dtigh fhairsing.

1 Peadar 4:8

Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.

Eifisigh 4:2-3

Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;

Achd ní mar sin fúarabhairse foghluim Chríosd;

Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:)

Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin;

Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne;

Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd.

Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn.

Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi:

Agus ná tuguidh áit do diábhal.

An tí do rinne goid ná gadah ní sá mhó: achd go madh luáithe dheánas sé sáothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbíádh ní aige ré thabhairt don tí air bhfuil ríachdanus.

Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha.

Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.

Salm 127:3

Féuch, is oighreacht don TIGHEARNA clann: toradh na mbronn a luaidheachd.

Laoi na Laoithe 1:15-16

Féuch, atá tú sgíamhach, a ghrádh; féuch, atá tú scíamhach; atáid súile coluim agad.

Féuch, atá tú breágha, a ghrádh, agus, taitneamhach: atá fós ar leabuidh glas.

Seanfhocal 17:17

Gradhuigh an chara gach uile uáir, agus rugadh an dearbhráthair a naghaidh buaidheartha.

Eabhraigh 10:24

Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh:

Laoi na Laoithe 5:1

Ataim ar tteacht dom gháirdín, a dheirbhshíur, a bhainchéile: do chruinnigh mé mo mhirr, agus mo spíosradh; a duáidh mé mo chríathar meala maille re mo mhil; dibh mé mfíon lem bhainne: ithidh, a chairde; ibhidh, ibhidh fós go lór, a áos grádha.

Seanfhocal 27:9

Solásuigh úniment déaghbholadh an cróidhe: is mairsin do ní millsi charad duine re comhairle ó chroidhe.

Salm 128:3

Biáidh do bhean cosmhuil ris an bhfíneamhuin thoruigh ar tháobhuibh do thighe: do chlann cosmhuil le planntoighibh chroinn na hola a ttimthioll do bhóird.

Seanfhocal 10:12

Dúisgidh an fúath imreasuin: acht folchuidh an grádh na huile chionta.

Eifisigh 6:1

A chlann, bíghidh úmhal dá bhur naithribh agus da bhur maithribh sa Dtíghearna: óir as coir so.

Laoi na Laoithe 3:4

Is goirid do chuáidh mé úatha, a núair fuáir mé an té ghrádhuighios manam: do chonnuimh mé é, agus níor leig mé dhó imtheacht, nó go ttugas go tigh mo mhathar é, agus go seomra na mná do ghabh a mbroinn mé.

1 Corantaigh 13:13

Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so.

Eifisigh 5:1-2

Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh;

Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna.

Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh.

Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal.

Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe.

Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit.

Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe,

Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc.

Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna.

Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid;

Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh.

Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.

Deotranaimí 24:5

¶ A nuáir do bheir duine bean núadh, ni rachuidh sé amach chum an cogaidh, ní mó chuirfighear cúram éinneithe air: ach biáidh sé sáor san mbaile ar feadh blíadhna, agus do dhéana sé sólás dá mhnáoi noch thug sé.

Seanfhocal 22:6

Teagaisg an leanabh sa ntslighe ann ar choir dho imtheachd: agus tan bhías sé áosta, ní thréigfidh sé í.

Seanfhocal 27:17

Géuruigh íarrann íarrann oile; marsin ghéaruighios duine gnúis a charad.

Cóheilit 9:9

Tabhair do bheátha go gáirdeach a bhfochair do mná air a mbí grádh agad air feadh uile láethe sháoghail do dhíomhaóinis, noch thug sé dhuit faói an ngréin, uile láethe do dhíomhaóinis: óir isí sin do chuid annsa tsháoghalso, agus ann do sháothar do gheibh tú faói an ngréin,

Rómhánaigh 13:10

Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.

Laoi na Laoithe 2:3

Mar bhios a nabhall a measg chrann na coilleadh, marsin bhios mo ghrádhsa a measg na mac. Do shuigh mé síos fa na scáth maille re duil mhóir, agus do budh milis a thoradh dom charbad.

Rómhánaigh 15:7

Uime sin gabhaídh chugaibh a chéile, do réir mar do ghabh Críosd sinne chuige chum glóire Dé.

Laoi na Laoithe 4:12

Is gáirdín ar na íadhadh mo dheirbhshíur, mo bhainchéile; tobar ar na dhrud súas, tiobruid ar na séaladh.

Laoi na Laoithe 7:6

Cíodh a bhreágha agus cred é a ghlórmhuire ataói, chum aoibhnis, a ghrádh!

Seanfhocal 24:3-4

Tré ghliocas do nithior tigh dfoirgneadh; agus le tuigsi daingnighthior é:

Do ghabh mé láimh re machaire an duine fhallsa, agus láimh ré fíneamhuin an duine gan tuigsin;

Agus, féuch, do bhí sin uile ar bhfás thairis do dhosánuibh, agus dfoluigh a neantóg a aghuidh, agus do bhí a bhalla cloiche briste sios.

Annsin do chonnairc mé, agus do mheas mé go maith é: dféuch mé air, agus do ghabh mé teagasg.

Beagan codalta fós, néull beag, filleadh beag na lámh air a cheile chum codalta:

Marsin tiucfuidh do bhochtuine mar áon bhías ar siubhal, agus do ríachtanas mar dhuine armtha.

Agus lé héolus líonfuighthear na séomradha le gach uile shaidhbhrios mhórluáidh shólasach.

Filipigh 4:5

Bíodh suáimhneas bhur ninntinne follas do na huile dhaóinibh. Atá an Tíghearna láimh ribh.

Rómhánaigh 12:16

Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin.

Lúcás 10:27

Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin.

Geineasas 3:16

A dubhairt sé ris an mnáoi, Méideócha mé go mór do dhoilghios agus do thoirrchiughadh; a ndoilgheas bheuras tú clann: agus dot fhior bhias thfonn, agus do dhéuna sé uachtarántachd ort.

Laoi na Laoithe 2:4

Rug sé go tigh na fleidhe mé, agus ba hí a bhratach a ghrádh dhamhsa.

1 Corantaigh 16:14

Déanaidh na huile neithe maillé ré grádh.

1 Eoin 3:18

A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.

Rómhánaigh 14:19

Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.

1 Eoin 4:12

Ní fhacuidh éinneach Día riamh. Dá raibh grádh aguinn dá chéile, atá Día na chómhnuighe ionnuinn, agus atá a ghrádh go diongmhálta ionnuinn.

Seanfhocal 31:30

Is meallta an dathamhlachd, agus is díomhaoin an scéimh: acht an bhean eagluighios an TIGHEARNA, is isi mholfuighthear.

Laoi na Laoithe 8:10

Atáim am bhalla, agus mo chíche cosmhuil ré toruibh: annsin do bhí mé iona shúilibhsion mar áon do fuáir fabhar.

1 Corantaigh 7:32-34

Agus bá mian leam sibhse do bheith gan rochúram. An té nach bí pósda, bí ouram na néitheann bheanus ris an Tighearna air, cionnus budh fhéidir ris toil an Tighearna do dhéunamh:

Achd an té bhíos pósda bí cúram na neitheann sáoghalta air, cionnus búdh fhéidir leis toil a mhná do déunamh.

Atá dithfir eidir bean agus máighdion. Bí curam na neitheann nbheanus ris an Dtighearna air an mnáoi nach bí pósda, ionnus go mbíadh sí náomhtha a gcorp agus a spioraid: achd bí cúram na neitheann bheanus ris an sáoghal ar an mnáoi bhíos pósda, cionnus búdh fhéídir ría toil a fir do dhéunamh.

Geineasas 1:27

Mar sin do chruthaidh Día an duine an a iomháigh féin, a níomháigh Dé do chruthaidh sé é; feardha agus bannda do chruthaidh sé íad.

1 Corantaigh 11:3

Gidheadh as mian riom a fhíos do bheith aguibh, gurab é Críosd ceann gach fir; agus gur ab é an fear ceann na mná; agus gur ab é Día ceann Chríosd.

2 Corantaigh 13:11

An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.

Colosaigh 3:14

Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.

Laoi na Laoithe 1:16

Féuch, atá tú breágha, a ghrádh, agus, taitneamhach: atá fós ar leabuidh glas.

Laoi na Laoithe 4:7

Atá tú uile breágha, a ghrádh, ní bhfuil cáidhe ar bith ionnad.

Geineasas 1:28

Agus do bheannuigh Día íad, agus a dubhairt Día ríu, Bíodh sibh tórrthach, agus méuduighidh, agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é: agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaith an aéir, agus ós cionn an uile neithe chorruigheas ar an ttalamh.

Eifisigh 5:22

A mhná, bíghidh úmhal dá bhur bhfearuibh féin, amhuil do bhíadh sibh don Tíghearna.

Colosaigh 3:18

A mhnám, bíghidh úmhal da bhur bhfearuibh, mar is cubhaidh sa Dtíghearna.

Seanfhocal 30:18-19

Atáid trí neithe ró iongantach dhamhsa, fós, a ceathair nach fios damh:

Slighe iolair annsa naíer; slighe aithreach nimhe ar an ccarruic; slighe luinge a meadhon na fairge; agus slighe a nfir le maighdin.

Geineasas 24:67

Agus tug Isaac leis í go Pubuil a mhathar Sárah, agus do ghabh chuige Rebecah, agus do bhí na mnáoi aige; agus do ghrádhuigh í: agus do comhfhurtachduigheach Isaac déis bháis a mhathar.

Matha 19:6

Ar a nadhbharsin ní bhfuilid feasda na ndís, achd na néinfhéoil. Uime sin an ní do cheanguil Díam ná sgáoileadh duine é.

Seanfhocal 14:1

Cuiridh gach aóinbhean chríonna a tigh súas: acht leagaidh a namaid síos é le na lámhaibh féin.

Rómhánaigh 12:10

Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;

1 Peadar 3:3-4

Nar go foiriomlach bhías a maise a ngruáig chasda, ná a gcur óir na dtimchioll, ná a gcur chulúigheach orrtha;

Achd go madh hé a maise duine foluigheach an chróidhe, a neamhthruáilleadh, spioruide ceannsa ciúin, noch is morluáich a bhfíadhnuise Dé.

Seanfhocal 31:28-29

Eírghid a clann súas, agus goirid beannuighthe dhi; a fear fós, agus moluidh sé í, gha radh,

Do rinneadar mórán inghean neithe tréitheacha, acht do sháruigh tusa íad uile.

1 Corantaigh 7:39

Atá an bhean ceangailte ó dhligheadh ar feadh sháoghail a fir; gidheadh dá bhfaghuidh a fear bás, atá sí sáor ré pósadh ris an tí as áill ría; amháin sa Dtighearna.

1 Corantaigh 7:4

Ní ag an mnáoi atá cumus a cuirp féin, achd ag an bhfear: agus ní ag an bhfear atá cúmus a chuirp féin mar an gcéudna, achd ag an mnáoi.

Seanfhocal 12:4

An bhean shubhailceach is coróin dá fear í: acht an bheán náirighios é is lobhadh iona chnámhaibh í.

Laoi na Laoithe 2:16

¶ Is liomsa mo ghrádh, agus is leis mé: do ní sé inghilt a measg na hleadh.

Seanfhocal 19:14

Tigh agus saidhbhrios isé oighreacht a nathar: agus is ón TTIGHEARNA atá an bhean ghlic.

Laoi na Laoithe 4:9

Déiguidh tú mo chroidhe, a dheirbhshíur, a bhainchéile; déignidh tú mo chroidhe le háon dot shúilibh, le háon tslabhra dot mhuineul.

1 Peadar 3:1

Biodh na mná, mar an gcéudna, úmharl dá bhfearuibh fein; ionnas, go bhféudfuidhe an dream nach dtabhair úmhlachd don bhréithir, do tharruing a bhféugmhuis na bréithre tré choinbhearsáid na mban;

Seanfhocal 5:18-19

Bíodh thfúarán beannuighe: agus lúathgháirigh lé mnaói phósta hoige.

Bíodh sí mar a neilit ghrádhuigh agus a nagh thaitneamhuigh; sásuigheadh a cíocha thú gách uile náir; agus líontar thú a gcomhnuighe le na grádh.

Laoi na Laoithe 1:2

Pógadh sé misi lé póguibh a bhéil: óir is féarr do ghrádh ná fíon.

Eifisigh 4:32

Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.

Geineasas 29:20

Agus do rinne Iacob seirbhis sheachd mblíadhan do cheannach ar Ráchel; agus níor tai hsiughadh dhó íad ach na mbeagán láethe, do mheid an ghradh do bhí aige uirre.

1 Corantaigh 7:5

Ná meallaidh a chéile, achd amháin do thoil a chéile air feadh tamuill, chum sibh féin do thabhairt do throsgadh agus dúrnaighe; agus a rís taguidh a gceann a chéile, deagla go gcuirfeadh Satán cathughadh oraibh tre bhur neamhgheanmnuidheachd.

Laoi na Laoithe 6:3

Is le mo ghrádh misi agus is liomsa mo ghrádh: atá sé dhá bhíathadh a measg na lileadh.

Seanfhocal 31:25

Neart agus onóir a headach; gáirdeochuídh sí san naimsir atá ag teacht.

1 Corantaigh 7:10

Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealughadh ré na fear.

1 Peadar 3:2

An tan chífid síad bhur gcoinbhearsáid gheanmnuidh maille re faitcheas.

Laoi na Laoithe 8:6

¶ Cuir misi mar shéala air do chroidhe, mar shéala air do righe: óir is láidir an grádh amhuíl an bás; is fíochmhar an téud mar a nuáigh: is sméaróide teineadh a smearóide sin, agá mbí lasair ro dhíbhfheirgeach.

Seanfhocal 5:15

Ibh uisge as do thiubruid féin, agus uisge reatha as do thoibreachaibh féin.

1 Tiomóid 5:8

Agus má atá aonduine nách déun soláthar dá dháoinibh féin, agus go mórmhór do luchd a thíghe, do shéun sé an creideamh, agus is measa é ná neach gan chreideamh.

Filipigh 2:3

Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin.

Matha 22:39

Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin.

Laoi na Laoithe 7:10

¶ Is le mo ghrádh misi, agus atá a fhonnsan chugamsa.

1 Teasalónaigh 5:11

Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.

Laoi na Laoithe 5:16

Atá a bhéul ro mhilis; atá sé fós, thríd amach go grádhach: isé so mo ghrádhsa, agus isé so mo chara, ó a ingheana Ierusalem.

Malaicí 2:14

Thairis sin a dearthaói, Cred uime? Do bhrígh go raibh an TIGHEARNA dfiadhnuisi eadrad agus bean hoíge, a naghaidh a ndéarna tusa go míochoinghiollach: gidheadh is isi do chompánach, agus bean do chunnartha.

Seanfhocal 27:15-16

Is cosmhuil bean cheannairgeach ré sírshilt a ló móirfhearthanna.

Gidh be cheílios í, ceilidh sé an gháoth, agus úinemeint a láimhe deise, bhraithios í féin.

Geineasas 2:18

Agus do ráidh an TIGHEARNA Día, Ní maith an duine bheith na áonar: do dhéuna mé cunghnamh dhó bhías iomchúbhaidh dhó.

Lúcás 6:31

Agus mar as toil libh dáoine do dhéunamh dhíbh, deunuidhsi mar an gcéudna dhóibhsin.

Laoi na Laoithe 4:10

Créd é breághachd do ghradha, a dheirbhshíur, a bhainchéile! ciodh a mhéid is feárr do ghrádh ná fíon! agus boladh huinmeinte ná a nuile spíosradh!

Laoi na Laoithe 8:7

Ní fhéaduid mórán uisgeadh an grádh do mhuchadh, ní mó fhéaduid na tuilte a bháthadh: dá ttugadh duine uile mhaóin a thighe ar ghrádh, do dísbeagfuidhe é thríd amach.