Seanfhocal 30 - An Bíobla Naofa 1981Aguisín Briathra Ágúr 1 Briathra Ágúr mac Iácaé ó Mhasá. Oracal an fhir seo do Ítíéil, [d'Ítíéil agus d'Ucál]: 2 Táimse, ní foláir, ródhúr le bheith daonna níl tuiscint duine agam. 3 Níor foghlaim mé eagna, ná ní bhfuair mé aithne ar an Aon Naofa. 4 Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit! 5 Gach briathar a labhraíonn Dia, seasann sé trial na fírinne; is sciath é do gach duine a théann ar a choimirce. 6 Ná cuir lena bhriathra, ar eagla go lochtódh sé thú agus go dtaispeánfadh sé gur bréagadóir thú. 7 Dhá ní a iarraim ort, ná ceil orm iad sula bhfaighe mé bás: 8 Coinnigh i bhfad uaim an t‑éitheach agus an bhréag; ná tabhair dom saibhreas ná daibhreas, ach cothaigh mé leis an mbia is cuí dom, 9 Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé. 10 Ná déan daor a ghearán lena mháistir, le heagla go gcuirfeadh sé mallacht ort agus go mbeadh thiar ort dá bharr. 11 Tá pór ann a chuireann mallacht ar a n‑athair, agus nach gcuireann beannacht ar a máthair. 12 Agus pór atá glan, dar leo féin, ach nár níodh fós as a mbrocamas. 13 Tá pór na súl uaibhreach ann, le mór níos fiú i ngach tógáil súile. 14 Tá pór ann le claímhte mar fhiacla, agus sceana mar ghialla acu, Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne; agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine. Nathanna Uimhreacha 15 Tá beirt iníon ag an lia, “Tabhair, tabhair,” a ghlaonn siad. Tá trí nithe nach féidir a shasamh, agus ceithre cinn nach ndeir riamh: “Is leor sin”: 16 Seól, an bhroinn aimrid, an talamh nach féidir a sháitheadh le huisce, agus an tine nach ndeir riamh: “Is leor sin.” 17 An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í. 18 Tá trí nithe a théann díom a thuiscint, agus ceithre cinn nach mbainim ciall astu: 19 Bealach iolair sa spéir, bealach nathrach ar an gcarraig, bealach loinge i lár na mara, agus bealach fir le maighdean. 20 Seo é bealach an adhaltraigh mná: itheann sí bia agus glanann a béal agus deir: “Ní dhearna mé aon ní as an tslí.” 21 Baineann trí nithe crith as an talamh, agus tá ceithre cinn nach féidir leis cur suas leo: 22 Daor nuair is rí, daoi nuair is sáitheach, 23 Bean thréigthe, nuair a phósann, agus daoirseach nuair a thógann [sí áit] a máistreása. 24 Tá ceithre nithe ar an talamh atá bídeach, ach is acu atá togha na gaoise: 25 Na seangáin, treibh gan neart iad, ach sa samhradh déanann siad deimhin dá soláthar: 26 Na coiníní carraige, treibh gan chosaint iad, ach cuireann siad fúthu sna carraigeacha. 27 Na lócaistí, níl rí orthu, ach máirseálann siad go léir faoi dhea-eagar. 28 An t‑earc luachra, d'fhéadfá greim a fháil air i do láimh, ach gnáthaíonn sé páláis ríthe. 29 Tá trí nithe ann le céim mhaorga, agus ceithre cinn go deimhin le hiompar stáidiúil: 30 An leon, an gaiscíoch ar na hainmhithe, nach dtugann cúl le haon ní; 31 An coileach ag starrfach i measc na gcearc, an pocán, taoiseach an tréada, agus an rí [ag aitheasc] a phobail. 32 Má bhí sé de bhaois ionat dul le mire, agus go bhfuil aiféala anois ort, buail bos ar do bhéal; 33 Óir déantar cuigeann le maistriú, tagann fuil as an tsrón nuair a bhrúitear í, agus tagann aighneas as an bhfearg nuair a adhntar í. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart