Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 30:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Gach briathar a labhraíonn Dia, seasann sé trial na fírinne; is sciath é do gach duine a théann ar a choimirce.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Is fíorghlan gach uile bhríathar Dé: is sciath é don mhéid chuirios a ndóigh ann.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 30:5
17 Tagairtí Cros  

Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”


Dia seo againn, tá a shlí gan cháim; níl fochall i bhfocal an Tiarna; is sciath é don mhuintir go léir a théann faoina dhídean.


Tástáladh do bhriathar go dearfa agus is geal le do ghiolla é.


“Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht éireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna. “Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”


Is é siúd mo ghrá agus mo dhaingean; is é mo dhún é agus m'fhuascailteoir; mo sciath é ina gcuirim mo dhóchas; cuireann sé ciníocha faoi mo smacht.


Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,


Is tríotsa a bhearnaím na sluaite; le cabhair Dé a ghabhaim de léim thar balla.


Tá slí Dé gan mháchail, tá briathar an Tiarna arna phromhadh. Is é is sciath go dearfa do chách a thriallann chuige.


Tá dlí an Tiarna gan cháim: athbheonn sé an t‑anam. Is iontaofa í fianaise an Tiarna, a thugann eagna don fhíréan.


Is iomaí duine a deir mar gheall orm: “Níl slánú ar bith dó i nDia.”


B'fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna ná míle lá in aon áit eile. B'fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.


deir sé leis an Tiarna: “Mo dhídean is mo dhaingean tú; mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.”


Bíonn a eagna stuama in áirithe aige do na fíréin; is sciath é don mhuintir a chaitheann a saol go macánta.


Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.


Más ea, is rud naofa é an dlí agus is rud naofa í an aithne, rud cóir maith.


Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí