Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 30:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Ná déan daor a ghearán lena mháistir, le heagla go gcuirfeadh sé mallacht ort agus go mbeadh thiar ort dá bharr.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Ná déan casáoid ar sheirbhíseach ré na mhaighistir, deagla go mailleochadh sé thú, agus go bhfuighthi dáor thú.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 30:10
18 Tagairtí Cros  

Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.


Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t‑arbhar i dtaisce; ach beannacht ar an té a dhíolann é.


An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche; ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air.


Rud eile de, ná tabhair aird ar gach focal a labhraítear ar eagla go gcloisfeá do shearbhónta do do cháineadh.


Agus cé hé tusa chun breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Seasann sé nó titeann sé i láthair a mháistir féin. Agus is seasamh a dhéanfaidh sé mar tá sé ar chumas an Tiarna é a choimeád ina sheasamh.


Seachain agus ná scaoil an smaoineamh suarach seo isteach i do chroí, ‘Tá an seachtú bliain, bliain na fuascailte láimh linn,’ agus féachaint le doicheall ar do bhochtán bráthar agus gan aon ní a thabhairt dó, agus go nglaofadh sé ar an Tiarna i d'aghaidh, agus gur pheaca duit é.


“Ná tabhair suas dá mháistir daor a d'éalaigh uaidh agus a tháinig chugat.


Ina dhiaidh sin tháinig Dáiví amach as an bpluais freisin agus scairt sé ar Shól á rá: “A Thiarna, a rí!” Nuair a bhreathnaigh Sól ina dhiaidh, chrom Dáiví síos go talamh agus d'umhlaigh dó.


Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’


Dúirt Dáiví leis: “An dtreoroidh tú síos chun na ceithirne seo mé?” D'fhreagair sé: “Mionnaigh dom dar Dia nach maróidh tú mé, ná mé a thabhairt i láimh mo mháistir, agus treoróidh mé síos chun na ceithirne seo thú.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí