A fhiora, bíodh grádh aguibh dá bhur mnáibh, mar do ghrádhuigh Críosd a neagluis, agus tug sé é féin air a son;
A mhná, bíghidh úmhal dá bhur bhfearuibh féin, amhuil do bhíadh sibh don Tíghearna. Ar a nadhbharsin gur ab é an fear ceann na mná, amhuil a sé Críosd ceann na heagluise: agus is é slánaightheóir na cuirpé.
Uime sin fúigfidh an fear a athair, agus a mhathair, agus ceangóluidh da mhnáoi: agus béid na náoin fheóil.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc; Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne; Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.
Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh; Achd ní mar sin fúarabhairse foghluim Chríosd; Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:) Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin; Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne; Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd. Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn. Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal. An tí do rinne goid ná gadah ní sá mhó: achd go madh luáithe dheánas sé sáothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbíádh ní aige ré thabhairt don tí air bhfuil ríachdanus. Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha. Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.
¶ Cuir misi mar shéala air do chroidhe, mar shéala air do righe: óir is láidir an grádh amhuíl an bás; is fíochmhar an téud mar a nuáigh: is sméaróide teineadh a smearóide sin, agá mbí lasair ro dhíbhfheirgeach. Ní fhéaduid mórán uisgeadh an grádh do mhuchadh, ní mó fhéaduid na tuilte a bháthadh: dá ttugadh duine uile mhaóin a thighe ar ghrádh, do dísbeagfuidhe é thríd amach.
Tugadh an fear a dúalgus féin don mhnáoi: agus an bhean don fhior mar an gcéudna. Agus an dream do ní cáoi, mar dhruing nach déún cáoi; agus an dream do ní gáirdeachus, mar luchd nach dein gáirdeachus; agus an dream cheannchus, mar dháóinibh gan sealbh aca; Agus an dream chaitheas an sáoghalsa, mar dhruing nach ccaitheann é: óir imthigh sgéimh an tsáoghailse thart. Agus bá mian leam sibhse do bheith gan rochúram. An té nach bí pósda, bí ouram na néitheann bheanus ris an Tighearna air, cionnus budh fhéidir ris toil an Tighearna do dhéunamh: Achd an té bhíos pósda bí cúram na neitheann sáoghalta air, cionnus búdh fhéidir leis toil a mhná do déunamh. Atá dithfir eidir bean agus máighdion. Bí curam na neitheann nbheanus ris an Dtighearna air an mnáoi nach bí pósda, ionnus go mbíadh sí náomhtha a gcorp agus a spioraid: achd bí cúram na neitheann bheanus ris an sáoghal ar an mnáoi bhíos pósda, cionnus búdh fhéídir ría toil a fir do dhéunamh. Agus is ar mhaith libhse a deirim na neithesi; ní chum bhur ngabhála a ndúl, achd chum an ní noch is damhail, achd ionnus go cceangalfadh sibh don Tighearna gan trioblóid. Achd dá sáoilidh éinneach nach iomchubhaidh dhá mhaighdin bláth a haimsire do léigean tháirrsi, agus gur cóir a dhéanamh mar sin, déunadh mar is áill ris féin, ní bhfuil peacadh dhó ann: pósdar íad. Achd an tí atá dearbhtha as a chroidhe féin, ar nach bhfuil riachdanus, agus fhéudus a thoil féin do cheannsughadh, agus do chuir so roimhe iona chroidhe a mhaighdean do choimhéud, is maith do ní sé é. Uime sin is maith do ní an té do bheir dfior í; achd is fearr do ní an té nách tabhair dfior í. Atá an bhean ceangailte ó dhligheadh ar feadh sháoghail a fir; gidheadh dá bhfaghuidh a fear bás, atá sí sáor ré pósadh ris an tí as áill ría; amháin sa Dtighearna. Ní ag an mnáoi atá cumus a cuirp féin, achd ag an bhfear: agus ní ag an bhfear atá cúmus a chuirp féin mar an gcéudna, achd ag an mnáoi. Achd do réir mar sháoilimse, as mó is beannaighe í da nanaidh sí mar sin: agus is dóigh leamsa go bhfuil Spiorad Dé agum féin. Ná meallaidh a chéile, achd amháin do thoil a chéile air feadh tamuill, chum sibh féin do thabhairt do throsgadh agus dúrnaighe; agus a rís taguidh a gceann a chéile, deagla go gcuirfeadh Satán cathughadh oraibh tre bhur neamhgheanmnuidheachd.
Cía fhéadas bean shubhailceach dfagháil? óir atá a lúach a bhfad ós cionn péarladh.
As onórach an pósadh a measg na nuile, agus an leabuidh neamhshalach: achd béuruidh Día breith ar luchd na drúise agus a nadhaltrannuis.
Uime sin gráidheadh gach áon aguibh a bhean mar é féin; achd go mbíadh an bhean eaglach riomh an bhféar.
Gidheadh ní bhfuil an fear a néugmhais na mná, ná an bhean a néugmhais a nfir, sa Dtighearna.
A mhnám, bíghidh úmhal da bhur bhfearuibh, mar is cubhaidh sa Dtíghearna. A fhiora, grádhuighe bhur mná, agus ná bíghidh searbh dhóibh.
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, A ne nar léaghabhair, an té do chruthuighe íad ó thus gur fear agus bean do rinne sé íad, Agus go ndubhairt sé, Ar a nadhbharsafúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus ceangalfuidh sé dhá mhnáoi: agus béid a ráon na neinfhéoil a mhain? Ar a nadhbharsin ní bhfuilid feasda na ndís, achd na néinfhéoil. Uime sin an ní do cheanguil Díam ná sgáoileadh duine é.
Bíodh thfúarán beannuighe: agus lúathgháirigh lé mnaói phósta hoige. Bíodh sí mar a neilit ghrádhuigh agus a nagh thaitneamhuigh; sásuigheadh a cíocha thú gách uile náir; agus líontar thú a gcomhnuighe le na grádh.
A fhíora, mar an gcéudna, déunuidh cómhnuighe a bhfochair bhur mban mar is cubhaidh do dhaóinibh iúlmhara, ag tabhairt onóra don mhnaói, amhuil don tsoitheach as laige, amhail fós atá sibh bhar gcómhóighribh ghrás na beatha; deagla thoirmisg do chur ar bhur nurnuighibh.
An bhean shubhailceach is coróin dá fear í: acht an bheán náirighios é is lobhadh iona chnámhaibh í.
Dá bhrígh so fúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus bíadh sé ceanguilte dhá mhnáoi, agus béid a ráon na náoin fheóil.
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.
Biodh na mná, mar an gcéudna, úmharl dá bhfearuibh fein; ionnas, go bhféudfuidhe an dream nach dtabhair úmhlachd don bhréithir, do tharruing a bhféugmhuis na bréithre tré choinbhearsáid na mban; Oír gidh bé agá bhfuil dúil ann a bheatha, agus ré ar mían laéthe maithe dfaicsin, congmhadh sé a theanguidh na tochd ó olc, agus a bhéul ó mheabháil a labhairt: Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith; iárradh an tsíothcháin, agus leanadh dhi. Oír atáid súile an Tíghearna ar na fíreunuibh, agus a chlúasa osguilte dha nurnuighe: achd atá gnúis an Tíghearna a naghuidh na druinge do ní na huile. Agus cía dhéunas olc oruibh, má leanann sibh don mhaith? Gidheadh fós má fhuilngthidh ar son na firéuntachda, atá sibh beannuighe: agus ná bíodh eagla mar a neaglasan oruibh, agus ná bíghidh buáidheartha; Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas: Ar mbeith do choinnsías maith aguibh: ionnas, an tan labhruidh go holc oruibh, mar luchd míghníomh, go mbíadh náire orrtha ag fagháil lochda ar bhur ndeaghchoinbhearsáid a Gcríosd. Oír is fear dhíbh, mas amhluidh as toil lé Día é, fulang ag déunamh maitheasa, ná ag déunamh uile. Oír do fhulaing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun, ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé, do bhásuigheadh é a dtáobh na colla, achd do béodhaigheadh é ris an Spioruid: Tré a ndeachuigh sé fós do sheanmóir do na spioraduibh a bpríosún; An tan chífid síad bhur gcoinbhearsáid gheanmnuidh maille re faitcheas.
Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealughadh ré na fear. Achd má dhealuigheann sí ris fhanadh sí gan phósadh, nó bíodh sí réidh ré na fear: agus ná ligeadh an fear a bhean.
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
Tigh agus saidhbhrios isé oighreacht a nathar: agus is ón TTIGHEARNA atá an bhean ghlic.
Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.
Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh: Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
Mar sin do chruthaidh Día an duine an a iomháigh féin, a níomháigh Dé do chruthaidh sé é; feardha agus bannda do chruthaidh sé íad. Agus do bheannuigh Día íad, agus a dubhairt Día ríu, Bíodh sibh tórrthach, agus méuduighidh, agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é: agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaith an aéir, agus ós cionn an uile neithe chorruigheas ar an ttalamh.
Féuch, atá tú sgíamhach, a ghrádh; féuch, atá tú scíamhach; atáid súile coluim agad. Féuch, atá tú breágha, a ghrádh, agus, taitneamhach: atá fós ar leabuidh glas.
Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach léigfeas a bhean, (achd amháin ar son adhaltrannais,) go dtugann se uirrthe adhaltrannas do dhéunamh: agus an té do bhéaraidh an bheansin do léigeadh do ní sé adhaltrannas
Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.
Cuiridh gach aóinbhean chríonna a tigh súas: acht leagaidh a namaid síos é le na lámhaibh féin.
Is goirid do chuáidh mé úatha, a núair fuáir mé an té ghrádhuighios manam: do chonnuimh mé é, agus níor leig mé dhó imtheacht, nó go ttugas go tigh mo mhathar é, agus go seomra na mná do ghabh a mbroinn mé.
Tuilleadh eile a dtáobh ná neitheann do sgríobh sibh chugam: is maith dfear gan buáin ré mnáoi. Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealughadh ré na fear. Achd má dhealuigheann sí ris fhanadh sí gan phósadh, nó bíodh sí réidh ré na fear: agus ná ligeadh an fear a bhean. Achd a deirimsi re cách, agus ní he an Tighearna: Dá raibh nean gan chreideamh ag dearbhráthair ar bith, agus go dtig a háonta ar fhuireach na fhochair, ná cúireadh úadh í. Agus an bhean agá bhfuil fear gan chreideamh, agus go dtig a áonta ar fhuireach na fochair, na cuireadh sise uáithe é. Oír atá an fear gan chreideamh, ar na náomhadh sa mnáoi, agus atá an bhean gan chreideamh ar na náomhadh san bhfear: nó do bhíadh gan amharus bhur gclannsa neamhghlan: achd a nois atáid síad náomhtha. Gidheadh dá ndealuighe an duine gan chreideamh é féin, bíodh sé dealuighthe. Ní bhfuil dearbhráthair, nó deirbhshíur fá dháoirse ann a leíthid so do chás: achd is chum siothchána do ghoir Día sinn. Oír gá fios duit, a bhean, nach sláinneochthá an fear? nó gá fios duit, a fhir, nach slainneochtha an bhean? Achd do réir mar do roinn Día a thiodhlaice ré gach éunduine, do réir na gárma tug an Tighearna dá gach áon, go madh hamhluidh sin shiubhalfus sé. Agus is mar sin órduighimse sna huile eagluisibh. An bhfuil éinneach ar na ghairm ar mbeith dhó timchillghéarrtha: ná híarradh sé a bheith neimhthimchillghearrtha. An bhfuil éinneach ar na ghairm gan bheith dhó timchillghéarrtha: na timchillghearrthar é. Ní bhfuil éifeachd sa timchillghearradh, agus ní fhuil éifeachd sá neimhthimchillghearradh, achd a gcoimhéud aitheantadh Dé. Gidheadh, do sheachna sdríopachais, bíodh a bhean féin ag gach áoinneach, agus a fear féin ag gach éunmhnáoi.
Atá an bhean ceangailte ó dhligheadh ar feadh sháoghail a fir; gidheadh dá bhfaghuidh a fear bás, atá sí sáor ré pósadh ris an tí as áill ría; amháin sa Dtighearna.
Achd a deirimsi ribh, Gidh bé neach léigfead a bhean, achd ar so striopachuis, agus do phosas bean eile, go ndéanann sé adhaltrannas: agus gidh bé phósas an bhean do légeadh go ndéanann sé adhaltrannas.
Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so.
Atá a bhéul ro mhilis; atá sé fós, thríd amach go grádhach: isé so mo ghrádhsa, agus isé so mo chara, ó a ingheana Ierusalem.
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
Bíodh bhur ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc; agus ceangluigh don mhaith.
Tré ghliocas do nithior tigh dfoirgneadh; agus le tuigsi daingnighthior é: Do ghabh mé láimh re machaire an duine fhallsa, agus láimh ré fíneamhuin an duine gan tuigsin; Agus, féuch, do bhí sin uile ar bhfás thairis do dhosánuibh, agus dfoluigh a neantóg a aghuidh, agus do bhí a bhalla cloiche briste sios. Annsin do chonnairc mé, agus do mheas mé go maith é: dféuch mé air, agus do ghabh mé teagasg. Beagan codalta fós, néull beag, filleadh beag na lámh air a cheile chum codalta: Marsin tiucfuidh do bhochtuine mar áon bhías ar siubhal, agus do ríachtanas mar dhuine armtha. Agus lé héolus líonfuighthear na séomradha le gach uile shaidhbhrios mhórluáidh shólasach.
Agus bá mian leam sibhse do bheith gan rochúram. An té nach bí pósda, bí ouram na néitheann bheanus ris an Tighearna air, cionnus budh fhéidir ris toil an Tighearna do dhéunamh: Achd an té bhíos pósda bí cúram na neitheann sáoghalta air, cionnus búdh fhéidir leis toil a mhná do déunamh. Atá dithfir eidir bean agus máighdion. Bí curam na neitheann nbheanus ris an Dtighearna air an mnáoi nach bí pósda, ionnus go mbíadh sí náomhtha a gcorp agus a spioraid: achd bí cúram na neitheann bheanus ris an sáoghal ar an mnáoi bhíos pósda, cionnus búdh fhéídir ría toil a fir do dhéunamh.
Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd: Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.
A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.
Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.
Agus tug Isaac leis í go Pubuil a mhathar Sárah, agus do ghabh chuige Rebecah, agus do bhí na mnáoi aige; agus do ghrádhuigh í: agus do comhfhurtachduigheach Isaac déis bháis a mhathar.
Ná tréigeadh trócaire agus fírinne thú: ceangail fad bhrághaid íad; scríobh íad ar chlár do chroidhe: Ná ceannairg ré duine gan adhbhar, muna ndéarna sé dochar ar bith dhuit. Ná bí tnúth agad ris an bfoiréigeantach, agus ná tógh áon dá shlighthibh. Oir is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA an ceannairgeach: acht atá a shecréid ag an bhfíréun. Atá mallacht an TIGHEARNA a ttigh an drochdhuine: acht beannuighidh sé áitreabh a nionnruic. Go dearbhtha tarcuisnighidh sé na tarcuisnigh: acht do bheir sé grása do na huiríslibh. Gheabhuidh an duine glic oighreacht ghlóire: acht is náire bhus árdughadh do na hamadánuibh. Marsin do gheabha tú fabhar agus tuigsi mhaith a radharc Dé agus duine.
Oir gidh be aít ann a bhfuilid días nó tríur ar ná gcruinneaghadh am ainmsi, a táimsí ann sin ann a lár súd.
Muna bhfoirgníghe an TIGHEARNA an tigh, is díomhaóin oibrighid an lucht fhoirgnighios é: muna ccumhduighe an TIGHEARNA an chathair, is go díomhaóin do ní an fear coimhéada faire.
A deir seisean riu, Do fhuluing Máosi dháoibhsi ar son cruáis bhur gcroidheadh bhur mná do léigean: achd cheana ní mar sin do bhí se ó thus.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú.
Agus do aithneamhar agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Is grádh é Día; agus an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a Ndía, agus Día annsan.
Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach.
Oír a sí so toil Dé, sibhse do bheith náomtha, ionnus go seachnochadh sibh sdríopachus: Agus fios do bheith ag gach áon aguibh ar a shoitheach féin do chongmháil a náomthachd agus a nonóir;
¶ Do labhair mo ghradh, agus a dubhairt sé riom, Eirigh súas, a ghrádh, mo áon bréadha, agus tárr liomsa. Oír, féuch, do chuáidh an geimhreadh thoruinn, atá a nfearthuinn thoruinn agus ar nimtheacht; Taisbeanuid na blátha air an ttalamh; tháinig aimsir ceóil na néun, agus do chlos guth a nfearáin ionar ttírne;
Ionnus go ndéanadh náomtha í ar na glanadh dhó a nighe uisge trés an mbréithir, Chum a déunta dhó féin na heagluis ghlórmhuir, gan cháidhe, gan chasadh, ná ní as cosmhuil ríu sin; achd ionnus go mbíadh sí náomhtha neimhchionntach.
Cuiridh croidhe a fir a dhóigh go daingionn inte, iondus nach bia ríachtanas re creich aige. Do dhéana sí maith dhó agus ní holc air feadh láethe a sáoghail.
Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas?
Uime sin úmhluighe sibh féin faói laimh chúmhachduigh Dé, chum bhur nárduighe dhó a nam iomchubhaidh: Téilgidh bhur nuile chúram airsion; óir is cúramach é bhur dtimchioll.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.
Seachuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntachd, do chreideamh, do ghrádh, do shíothcháin, maille ris an druing ghoireas air an Dtíghearna ó chroidhe ghlan.
Mar bhios a nabhall a measg chrann na coilleadh, marsin bhios mo ghrádhsa a measg na mac. Do shuigh mé síos fa na scáth maille re duil mhóir, agus do budh milis a thoradh dom charbad. Rug sé go tigh na fleidhe mé, agus ba hí a bhratach a ghrádh dhamhsa.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh; Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid; Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Agus gidh bé ar bith ní dhéuntaói a mbreithir nó a ngníomh, déantar íad uile a nainm an Tíghearna Iósa, ag breith bhuídheachais díbh ré Día eadhon an Tathair thrídsion.
Uime sin mas íthe, nó ibhe dháoibh, nó gidh bé ar bith ní do ní sibh, go madh chum glóire Dé dhéana sibh na huile neithe.
Tárla trocaire agus fírinne ré chéilé; do phógadar a nfíréantacht agus an tsíothcháin ar oile.
An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.
Ná dearmaduigh maith agus cúmann do dhéunamh: óir dí dúil ag Día ann a samhuil sin díobarthuibh.
Agus, a aithreacha, ná brosduighe bhur gclann chum feirge: achd tógbhuidh súas íad a dteagusg agus a bhfoircheadal an Tíghearna.
Is le mo ghrádh misi agus is liomsa mo ghrádh: atá sé dhá bhíathadh a measg na lileadh.
Uime sin gabhaídh chugaibh a chéile, do réir mar do ghabh Críosd sinne chuige chum glóire Dé.
Oir atá bríathar Dé beó, agus bríoghmhar, agus ní sa ghéire ná clóidheamh ar bith dhá fháobhar, agus téid sí thrín a steach go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breathamh í ar smúaintighibh agus ar bhreathnuighibh an chróidhe.
Is meallta an dathamhlachd, agus is díomhaoin an scéimh: acht an bhean eagluighios an TIGHEARNA, is isi mholfuighthear.
Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin. Air so aithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.
Agus má atá aonduine nách déun soláthar dá dháoinibh féin, agus go mórmhór do luchd a thíghe, do shéun sé an creideamh, agus is measa é ná neach gan chreideamh.
Atáim am bhalla, agus mo chíche cosmhuil ré toruibh: annsin do bhí mé iona shúilibhsion mar áon do fuáir fabhar.
Gidheadh muna féidir ríu íad féin do chongmháil geanmnuidh, pósadh síad: óir as fearr pósadh ná bheith ar lasadh.
Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.
Tuguidh onóir do na huile dhaóinibh. Grádhuighe na dearbhráithre. Bíodh eagla Dé oruibh. Tuguidh onóir don rí.
Cía hí so thig a níos ón bhfásach, ag luidhe air a grádh? do thóg mé súas thú faói an chrann abhaill: annsin thug do mháthair amach thú: annsin thug sí amach thú noch do rug thú.
Achd do réir mar do roinn Día a thiodhlaice ré gach éunduine, do réir na gárma tug an Tighearna dá gach áon, go madh hamhluidh sin shiubhalfus sé. Agus is mar sin órduighimse sna huile eagluisibh.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Oír do bfearr leam go mbíadh na huile dháoine mar mé féin. Gidheadh atá a thiodhlacadh féin ag gach éunduine ó Dhía, ag neach mar so, agus ag neach eile mar súd.
Achd do réir mar sháoilimse, as mó is beannaighe í da nanaidh sí mar sin: agus is dóigh leamsa go bhfuil Spiorad Dé agum féin.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Agus do rinne Iacob seirbhis sheachd mblíadhan do cheannach ar Ráchel; agus níor tai hsiughadh dhó íad ach na mbeagán láethe, do mheid an ghradh do bhí aige uirre.
Gidheadh as mian riom a fhíos do bheith aguibh, gurab é Críosd ceann gach fir; agus gur ab é an fear ceann na mná; agus gur ab é Día ceann Chríosd.
¶ Guth mo ghrádhuigh! féuch, atá sé ag teacht a léimnigh ar na sléibhtibh, ag tuflógadh ar na cnocaibh.
Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
Gáirid na fíréin, agus do chluin an TIGHEARNA, agus sáoruidh íad ó na nuile anacra. As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Uime sin don tí lér féidir na huile neithe do dhéunamh go hiomarcach tar mar iarrmuid nó mar smuáinemíd, do réir an chúmhachd oibrigheas ionnain, Don tí sin glóir sa neagluis tré Iósa Críosd ó dhíne go dine, go sáoghal na sáoghal. Amén.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna.
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
Feuch, atá tú sgíamhach, a ghrádh: féuch, atá tú breágha; atáid suile coluim agad ann do chiabhuibh: atá do ghrúag amhuil tréud gabhar, noch do chíthior ó shlíabh Gílead.
Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
Ní fhacuidh éinneach Día riamh. Dá raibh grádh aguinn dá chéile, atá Día na chómhnuighe ionnuinn, agus atá a ghrádh go diongmhálta ionnuinn.
Cíodh a bhreágha agus cred é a ghlórmhuire ataói, chum aoibhnis, a ghrádh! Is cosmhuil hárrachdus ré crann pailme, agus do chíche ré tríopaill cáor.
Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid: Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh. Tuguidh aóidheachd dá chéile gan monmhar.
As úabhar amháin thig an cheannairg: acht bí eagna ag na daóinibh deagh-chomhairleacha.
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Ataim ar tteacht dom gháirdín, a dheirbhshíur, a bhainchéile: do chruinnigh mé mo mhirr, agus mo spíosradh; a duáidh mé mo chríathar meala maille re mo mhil; dibh mé mfíon lem bhainne: ithidh, a chairde; ibhidh, ibhidh fós go lór, a áos grádha.
Agus is ar mhaith libhse a deirim na neithesi; ní chum bhur ngabhála a ndúl, achd chum an ní noch is damhail, achd ionnus go cceangalfadh sibh don Tighearna gan trioblóid.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha.
Agus is mar an gcéadna fhóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní bhfuil a fhios aguinn créd do íarrfadhmaóis a nurnuighe mar budh cóir: achd do ní an Spiorad féin urnuighe air ar son lé hosnaidhibh dó-innse.
Bíodh bhur gcomhrádh do ghnáth grásamhuil, ar na thumadh a salann, ionnas go mbíadh a fhios aguibh cionnas as coir dhíbh gach áon do fhreagra.
¶ Déan deithnios, a ghrádh, agus bí cosmhuil re heilit nó ré fíadh óg ar shlíabh na spíosradh.
Teagaisg an leanabh sa ntslighe ann ar choir dho imtheachd: agus tan bhías sé áosta, ní thréigfidh sé í.
Ata dfiachaibh orainne an dream atá láidir éugcrúas na ndáoineadh meirbh diomchar, agus gan ar dtoil féin do leanmhuin. Agus a deir sé a rís, Déunaidh gáirdeachus, a Chineadhacha, maille ré na phobal. Agus a rís, Molaidh an Tighearna a uile Chineadhacha, agus a phuibleacha uile, molaidh é. Agus a ris a deir Esaías, Biáidh fréamh Iesse ann, agus an tí éireochas chum na Ccineadhach do sdiúradh; cuirfid na Cineadhacha a ndóthchas ann. Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh. Agus a dhearbhráithreacha, as dearbh leamsa féin bhir dtáobhsa, go bhfuilti lán do mhaith, ar mbeith dháoibh líonta do ghach uile éolas, agus go dtig dháoibh fós a chéile do theagusg. Gidheadh fós, a bhráithreacha, do sgríobh mé chugaibh a gcáil maille ré ghé dhánachda, mar do bhéinn dá bhur gcur a gcuimhne, trés an mgrás tugadh dhamh ó Dhía, Ionnus go mbéinn am óglach ag Iósa Críosd a measg na Gcineadhach, ag miniosdralachd soisgéil Dé, do chum go mbeith gean ar ofrail na Gcineadhach, ar mbeith dhi náomhtha trés an Spiorad Náomh. Uime sin atá adhbhar gáirdeachais agam a Niósa Críosd sna neithíbh úd ata a ttáobh Dé. Oír ní bhía mé daná ar éainni do labhairt nar oibridh Críosd thríom, chum úmhlachda na Gcineadhach, a mbréithir agus a ngníomh, Maille ré cúmhachd chómharthadh agus mhíorbhuileadh, tré neart Spioraide Dé; ionnus gur chóimhlíon mé soisgéil Chríosd, ó Ierusalem, agus na timcheall go soithe Illiricum. Uime sin déunadh gach áon aguinn toil a chomharsan ré maith chum follamnuighe.
Ionnus go dtíubhradh sé dhibh, do réir shaidhbhris a ghlóire, bheith láidir neartmhar tré na Sbioruid sa duine don táobh a stigh; Ionnus go ndéanadh Críosd comhnuidhe tré chreideamh ann bhur gcroidhthibh:
Ar bhur neartughadh maille ris a nuile neart, tré na chúmhachd glórmharsan, chum na huile fhoighide agus fhulaing maille ré gáirdeachas;
Is cosmhuil focal labharthar go hiomchubhaidh ré húbhlaibh óir a bpictíuruibh airgid.
Seachnuidh sdríopachas. Atá gach peacadh dá ndéanann duine leith amuigh don chorp; achd an tí do ní sdríopachas do ní sé peacadh a naghaidh a choirp féin. A né, nach bhfuil a fhios aguibh, gur ab é bhur gcorp teampoll an Spiorad Náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nach libh fein sibh? A né nach bhfuil a fhions aguibh go mbéuraid na náoimh breath ar an dómhan? agus más ribhse bheirthar breath ar an dómhan, a né nach fíu sibh bheith bhur mbreitheamhnuibh ar na hadhbharaibh is lúgha? Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san. Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é.
Connaimh mé ré flagúnaibh, comhfhurtaigh ré hubhalluibh mé: óir atáim tinn tré ghrádh.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.