Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Ach is é a deirimse libh, gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean, taobh amuigh de chás an striapachais, ligeann sé le hadhaltranas í, agus duine ar bith a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Ach deirimse nach bhfuil duine dá scarann lena bhean, ach amháin as siocair a mígheanmnaíochta, nach mbíonn ag déanamh banadhaltraigh di; agus an té a phósas bean dhealaithe, bíonn sé ciontach in adhaltranas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Acht deirim-se libh: Cibé a chuirfeas uaidh a bhainchéile, acht amháin i gcás drúise, go dtabhrann sé uirthí adhaltranas a dhéanamh: agus cibé a phósfas í sin a cuireadh ar shiubhal, ghní sé adhaltranas.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 acht adeirim‐se libh, cibé duine chuireas uaidh a bhean, acht amháin mar gheall ar adhaltrannas, go ndéanann sé ban‐adhaltrannach dhí: agus cibé duine phósfas an bhean do scaoileadh, do‐ghní seisean adhaltrannas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach léigfeas a bhean, (achd amháin ar son adhaltrannais,) go dtugann se uirrthe adhaltrannas do dhéunamh: agus an té do bhéaraidh an bheansin do léigeadh do ní sé adhaltrannas

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Ach de rim-se libh, aoinne a chuirfidh uaidh a bhean phósta, ach mar gheall ar adhaltranas amháin, go gcuireann se i dtreó í chun adhaltranais a dhéanamh, agus an t-é a ghlacfaidh mar chéile an bhean díbeartha deineann sé adhaltranas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Ach is é a deirim-se libh, gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean, taobh amuigh de chás an striapachais, ligeann sé le hadhaltranas í, agus duine ar bith a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:32
12 Tagairtí Cros  

Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid.


Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí.


“Gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh óna fear, déanann sé adhaltranas.


Agus bhí beirt fhear ag agallamh leis - b'iad Maois agus Éilias iad -


Agus tháinig glór as an scamall ag rá: “Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!”


Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile.


Mar ní ag an mbean atá ceannas ar a corp féin ach ag a fear; agus an fear mar an gcéanna, ní aige atá ceannas ar a chorp ach ag an mbean.


d'imigh sí léi amach agus phós fear eile í.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí