Ó thús an chruthaithe, bhí an pósadh ceaptha ag Dia mar fhoinse beannaithe. Tá a fhios agam go bhfuil go leor rudaí ann a chuireann isteach ar phlean Dé dúinne agus a dhéanann dochar di.
Gach lá, feicimid méadú ar an éilliú agus ar an easpa moráltachta, agus tá an diabhal tar éis teacht isteach i gcroíthe go leor daoine atá tar éis cinneadh a dhéanamh Dia a thréigeadh, ag leanúint na peacaí agus na mianta míchearta a bhíonn ina gcroí.
Sa lá atá inniu ann, ní féidir pósadh cobhsaí, saor ó ghéarchéimeanna a bheith agat gan chabhair Dé, mar cabhraíonn sé linn inár laigí agus is féidir leis smacht a chur ar ár meon.
Nuair a bhíonn géarchéim agaibh, ní hé an réiteach éirí as agus gach rud a thréigeadh, ach dul i muinín an Spioraid Naoimh a chabhróidh libh agus a thaispeánfaidh an bealach ceart daoibh.
Mar sin, molaim daoibh leanúint ar aghaidh, mar is féidir libh gach rud a dhéanamh i nDia a thugann neart daoibh. Ná bíodh eagla oraibh, bíodh muinín agaibh as Dia, mar tá a chuid smaointe maidir libhse lán de shíocháin agus mian leis a ghlóir a thaispeáint trí bhur saol.
Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.
Bíodh bhur ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc; agus ceangluigh don mhaith.
Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.
Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin.
A fhiora, bíodh grádh aguibh dá bhur mnáibh, mar do ghrádhuigh Críosd a neagluis, agus tug sé é féin air a son;
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc; Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne; Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
Nár ab é a ní bheanus ris féin shírfeas neach ar bith, achd síreadh gan áon a ní rachus a sochar da chomharsuin.
Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh; Achd ní mar sin fúarabhairse foghluim Chríosd; Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:) Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin; Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne; Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd. Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn. Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal. An tí do rinne goid ná gadah ní sá mhó: achd go madh luáithe dheánas sé sáothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbíádh ní aige ré thabhairt don tí air bhfuil ríachdanus. Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha. Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.
A fhíora, mar an gcéudna, déunuidh cómhnuighe a bhfochair bhur mban mar is cubhaidh do dhaóinibh iúlmhara, ag tabhairt onóra don mhnaói, amhuil don tsoitheach as laige, amhail fós atá sibh bhar gcómhóighribh ghrás na beatha; deagla thoirmisg do chur ar bhur nurnuighibh.
Go mbeannuighe an TIGHEARNA sibh, agus go ccoimhéada sé sibh: Go niompóighe an TIGHEARNA a ghnúis shuilbhir ribh, agus go raibh grásamhuil dáoibh: Go ttógadh an TIGHEARNA a ghnuis maille ribh, agus go ttugaidh síothchain dáoibh.
Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.
A mbeannughadh go mbeannochad thú, agus a méodughadh go méideochuidh mé do shíol amhuil reulta nimhe, agus mar an ngaineamh ar thráigh na fairge; agus sealbhochuid do shíol geataidhe a námhad.
Mar sin do chruthaidh Día an duine an a iomháigh féin, a níomháigh Dé do chruthaidh sé é; feardha agus bannda do chruthaidh sé íad. Agus do bheannuigh Día íad, agus a dubhairt Día ríu, Bíodh sibh tórrthach, agus méuduighidh, agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é: agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaith an aéir, agus ós cionn an uile neithe chorruigheas ar an ttalamh.
As amhluidh sin as coir do na fearuibh a mná do ghrádhughadh mar a gcorpuibh féin. An tí ghrádhuigheas a bhean a sé féin ghrádhuigheas sé.
Ar a nadhbharsin ní bhfuilid feasda na ndís, achd na néinfhéoil. Uime sin an ní do cheanguil Díam ná sgáoileadh duine é.
As onórach an pósadh a measg na nuile, agus an leabuidh neamhshalach: achd béuruidh Día breith ar luchd na drúise agus a nadhaltrannuis.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Uime sin, a dhearbhráíthre grádhacha, bíodh gach áon ullamh chum éisdeachda, mall chum labhartha, mall chum feirge:
Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus gach gárrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbháil uáibh, maille ris a nuile olc: Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd: Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair? A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Biodh na mná, mar an gcéudna, úmharl dá bhfearuibh fein; ionnas, go bhféudfuidhe an dream nach dtabhair úmhlachd don bhréithir, do tharruing a bhféugmhuis na bréithre tré choinbhearsáid na mban; Oír gidh bé agá bhfuil dúil ann a bheatha, agus ré ar mían laéthe maithe dfaicsin, congmhadh sé a theanguidh na tochd ó olc, agus a bhéul ó mheabháil a labhairt: Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith; iárradh an tsíothcháin, agus leanadh dhi. Oír atáid súile an Tíghearna ar na fíreunuibh, agus a chlúasa osguilte dha nurnuighe: achd atá gnúis an Tíghearna a naghuidh na druinge do ní na huile. Agus cía dhéunas olc oruibh, má leanann sibh don mhaith? Gidheadh fós má fhuilngthidh ar son na firéuntachda, atá sibh beannuighe: agus ná bíodh eagla mar a neaglasan oruibh, agus ná bíghidh buáidheartha; Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas: Ar mbeith do choinnsías maith aguibh: ionnas, an tan labhruidh go holc oruibh, mar luchd míghníomh, go mbíadh náire orrtha ag fagháil lochda ar bhur ndeaghchoinbhearsáid a Gcríosd. Oír is fear dhíbh, mas amhluidh as toil lé Día é, fulang ag déunamh maitheasa, ná ag déunamh uile. Oír do fhulaing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun, ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé, do bhásuigheadh é a dtáobh na colla, achd do béodhaigheadh é ris an Spioruid: Tré a ndeachuigh sé fós do sheanmóir do na spioraduibh a bpríosún; An tan chífid síad bhur gcoinbhearsáid gheanmnuidh maille re faitcheas.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann. Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.
Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealughadh ré na fear. Achd má dhealuigheann sí ris fhanadh sí gan phósadh, nó bíodh sí réidh ré na fear: agus ná ligeadh an fear a bhean.
Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Gidh bé cheilios sárughadh íarruidh sé grádh; acht gidh bé athnúaighios cúis dealnigh sé cáirde.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
Achd a dubhairt sé riom, Is lór dhuit mo ghrássa: óir iomlánuighthear mo chúmhachdasa a néugcrúas. Uime sin budh ró mhóide mfonn mórdháil do dhéunamh as méugcrúasuibh, ionnus go ndéanadh cúmhachd Chríosd cómhnuidhe ionnam.
Cía fhéadas bean shubhailceach dfagháil? óir atá a lúach a bhfad ós cionn péarladh.
Gáirid na fíréin, agus do chluin an TIGHEARNA, agus sáoruidh íad ó na nuile anacra. As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh: Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
Admhuighe bhur gcionta dhá chéile, agus déunuidh guidhe ar son a chéile, chum go leighéosfuidh sibh. Oir as mór an bhrígh atá a nurnuighe dhúthrachduigh a nfíréin.
Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid; Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus: Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Tigh agus saidhbhrios isé oighreacht a nathar: agus is ón TTIGHEARNA atá an bhean ghlic.
Uime sin gráidheadh gach áon aguibh a bhean mar é féin; achd go mbíadh an bhean eaglach riomh an bhféar.
Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna: Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.
Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día.
An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;
Teilg do mhuirighin air an TTIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.