Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Seanfhocal 24 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ná bí in éad le hurchóidigh, ná ag tnúth lena gcuideachta.

2 Foréigean atá á bheartú ina gcroí acu, agus mailís atá ina mbéal acu.

3 Le heagna a thógtar teach agus le tuiscint a bhunaítear é.

4 Le barr eolais a líontar stórais, le maoin de gach sórt idir luachmhar agus tharraingteach.

5 Is fearr an críonna ná an tréan, fear na gaoise ná fear [an ghaisce].

6 Dea-threoir a bhuann cath, agus is le meitheal chomhairleoirí an chaithréim.

7 Tá an eagna ró-ard don amadán agus ní bhíonn smid as ag geata na cathrach.

8 An té atá ag beartú an oilc, tabharfar fear clampair air.

9 Níl ach an peaca á thaibhreamh do na hamadáin; is gráin le daoine an scigire.

10 Má chailleann tú do mhisneach, ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.

11 Fuascail an mhuintir atá á seoladh chun báis; tarrthaigh an mhuintir atá á mbreith chun a mbásaithe.

12 Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,” an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint, agus an té a bhreithníonn an t‑anam gan eolas? déanfaidh sé an t‑aisíoc is dual do bhearta duine.

13 Ith mil, a mhic, mar is maith í; is milis le blaiseadh an mhil a shileann ón gcriathar.

14 Sé an dála céanna é ag eagna do d'anam, bíodh a fhios agat; má fhaigheann tú í, tiocfaidh an lá amárach agus ní rachaidh do dhóchas amú.

15 Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin, agus ná déan a theach a chreachadh.

16 Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís; ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.

17 Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort; nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,

18 Le heagla go bhfeicfeadh an Tiarna agus nach mbeadh sé sásta, agus go n‑iompódh sé a fhearg uaidh.

19 Ná cuireadh lucht an oilc caduaic ort, agus ná bí in éad le drochdhaoine.

20 Óir níl aon ní i ndán don drochdhuine agus múchfar lóchrann an urchóidigh.

21 Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí, agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.

22 Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas, agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?


Cnuasach Eile

23 Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith: Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.

24 An té a deir: “Tá tú neamhchiontach,” leis an gciontach, ní bheidh ach mallacht i ndán dó ó na ciníocha agus fuath ó na náisiúin.

25 Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu, agus beidh beannacht orthu.

26 An té a thugann freagra ionraic, pógann sé do bheola, geall leis.

27 Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán, agus déan do phrapáil ar an machaire; imigh leat ansin agus tóg do theach.

28 Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar, agus ná meall daoine le briathra do bhéil.

29 Ná habair: “Tabharfaidh mé an cor céanna airsean agus a thug seisean ormsa; déanfaidh mé an cúiteamh is dual dóibh le cách.”

30 Ghabh mé thar ghort an leisceora, agus thar fhíonghort an duine gan chiall.

31 Féach, bhí brat de dheilgneach air, é clúdaithe le neantóga agus a bhalla cloch leagtha ar lár.

32 Rinne mé mo mhachnamh agus mé ag breathnú air agus d'fhoghlaim mé an ceacht seo ón radharc:

33 “Néal beag codalta, múisiam beag, agus na lámha a fhilleadh ar a chéile le scíth a ligean,

34 Ansin beidh an bhochtaine le d'ais mar bhithiúnach agus an ghannchúis mar robálaí.”

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí