A chairde, smaoinígí ar bhur mná céile. Gráigh í mar a ghráigh Críost an Eaglais agus a thug sé é féin ar a son. Féachaigí ar an ngrá sin, a chairde, agus lean a shampla.
Nuair a leanann muid comhairle Íosa ó na Scrioptúir Naofa, bíonn rudaí i bhfad níos fearr, agus ní haon eisceacht an pósadh. Chun go mbeidh síocháin agus comhchuibheas sa bhaile, tá sé tábhachtach go mbeadh an ceannaireacht soiléir.
Guí go rialta ar threoir Dé don saol, duit féin agus do do chlann. Léigh an Bíobla gach lá. Mair de réir phrionsabail an Athar, agus bí ag éisteacht le guth Dé i do chroí. Ar an gcaoi sin, beidh síocháin Chríost i do theach.
Ná bí sotalach ná bródúil. Caith le do bhean chéile go cúramach, mar shoitheach níos leochailí. Ansin, éistfear le do ghuí i n-ainm Íosa.
Cuimhnigh, a fhir, go gcaithfidh tú cuntas a thabhairt do Dhia as do ghníomhartha. Bí mar Íosa. Déan cinnte go bhfuil do ghníomhartha maith, go bhfuil siad fiúntach agus go dtaitníonn siad le d’Athair atá ar Neamh.
A fhiora, bíodh grádh aguibh dá bhur mnáibh, mar do ghrádhuigh Críosd a neagluis, agus tug sé é féin air a son;
Ar a nadhbharsin gur ab é an fear ceann na mná, amhuil a sé Críosd ceann na heagluise: agus is é slánaightheóir na cuirpé.
Agus má atá aonduine nách déun soláthar dá dháoinibh féin, agus go mórmhór do luchd a thíghe, do shéun sé an creideamh, agus is measa é ná neach gan chreideamh.
Tuilleadh eile a dtáobh ná neitheann do sgríobh sibh chugam: is maith dfear gan buáin ré mnáoi. Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealughadh ré na fear. Achd má dhealuigheann sí ris fhanadh sí gan phósadh, nó bíodh sí réidh ré na fear: agus ná ligeadh an fear a bhean. Achd a deirimsi re cách, agus ní he an Tighearna: Dá raibh nean gan chreideamh ag dearbhráthair ar bith, agus go dtig a háonta ar fhuireach na fhochair, ná cúireadh úadh í. Agus an bhean agá bhfuil fear gan chreideamh, agus go dtig a áonta ar fhuireach na fochair, na cuireadh sise uáithe é. Oír atá an fear gan chreideamh, ar na náomhadh sa mnáoi, agus atá an bhean gan chreideamh ar na náomhadh san bhfear: nó do bhíadh gan amharus bhur gclannsa neamhghlan: achd a nois atáid síad náomhtha. Gidheadh dá ndealuighe an duine gan chreideamh é féin, bíodh sé dealuighthe. Ní bhfuil dearbhráthair, nó deirbhshíur fá dháoirse ann a leíthid so do chás: achd is chum siothchána do ghoir Día sinn. Oír gá fios duit, a bhean, nach sláinneochthá an fear? nó gá fios duit, a fhir, nach slainneochtha an bhean? Achd do réir mar do roinn Día a thiodhlaice ré gach éunduine, do réir na gárma tug an Tighearna dá gach áon, go madh hamhluidh sin shiubhalfus sé. Agus is mar sin órduighimse sna huile eagluisibh. An bhfuil éinneach ar na ghairm ar mbeith dhó timchillghéarrtha: ná híarradh sé a bheith neimhthimchillghearrtha. An bhfuil éinneach ar na ghairm gan bheith dhó timchillghéarrtha: na timchillghearrthar é. Ní bhfuil éifeachd sa timchillghearradh, agus ní fhuil éifeachd sá neimhthimchillghearradh, achd a gcoimhéud aitheantadh Dé. Gidheadh, do sheachna sdríopachais, bíodh a bhean féin ag gach áoinneach, agus a fear féin ag gach éunmhnáoi.
As amhluidh sin as coir do na fearuibh a mná do ghrádhughadh mar a gcorpuibh féin. An tí ghrádhuigheas a bhean a sé féin ghrádhuigheas sé.
Tabhair do bheátha go gáirdeach a bhfochair do mná air a mbí grádh agad air feadh uile láethe sháoghail do dhíomhaóinis, noch thug sé dhuit faói an ngréin, uile láethe do dhíomhaóinis: óir isí sin do chuid annsa tsháoghalso, agus ann do sháothar do gheibh tú faói an ngréin,
Uime sin fúigfidh an fear a athair, agus a mhathair, agus ceangóluidh da mhnáoi: agus béid na náoin fheóil.
A fhíora, mar an gcéudna, déunuidh cómhnuighe a bhfochair bhur mban mar is cubhaidh do dhaóinibh iúlmhara, ag tabhairt onóra don mhnaói, amhuil don tsoitheach as laige, amhail fós atá sibh bhar gcómhóighribh ghrás na beatha; deagla thoirmisg do chur ar bhur nurnuighibh.
Oir an bhean atá pósda ré fear atá sí ceangailte dhé feadh a sháoghail do réir an reachda; gidheadh dá bhfághadh a fear bás, atá sise sáor ó reachd a nfir.
Agus a dubhairt seision ríu, Gidh bé ar bith duine léigfios a bhean, agus bhéuras bean eile, do ní se adhaltrannus na haghaidh.
As onórach an pósadh a measg na nuile, agus an leabuidh neamhshalach: achd béuruidh Día breith ar luchd na drúise agus a nadhaltrannuis.
Agus do ráidh an TIGHEARNA Día, Ní maith an duine bheith na áonar: do dhéuna mé cunghnamh dhó bhías iomchúbhaidh dhó.
Agus nach deárna seision áon? Gidheadh do bhí fuighioll don spiorad aige. Agus cred uime áon? As a níarrfadh sé síolta náomhtha. Uimesin tabhair aire dot spioraid, agus na déanadh duine ar bioth go fealtach a naghaidh mná a óige.
Atá an bhean ceangailte ó dhligheadh ar feadh sháoghail a fir; gidheadh dá bhfaghuidh a fear bás, atá sí sáor ré pósadh ris an tí as áill ría; amháin sa Dtighearna.
Gidheadh as mian riom a fhíos do bheith aguibh, gurab é Críosd ceann gach fir; agus gur ab é an fear ceann na mná; agus gur ab é Día ceann Chríosd.
Gidheadh, do sheachna sdríopachais, bíodh a bhean féin ag gach áoinneach, agus a fear féin ag gach éunmhnáoi.
Uime sin as coir deasbóg a bheith neamhlochdach, na fhior éunmhná, na dhuine fhaireach, mheassarrdha, mhacánta dáonnachdach, réidh chum teaguisg;
As amhluidh sin as coir do na fearuibh a mná do ghrádhughadh mar a gcorpuibh féin. An tí ghrádhuigheas a bhean a sé féin ghrádhuigheas sé. Oír ní thug éunduine ríamh fós fúath dhá fheóil féin; achd do bheir beatha agus clúdhadh dhi, do réir mar do bheir an Tighearna don neagluis.
¶ A nuáir do bheir duine bean núadh, ni rachuidh sé amach chum an cogaidh, ní mó chuirfighear cúram éinneithe air: ach biáidh sé sáor san mbaile ar feadh blíadhna, agus do dhéana sé sólás dá mhnáoi noch thug sé.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc; Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne; Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Maóidhigh an chuid is mó do na daoinibh a maitheas féin gach áon aca: acht cía gheabhus duine fírinneach?
¶ Cuir misi mar shéala air do chroidhe, mar shéala air do righe: óir is láidir an grádh amhuíl an bás; is fíochmhar an téud mar a nuáigh: is sméaróide teineadh a smearóide sin, agá mbí lasair ro dhíbhfheirgeach. Ní fhéaduid mórán uisgeadh an grádh do mhuchadh, ní mó fhéaduid na tuilte a bháthadh: dá ttugadh duine uile mhaóin a thighe ar ghrádh, do dísbeagfuidhe é thríd amach.
Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh.
Agus tug Isaac leis í go Pubuil a mhathar Sárah, agus do ghabh chuige Rebecah, agus do bhí na mnáoi aige; agus do ghrádhuigh í: agus do comhfhurtachduigheach Isaac déis bháis a mhathar.
Cía fhéadas bean shubhailceach dfagháil? óir atá a lúach a bhfad ós cionn péarladh. Cuiridh croidhe a fir a dhóigh go daingionn inte, iondus nach bia ríachtanas re creich aige. Do dhéana sí maith dhó agus ní holc air feadh láethe a sáoghail.
Uime sin gráidheadh gach áon aguibh a bhean mar é féin; achd go mbíadh an bhean eaglach riomh an bhféar.
Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.
Ná tréigeadh trócaire agus fírinne thú: ceangail fad bhrághaid íad; scríobh íad ar chlár do chroidhe: Ná ceannairg ré duine gan adhbhar, muna ndéarna sé dochar ar bith dhuit. Ná bí tnúth agad ris an bfoiréigeantach, agus ná tógh áon dá shlighthibh. Oir is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA an ceannairgeach: acht atá a shecréid ag an bhfíréun. Atá mallacht an TIGHEARNA a ttigh an drochdhuine: acht beannuighidh sé áitreabh a nionnruic. Go dearbhtha tarcuisnighidh sé na tarcuisnigh: acht do bheir sé grása do na huiríslibh. Gheabhuidh an duine glic oighreacht ghlóire: acht is náire bhus árdughadh do na hamadánuibh. Marsin do gheabha tú fabhar agus tuigsi mhaith a radharc Dé agus duine.
Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd: Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.