Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 128 - An Bíobla Naofa 1981


An Teaghlach Sona Sásta
1 Amhrán Oilithreach.

1 Amhrán Oilithreach. 1 Is aoibhinn do chách lenarb eagal an Tiarna, agus a shiúlann ina shlite.

2 Íosfaidh tú toradh de shaothair féin; beidh tú go sona séanmhar.

3 Beidh do bhean chéile mar fhíniúin thorthúil, i gceartlár do thí. Beidh do chlann mar bhuinneáin crainn olóige, mórthimpeall do bhoird.

4 Is amhlaidh a bheannófar an duine ar a mbíonn eagla an Tiarna.

5 Go mbeannaí an Tiarna thú amach as Síón; gach uile lá de do shaol.

6 Go bhfeice tú clann do chlainne agus séan ar Iarúsailéim. Síocháin go raibh ar Iosrael.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí