Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 127 - An Bíobla Naofa 1981


Is é Dia a Chuireann an Rath ar an Obair
1 Amhrán Oilithreach. Le Solamh.

1 Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire.

2 Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibhse a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.

3 Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann; is tuarastal é toradh na broinne.

4 Mar shaigheada i láimh an ghaiscígh, is mar sin do chlann na hóige.

5 Is aoibhinn go deimhin don fhear, a líon a thruaill leis na saigheada sin, óir ní bhfaighidh an té sin náire, agus é ag aighneas lena naimhde sa gheata.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí