Seanfhocal 31 - An Bíobla Naofa 1981Briathra Lamúéil 1 Briathra Lamúéil rí Mhasá, a mhúin a mháthair dó. 2 Céard é seo, a mhic? Céard é seo, a mhic mo bhroinne? Céard é seo, a mhic mo mhóideanna? 3 Ná caith do neart go léir le mná, ná do [leasracha] leis an lucht millte ríthe seo. 4 Ní dual do ríthe, a Lamúéil, ní dual do ríthe fíon a ól, ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua. 5 Le heagla go ndéanfaidís dearmad le barr óil, ar gach a reachtaíodh, agus satailt ar chearta na n‑ainniseoirí. 6 Tabhair deoch chrua don té atá ag saothrú an bháis, agus fíon don chroí atá lán de dhomlas; 7 Ólaidís agus déanaidís dearmad ar a dtubaiste, agus ná cuimhnídís ar a n‑ainnise a thuilleadh. 8 Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin, agus ar son chearta cách atá treigthe. 9 Labhair féin! tabhair breith chóir! cosain cearta na mbocht, agus na ndealbh. An Bhean gan Cháim (Dán Aibítreach san Eabhrais) 10 Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil? Is luachmhaire í ná péarlaí. 11 Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir, agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr. 12 Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dó ar feadh a saoil. 13 Lorgann sí olann agus líon, agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha. 14 Is geall le hárthach ceannaí í agus í ag tabhairt a cuid bia ón imigéin. 15 Déanann sí mochóirí roimh lá agus tugann bia dá teaghlach, agus riarann a gcúraimí ar a cuid ionailtí. 16 Déanann sí gort a iniúchadh agus é a cheannach; cuireann sí fíonghort lena mbíonn saothraithe aici lena lámha. 17 Cuireann sí a neart mar chrios faoina coim, agus taispeánann fuinneamh a géag. 18 Feiceann sí gur maith is fiú é a saothar agus ní mhúchtar a lampa san oíche. 19 Coinníonn sí an coigeal ina láimh agus beireann a méireanna ar an bhfearsad. 20 Caitheann sí go fial leis an duine dearóil, agus tugann sí déirc don duine bocht. 21 Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach, mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir. 22 Déanann sí a cuilteanna féin, agus bíonn línéadach mín agus éidí corcra uimpi. 23 Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach, nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre. 24 Déanann sí braillíní a fhí agus a dhíol, agus tugann sí criosanna don cheannaí. 25 Bíonn neart agus dínit mar bhrat uimpi, agus ní cás di gáire faoin lá amárach. 26 Nuair a osclaíonn sí a béal, déanann sí é le stuaim; agus tá teagasc caoin ar a beola. 27 Coimeádann sí súil ghéar ar a teaghlach, ní chaitheann sí bia an díomhaointis. 28 Éiríonn a clann ina seasamh, agus fógraíonn siad gur méanar di; canann a fear céile moladh di: 29 “Rinne mórán ban éachtaí atá le moladh ach sáraíonn tusa iad go léir.” 30 Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht; is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh. 31 Tugaigí di toradh a saothair, agus moladh a gníomhartha í ag geataí na cathrach. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart