Is rud é an pósadh a chruthaigh Dia, ionas nach mbeadh duine leis féin. Is caidreamh uathúil agus iontach é a éilíonn dúthracht agus buanseasmhacht mhór. Mar leanaí Dé, caithfimid a ghrá a léiriú agus tugann an pósadh deis duit gach lá é sin a dhéanamh.
Tá neart véarsaí bíobalta ann a chabhróidh leat do phósadh a fheabhsú má chuireann tú i bhfeidhm iad. Ceann de na chéad rudaí a iarrann an Tiarna orainn nuair a phósann muid ná ár máthair agus ár n-athair a fhágáil go fisiciúil chun teaghlach nua, baile nua a thosú. Ar ndóigh, caithfimid onóir a thabhairt dár dtuismitheoirí, ach is le do pháirtí, le do theaghlach féin, atá na cinntí a dhéantar anois.
Ba chóir pósadh a choisreagadh do Dhia. Ba chóir duit féin agus do pháirtí an ról a ordaíonn Dia a ghlacadh sa chomhaontas sin, agus bhur ngrá a chur i lámha Dé. Neartaígí bhur ngrá gach lá leis an urnaí agus le focal Dé.
Is rud buan é an pósadh. Is buan an dearadh a chruthaigh Dia don phósadh. Níl an colscaradh mar chuid dá phlean. Is mian le Dia go mbeidh sibh le chéile go dtí an bás. Tá cásanna tromchúiseacha ann, ar nós an éagórachta nó an mhí-úsáide, ach is é plean bunaidh Dé go mbeadh fear agus bean le chéile go dtí deireadh a saoil.
Féuch, seasaim ag an doras, agus bím dhá bhuáladh: ma éisdeann einneach rém ghúth, agus go noisgeóluidh an doras, racha mé a steach chuige, agus íosad mo shuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.
Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise ághuidh ar ághuidh, mar do laibheóradh duine re na charadh. Agus do fhill a rís don champa: achd a sherbhíseach Iosua, mac Nun, an toganach, ni dheachuidh sé as an tabernacuil amach.
Uadh so súas ní ghoirfe mé searbhfhoghantuidhe dhíbh, óir ní bhfuil a fhios ag an tsearbhfhoghantuidh créud do ní a thighearna: achd do ghoir mé cáirde dhibh; óir na huile neithe do chúaluidh mé ó Mathair, do léig mé a bhfios chugaibhsi.
Acht is tusa, a Israel, mo shearbhfhoghantuighe, Iácob noch do thogh mé, síol Abraham mo chara.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann.
Agus do coimhlíonadh an sgriobtúir a deir, Do chreid Abraham do Dhía, agus do measadh dhó é na fhiréuntachd: agus do goireadh Caruid Dé dhe.
A fhíora agus a mhná a nadhaltrannais, a né nach bhfuil a fhios aguibh gur naimhdeanus a naghuidh Dé, cairdeas an tsáoghailse? uime sin gidh bé ré mían an sáoghal bheith na charuid aige do ní sé namhuid Dé dhe féin.
Biáidh an rígh na charaid ag an té ghrádhuighios gloine chroidhe, ar son millse a bhéil.
Nach tú ar Ndíane, noch do theilg amach dúthchusuigh na tíresi roimhe do phobal Israel, agus thug tú í do shíol Abraham do chará feín go bráth?
As í so máithnesi, sibhsi do ghrádhughadh a cheile, mar do ghrádhaigh misi sibhsi.
Ní bhfuil grádh as mó ná so ag éinneach, ná a anam féin do thabhairt ar son a charad.
Cuir thú féin a numhuil dósan anois, agus bí síodhchánta: leis sin tiucfuidh maith chugad.
Glac, íarruim mar athchuinge ort, an dligheadh as a bhéul, agus cuir a bhríathra súas ann do chroidhe.
Má fhilleann tú chúm a Nuilechumhachdaigh, cuirfighthear súas thú, cuirfidh tú éaigceart a bhfad ó do thighthibh.
Ann sin cuirfidh tú ór ar muin a chéile mar luáithreadh, agus ór Ophir mar chlochuibh na nabhann.
Biáidh fós, an Tuilechumhachdach na dhaingion agad, agus do gheabha tú iomad airgid.
An té aga bhfuil an bhean núaphósda as é an fear núaphosda é: achd cara an fhir núaphósda, noch sheasas agus éisdeas ris, gabhuidh gairdeachus mór é tré ghuth an fhir núaphósda: ar a nadhbharsin atá mó gháirdeachusa ar na choimhliónadh.
Atá rún an TIGHEARNA ag an luchd eagluigheas roimhe; agus foillsighidh a chunnradh dhóibh.
Oír giodh be neach do dhéanaidh toil Matharsa a tá air neamh, a sé so mo dhearbhrathairsi, agus mo dheirbhshíur, agus mo mhathair.
Aóinní amháin dathchuingidh mé air an TTIGHEARNA, ag sin a ní íarrfad; mo chomhnuighe a ttigh an TIGHEARNA air feádh láethe mo sháoghail, dféuchuin air scéimh an TIGHEARNA, agus bheith go moch ionа theampall.
A Dhia, is tú mo Dhíasa; sírfe mé thú go moch: atá manam tartmhar chugad, atá mfeóil míanmhar chugad a ttalamh thirm thartmhar, mar nach bhfuilid uisgeadha;
Dóirtfighthear a bhfuil ris an ccloidheamh: béid na ccuid ronna ag sionnchaibh.
Agus do dhéana an rígh lúathgháir a Ndía; do dhéana gach áon mhionnuigheas thrídsion glóir: óir druidfear béul na druinge do ní bréuga.
Dfaicsin do chumhachd agus do ghlóire, mar do chonnairc mé thú annsa tsanctora.
Oír is féarr do chinéul grádhach, ná beatha, molfa mo bhéul thú.
Acht ís maith dhamhsa druidean ré Día: atá mo dhóigh annsa TTIGHEARNA Día, go bhfoillsighe mé hoibreacha uile.
Ní é gach uile neach a deir riomsa, A Thighearna, A Thighearna, rachas a sdeach sa rióghachd neamhdha; achd an té do ní toil Mhatharsa atá áir neamh.
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
Oir is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA an ceannairgeach: acht atá a shecréid ag an bhfíréun.
Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige.
Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.
Gradhuigh an chara gach uile uáir, agus rugadh an dearbhráthair a naghaidh buaidheartha.
Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan.
Caithfidh an té agá mbí cáirde é féin dfoillsiughadh go cáirdeamhuil: agus bí cara sheasas ní is foigse ná dearbhrathair.
Agus sibhse, do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur náimhdíbh ann bhur ninntinn tré drochóibrighibh, do réidhigh sé a nois daóibh
A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:
Agus do ráidh an TIGHEARNA, An gceilfidh mé ar Abraham an ni si atáim do dhéunamh;
O chítear go ttiucfa Abraham go dearbhtha chum bheith na chineadh mhór cumhachdach, agus go mbéid cinidheacha an domhuin uile beannuighe ann san?
Oír is aithnidh dhamhsa é, go ttiubhra aithne dhá chloinn, agus dá theaghlach na dhiaigh, agus coimhédfuid slighe an TIGHEARNA do dhéunamh ceirt agus breitheamhnuis; ionnus go ttiubhra an TIGHEARNA air Abraham an ní sin do labhair dá thaobh.
¶ Is marso a deir an TIGHEARNA, Ná deanadh an duine glic glóir as a ghliocus féin, agus ná glóruigheadh an duine láidir as a chumhachduibh, ná glóruigheadh an duine saidhbhir as a shaidhbhrios:
Acht an tí do dhéanas glóir, glóruigheadh annso, go ttuigionn sé agus go naithnighionn sé misi, gur mé an TIGHEARNA chleachtas cinéul grádhach, breitheamhnus, agus fíréantachd, annsa talamh: óir is annsna neithibhsi dhúilighim a deir an TIGHEARNA.
Do thaisbéin sé dhuit, a dhuine, cred is maith; agus créd íarrus an TIGHEARNA ort, acht ceart do dhéanamh, agus trócaire do ghrádhughadh, agus siubhal go humhal le do Dhía?
Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó.
Achd a bhféugmhuís chreideimh ní féidir taitneamh ris: oír an tí thig chum Dé is éigean dó a chreideamh go bhfuil sé ann, agus go dtabhairt sé lúach sáothar don druing íarras é.
Achd is cinéul toghtha sibhse, sagartachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith; ionnus go bhfoillséochadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iongantuigh féín.
Ní bhfuil grádh as mó ná so ag éinneach, ná a anam féin do thabhairt ar son a charad.
Is sibhsi mo cháirdesi ma níthí gach ní dá náithnighim dhibh.
Uadh so súas ní ghoirfe mé searbhfhoghantuidhe dhíbh, óir ní bhfuil a fhios ag an tsearbhfhoghantuidh créud do ní a thighearna: achd do ghoir mé cáirde dhibh; óir na huile neithe do chúaluidh mé ó Mathair, do léig mé a bhfios chugaibhsi.
Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh:
Oír gach uile neach iárrus glacuidh sé; agus giodh bé lorgaireas do ghéibh sé; agus is don té bhuaileas an dorus oisgéoltar.
Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan.
Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas.
Atá Día díleas, tres ar goireadh sibh chum cumuinn a Mhic Iósa Criosd ar Dtighearna.
Mar bhíos truáighe ag athair dá chloinn, is marsin atá truáighe ag an TTIGHEARNA don lucht air a bhfuil a eagla.
Agus as ó Dhía atáid uile, noch do reidhigh sinne ris féin tré Iósa Críosd, agus tug dhúinne miniosdrálachd an réitigh sin;
Oír go deimhin, do bhí Día a Gcríosd, ag réiteach an tsáoghuil ris féin, gan conntus do dhéunamh ríu fá sa gcionntuibh; agus do chuir sé ionnuíne briathar an réitigh sin.
Achd a nois a Níosa Críosd atá sibhse bhi ar uáiribh neamhchómhgaracg ar bhur ndéunamh comhgarach tré fhuil Chríosd.
As a bhfuil dánachd aguinn agus slighe ré dhul a steach maille ré dóthchas tré chreideamh annsan.
Agus, na huile neither do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean; mas air talamh íad, no air neamh.
Agus sibhse, do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur náimhdíbh ann bhur ninntinn tré drochóibrighibh, do réidhigh sé a nois daóibh
A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:
Druideam air ar naghaidh maille ré croídhe fírinneach sáirdheimhneach a gcreideamh, ar mbeith dár gcroídhibh ar na ccróthadh ó dhrochchoinnsías, agus ar mbeith dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
Druidigh ré Día, agus druidfé sé ribh. Glanuidh bhur lámha, a pheacacha; agus glanuigh bhur gcroídhthe, a luchd na dá intinne.
A ní do chonncamar agus do chúalamar atámáoid dhá fhoillsiughadh dhibhse, ionnus go mbíadh cumann aguibhse mar an gcéudna rinne: agus ar gcumainne fós ris a Nathair, agus ré na Mhac Iósa Críosd.
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día.
An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.