Míocá 6 - An Bíobla Naofa 1981An Chúis in Aghaidh Iosrael Aighneas idir an Tiarna agus Iosrael 1 Éistigí anois lena bhfuil le rá ag an Tiarna: Éirigh agus agair do chúis i bhfianaise na sléibhte; cloiseadh na cnoic do ghuth. 2 Éistigí, a shléibhte, leis an gcúiseamh a dhéanann an Tiarna; tugaigí cluas, a bhunsraitheanna an domhain. Óir tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh a phobail agus tá sé ag aighneas le hIosrael. 3 “A phobal liom, céard a rinne mé ort? Cén chaoi ar chuir mé tuirse ort? Tabhair freagra orm. 4 Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis. 5 Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb, agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór air agus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeál chun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.” 6 “Créad leis a dtiocfaidh mé os comhair an Tiarna nó a sléachtfaidh mé do Dhia neimhe? An dtiocfaidh mé os a chomhair le híobartaigh lándóite nó le laonna aon bhliana? 7 Ar mhaith leis na mílte reithe nó deich míle de shruthanna ola? An ofrálfaidh mé dó an mac is sine liom mar chúiteamh i mo chionta, toradh mo choirp in éiric peacaí m'anama?” 8 Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé. Daortar Éigeart agus Caimiléireacht 9 Éist! Tá an Tiarna ag glaoch ar an gcathair (is den chríonnacht d'ainm a eaglú). Éistigí, a threibh agus a chomhairle na cathrach sin, 10 An amhlaidh a chaithfidh mé an taisceadh éagórach agus an buiséal gann mallaithe a cheadú freisin? 11 An amhlaidh a chaithfidh mé saorbhreith a thabhairt ar lucht na scálaí éagothroma agus an mhála de mheáchain mhealltacha? 12 a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigean agus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag (is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu). 13 Ní amhlaidh go deimhin! Ach tosóidh mé ar thú a bhualadh agus ar scaoll a chur ionat de dheasca do pheacaí. 14 Íosfaidh tú ach ní bheidh do dhóthain agat agus beidh sceimhle ocrais i do ghoile. Cuirfidh tú nithe i dtaisce ach ní shábhálfaidh tú dada agus fiú má éiríonn leat rud éigin a shábháil fágfaidh mise ag an gclaíomh é. 15 Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar; satlóidh tú caora olóige ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche; pasálfaidh tú caora fíniúna ach ní ólfaidh tú braon den fhíon. 16 Choimeád tú reachtanna Omraí agus gnásanna uile theaghlach Acháb agus is í a gcomhairle siúd a lean tú. Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díot agus beidh d'áitritheoirí ina gceap magaidh agus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart