Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 22:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Tá cion ag [an Tiarna] ar an gcroí glan, agus is cara don rí fear na cainte caoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Biáidh an rígh na charaid ag an té ghrádhuighios gloine chroidhe, ar son millse a bhéil.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 22:11
17 Tagairtí Cros  

Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí;


Beidh súil agam le fíréin na tíre a bheith in aontíos liom. An té a shiúlann sa tslí gan máchail, is é a dhéanfaidh fónamh dom.


An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige: an té ar beag air nithe gan tairbhe agus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.


Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal. Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí; ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.


Bíonn gnaoi an rí ar an seirbhíseach cliste, ach bíonn a fhearg ar an té a dhéanann gníomh náireach.


Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta; bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir.


Déanann súile an Tiarna an t‑eolas a fhaire, ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí.


Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.


“Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.


Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí