Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Amos 3 - An Bíobla Naofa 1981


Rabhadh do Iosrael Gairm an Fháidh

1 Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d'aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:

2 Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n‑uile pheaca.

3 An siúlann beirt le chéile ar an tslí gan [aithne] acu ar a chéile?

4 An mbúireann an leon san fhoraois agus é gan seilg? An scairteann an coileán leoin óna phluais agus é gan chreach? An dtiteann éan isteach i ngaiste ar an talamh agus gan dada ann chun é a mhealladh?

5 An bpreabann an gaiste aníos ón talamh agus gan aon rud ceaptha aige?

6 An séideann trumpa sa chathair gan eagla a theacht ar an bpobal? An mbuaileann tubaiste an chathair nach é an Tiarna is cúis leis?

7 Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.

8 Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?


Díothú na Samáire

9 Fógair é i bpáláis na hAsaíre agus i bpáláis na hÉigipte agus abair: “Cruinnigí le chéile ar shléibhte na Samáire agus breathnaígí uaibh mí-eagar na cathrach sin agus an leatrom laistigh di.”

10 “Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,” a deir an Tiarna, “ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach a fuair siad le foréigean agus le slad.”

11 Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna Dia: “Timpeallóidh an namhaid an tír, bainfidh sé do chumhacht díot agus creachfar do pháláis.”

12 Mar seo a deir an Tiarna: Mar a sciobann an t‑aoire ó bhéal an leoin dhá chois nó leadhb de chluais, is mar sin a fhuasclófar clann Iosrael a chónaíonn sa tSamáir, agus gan ach cnaiste leapa nó trasnán de chathaoir thoilg slánaithe acu.


In Aghaidh Bhéit Éil

13 Éistigí agus tugaigí fianaise in aghaidh theach Iacóib, a deir an Tiarna, Dia na Slua.

14 An lá a smachtóidh mé Iosrael mar gheall ar a chionta, smachtóidh mé altóirí Bhéit Éil chomh maith: gearrfar adharca na haltóra anuas agus titfidh siad ar lár.

15 Scriosfaidh mé idir theach geimhridh agus theach samhraidh, bascfar na tithe eabhair agus scartálfar mórán tithe, a deir an Tiarna.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí