Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 3:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Scriosfaidh mé idir theach geimhridh agus theach samhraidh, bascfar na tithe eabhair agus scartálfar mórán tithe, a deir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus buáilfidh mé an tigh geimhridh leis an ttigh samhruigh; agus imeochuid na tighthe dfíaclaibh elephant seachad, agus biáidh críoch aig na tighthibh móra, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 3:15
10 Tagairtí Cros  

An chuid eile de stair Acháb, a imeachtaí go léir, an teach eabhair a thóg sé, agus na cathracha go léir a thóg sé, nach bhfuil siadsan go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?


Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais. Is uime sin a rinne Dia - do Dhia féin - thú a ungadh le hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.


Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa: “Is iomaí teach a leagfar! Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;


Bhí an rí ina shuí ina sheomra geimhridh - ba é an naoú mí é - agus bhí tine ar lasadh ar an teallach os a chomhair.


teilgfidh mé tine síos ar Iúdá agus dófaidh sí páláis Iarúsailéim.


Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna Dia: “Timpeallóidh an namhaid an tír, bainfidh sé do chumhacht díot agus creachfar do pháláis.”


Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.


Óir, féach, ordaíonn an Tiarna féin é; buaileann sé agus déantar smionagar den teach mór agus titeann an teach beag as a chéile.


Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”


Isteach le Éahúd chuige agus é ansiúd ina aonar ina shuí ina sheomra fionnuar uachtair. “Tá teachtaireacht ó Dhia agam duit, a rí,” arsa Éahúd. D'éirigh an rí ina sheasamh as a shuíochán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí