Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 4:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Eistighsi an focalso, a bhath Básan, atá a slíabh Shamária, noch sháruighios an bocht, noch chrupas an riachdanach, noch a deir re na maighistribh, Tabhruigh, agus ibheam.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 4:1
49 Tagairtí Cros  

Ansin cheannaigh sé sliabh (na Samáire) ó Sheimir ar dhá thallann airgid agus thóg sé cathair air agus thug sé an tSamáir uirthi ó Sheimir, an té ar leis an sliabh.


Óir réab sé botháin na mbocht, Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin.


Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra, Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach.


gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”


Ní bheidh an rath ar fhear na drochtheanga; tiocfaidh an tubaiste ar fhear an fhoréigin.


Ná bí i bhfad uaim in am mo bhuartha; bí i m'aice, óir níl aon chabhair eile agam.


Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán, agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.


Ina theannta sin chonaic mé an t‑ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh.


Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.


Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim, do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair, agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith; is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon!


Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach, agus a chuireann páirc i gcionn páirce, go dtí go dtógann suas an láthair ar fad agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.


“Tagaigí!” a deir siad, “tá mé ag dul a lorg fíona; líonfaimid sinn féin le biotáille, agus beidh an lá amárach mar an lá inniu, lá mór má bhí a leithéid riamh ann!”


An troscadh is áil liom, nach é seo é? dar briathar an Tiarna Dia: Geimhleacha na héagóra a scaoileadh, an ceangal a bhaint den chuing; an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach, an uile chuing a bhriseadh;


Déanaigí lúcháir, más áil libh! Beirigí bhur gcaithréim, a chreachadóirí m'oidhreachta! Bígí ag aoibheall fearacht gamhna ar féarach! Déanaigí seitreach ar nós staile!


Maraígí a daimh uile; síos leo go dtí an seamlas! Mairg dóibh, tá a lá tagtha, aimsir a gcuarta.


“D'ith sé mise, d'alp sé mé, rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar]; rinne sé soitheach folamh díom, shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan, líon sé a bholg de mo shólaistí.”


Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Gearraigí síos na crainn, tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim; is í Cathair na mBréag í, gan inti ina lár ach leatrom.


gan sochar a bhaint as an strainséir, an dílleachta agus an bhaintreach (agus gan fuil neamhchiontach a dhoirteadh san áit seo), gan dul i ndiaidh déithe eile chun bhur ndochair féin,


a imríonn éagóir ar an mbochtán agus ar an ainniseoir, a ghoideann, nach dtugann geall ar ais, a thógann a shúile chun na n‑íol, a mbíonn imeachtaí gránna ar siúl aige,


Glactar breabanna ionat chun fuil a dhoirteadh; baineann tú brabús agus sochar amach agus tagann i dtír le foréigean ar an gcomharsa. Tá mise dearmadta glan agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Tá na taoisigh léi istigh amhail mic tíre ag réabadh na creiche, ag doirteadh fola, ag marú daoine lena stór a ghoid.


Tá éagóir agus slad ar siúl ag muintir na tíre; chráigh siad an bochtán agus an t‑ainniseoir agus thug drochíde don chuairteoir gan fáth.


Maslaítear an t‑athair agus an mháthair ionat; tugtar drochíde don chuairteoir, cuirtear ansmacht ar an dílleachta agus ar an mbaintreach.


Cuardóidh mé an chaora chaillte, tabharfaidh ar ais an seachránaí, ceanglóidh mé an bacach agus cuirfidh an t‑easlán ina neart. [Tabharfaidh mé aire] don mhéith agus don láidir agus gheobhaidh siad cothú ceart uaimse.”


Íosfaidh sibh feoil na ngaiscíoch agus ólfaidh fuil phrionsaí an domhain; reithí agus uain, gabhair agus tairbh iad, agus iad uile dea-chothaithe i mBáiseán.


Taispeánfaidh mé iontais sa spéir agus ar an talamh, fuil agus tine agus colúin deataigh.


Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d'aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:


An siúlann beirt le chéile ar an tslí gan [aithne] acu ar a chéile?


Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.


Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón, agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire, móruaisle scoth cine na gciníocha ar a mbíonn triall theach Iosrael.


a ólann fíon i gcoirn agus a ungann iad féin leis na holaí is tofa; ach gur cuma leo faoi thurnamh Iósaef.


Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.


Ansin chasadar agus ghabhadar an bóthar i dtreo Bháiseán. Tháinig Óg rí Bháiseán amach ina n‑aghaidh lena mhuintir go léir chun cath a chur ag Eidreí.


“Ná tar i dtír ar fhostúch bocht dealbh, más bráthair duit é, más deoraí i do dhúiche é atá ag cur faoi i do bhailte.


Cine nach eol duit, íosfaidh siad toradh d'ithreach agus do shaothair; ní bheidh tusa ach do do chrá agus do do bhrú de shíor.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí