Is deacair a fhios a bheith agat nach mbeidh an duine sin, an duine a raibh grá agus meas chomh mór agat orthu, leat arís sa saol seo. Ní bheidh siad ann le comhrá a dhéanamh, le gáire a dhéanamh, le cuimhní cinn a chruthú. Bíonn amanna bróin agus caointe orainn go léir. Sna hamanna sin, tá sé ceart go leor caoineadh agus mothú go dona. Ní pea é. Chaoin Íosa féin nuair a chuala sé go raibh a chara, Lazaras, marbh (Eoin 11:35).
Tá sé tábhachtach agus riachtanach na mothúcháin atá agat a chur in iúl nuair atá tú croíbhriste. Ach in ainneoin an bhróin agus an chaoineadh, níor cheart dúinn ligean dóibh smacht a fháil orainn. Tá Dia leat le do dheora a thriomú, le do chroí a shuaimhneas, agus le gáire a chur ar ais ar d’aghaidh. Ní gá ach ligean do Dhia é sin a dhéanamh (2 Corantaigh 1:3). Go raibh beannacht Dé agus Athar ár dTiarna Íosa Críost, Athair na trócaire agus Dia na sóláis go léir, ort.
Agus grádhochuidh tú an TIGHEARNA do Dhía réd chroidhe uile, agus réd anam uile, agus réd chumhachduibh uile.
Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.
Coimhéaduigh an TIGHEARNA an mhéid ler bionmhuin é: agus scriosfa se na huile chiontoigh.
Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
As ann so atá an grádh, ní hé go dtugamairne grádh do Dhía, achd go dtug seision grádh dhúinne, agus gur chuir úadh a Mhac féin na iodhbairt réitigh air son ar bpeacuighne.
Grádhuighim an mhéid ghrádhuighios mé; agus an drong íarrus mé go moch do gheabhuid mé.
Ar a nadhbharsin Gráidheíchuidh tú an Tighearna do Dhía féin as do chroidhe uile, agus as thanum uile, agus as thíntinn uile, agus as do bhrígh uile: ag so an chéudaíthne.
Is ionmhuin liom an TIGHEARNA, do bhrígh go ccluin sé mo ghuth ann mathchuinghibh.
Do chreid mé, uime sin do labhair mé: do bhí mé buáidheartha go hanmhór.
A dubhras ann mo dheithnios, Atá a nuile dhuine bréagach.
Cred an luáidheachd do bhéaras mé don TIGHEARNA ar son a thabhartas damh?
Géabha me cupán an tslánuighthe, agus goirfead air ainm an TIGHEARNA.
Coimhlíonfa mé mo mhóide don TIGHEARNA anois ós coinne a dhaóine uile.
Is mórluáigh a bhfíaghnuise an TIGHEARNA bás a náomh.
A THIGHEARNA, go deimhin is mé do sheirbhíseach; is mé do sheirbhíseach, agus mac hinnilte: do sgáoil tú mo chúibhrighthe.
Is duitsi do dhéana mé iodhbartha an mholta, agus air ainm an TIGHEARNA ghoirfios mé.
Diolfa mé mo mhóide ris an TTIGHEARNA anois ós coinne a phobail uile,
A ccúirtibh thighe an TIGHEARNA, ann do mheadhónsa, a Ierusalem. Moluidh an TlGHEARNA.
Do bhrígh gur chláon sé a éisdeachd chugam, ar anabharsin gairfe mé air ar feadh mo bheatha.
Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Gidh bé ghrádhuifheas misi, coimheudfuidh sé mo bhriathar: agus gráidheochuidh Mathair é, agus tiocfamaóid chuige, agus do dhéunam comhnuidhe aige.
Gidh bé chreideas gur ab é Iósa an Críosd atá sé ar na thuismeadh ó Dhía: agus gach áon ghradhuigheas an tuismightheóir grádhuidhe se mar an gcéudna an tí do tuismeadh úadh.
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día.
An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.
Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile.
A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór.
Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.
Dá nabra éinneach, atá grádh agum air Dhía, agus fúath bheith aige air a dhearbhráthair, is bréugach é: Oír cionnas is éidir don tí nach grádhuigheann a dhearbhráthair do chonnairc sé, grádh thabhairt do Dhía nach bhfacuidh sé?
¶ Biodh a fhios agad ar a nadhbharsin gur bé an TIGHEARNA do Dhia, ís Día ann, Dia firinneach, noch choimhéadas a chunnradh agus a thrócaire don droing ghrádhuigheas é agus choimhlíonus a aitheanta, go míle geinealach;
Achd ar mbeith dhúinn ag leanmhuin do fhírínne a ngrádh, fásam sna huile neithibh, chum an tí as ceann ann, eadhon Críosd:
Agus go dtréoruidhe an Tíghearna bhur gcroidhthe sá tslíghe dhírigh chum grádha Dé, agus chum feitheamh go foighideach ré Críosd.
¶ Unne sin tiucfa a ccrích, má eistionn sibh leis na breitheamhnusuibh, agus a ccoimhéad, agus a ndéanamh, go gcoimhéadfuidh an TIGHEARNA do Dhía dhuitse an cunnradh agus an trócaire do mhionnuigh sé dod aithribh:
Ionnus go ngráidheochuidh tú do THIGHEARNA Día, agus go nuimhleocha tú dá ghuth, agus go ndruidfe tú ris: óir is é sin do bheatha, agus fadughadh do láetheadh: chor go ccoimhneocha tú ansa dúithche noch do mhionnuigh an TIGHEARNA dot aithribh, do Abraham, Dísaac, agus do Iácob, do thabhairt dóibh.
Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.
Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Gidh bé ghrádhuigheas a anam féin caillfidh sé é; agus gidh bé fhuáthuigheas a anam féin ar an sáoghalso coimhéudfaidh sé é chum na beatha marthanuighe.
Aóinní amháin dathchuingidh mé air an TTIGHEARNA, ag sin a ní íarrfad; mo chomhnuighe a ttigh an TIGHEARNA air feádh láethe mo sháoghail, dféuchuin air scéimh an TIGHEARNA, agus bheith go moch ionа theampall.
Oír atá grádh Chríosd dar mbrosdughadh; ar na bhreathnughadh so dhúinn, eadhon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go bhfúaradar uile bás:
Agus go bhfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus nach bíadh an dream atá béo ó so amach béo dhóibh féin, achd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirghe.
Agus do ghabh an TIGHEARNA thairis as a choinne, agus do fhógair, An TIGHEARNA, An TIGHEARNA Día, trócaireach agus grásmhuil, fadfhuilnghtheach, agus iomlán do mhaith agus dfírinne,
Ní fhacuidh éinneach Día riamh. Dá raibh grádh aguinn dá chéile, atá Día na chómhnuighe ionnuinn, agus atá a ghrádh go diongmhálta ionnuinn.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
¶ Agus tiucfa a gcrích, ma éistionn sibh go dúthrachdach rém aitheantuibhsi noch aithnighim dhaóibh a niugh, an TIGHEARNA bhur Ndía do ghrádhughadh, agus seirbhís do dhéanamh dhó lé bhur nuile chroidhe agus le bhur nuile anum,
Ní éistfe tú ré bríathruibh an nfáigh sin, nó fhir fhaicsiona na naislingeadh: Oír dearbhuidh an TIGHEARNA bhur Ndía sibh, dá fhéachain an ngrádhuigheann sibh bhur TTHIGHEARNA Día ré bhur nuile chroidhe, agus lé bhur nuile anum.
An tan do aithin mé dhíot a niugh do TIGHEARNA Día do ghrádhughadh, agus siubhal iona shlighthibh, agus a aitheanta do choimhlíonadh agus a reachda agus a bhreitheamhnuis, chum go mbeithfeá béo agus go bhfoirlíonfa: agus beannochuidh do THIGHEARNA Día thú an sa dúithche a bhfuil tú ag dul dá shealbhughadh.
Gidh bé nach gradhuigheann an Tighearna Iósa Críosd, bíodh sé malluighthe óir atá an Tighearna air na theacht.
Grádhuighidh an TIGHEARNA, ó sibhsi a náoimh féin uile: coimhéaduigh an TIGHEARNA an firinneach slán, agus díoluidh a luáidheachd ris a núaibhreach.
A dhream ler bionmhuin an TIGHEARNA, fúathuighesi an tolc: coimhéuduigh sé anmanna a náomh; sáoruidh sé íad as láimh an pheacaidh:
Giodh bé grádhuigheash a athair no a mathair ni is mó na misi ní fíu é misi: agus giodh bé ghradhuigheas a mhac nó a inghean ós mó chionnsa ní fíu é misi.
Grása maille ris na huile dháoinibh ghrádhuigheas ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré neamhthruáilleadh. Amén.
Druidigh ré Día, agus druidfé sé ribh. Glanuidh bhur lámha, a pheacacha; agus glanuigh bhur gcroídhthe, a luchd na dá intinne.
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin.
Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó.
O bhí tú mórlúaigh ann mo radharc, do bhí tú onórach, agus do ghrádhuigh mé thú: uimesin do bhéara mé daóine ar do shon, agus pobal ar son hanma.
Agus íarruim so dathchuinghe, bhur ngrádhsa do líonadh fós ní sa mhó ná chéile a neólas agus a nuile thuigse;
Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar:
Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh:
Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
Ann sin ar nithe a ndinéir dhóibh, a dubhairt Iósa ré Síomon Peadar, A Shíomoin, mhic Ióna, a nans leachd misi ná léo so? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna; atáa fhios agadsa gur ab ionnmhuin liom thu. A dubhairt seision ris, Beathuidh muáin.
A dubhairt Iósa ris a rís an dara huáir, A Shíomóin, mhic Ióna, a nionmhuin leachd misi? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna, atá a fhios agadsa gur abionmhuin liom thú. A dubhairt Iósa ris, Beathuidh mo cháoirigh.
A dubhairt sé ris an treas uáir, A Shíomóin, mhic Ióna, a nionmhuin leachd misí? Do ghabh doilgheas Peadar do bhrígh go ndubhairt sé ris, A Thighearna, atáfios na nuile neither agadsa; atá a fhios agad gur ab ionmhuin leam thú. A dubhairt Iósa ris, Beathuidh mo cháoirigh.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann.
Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.
Ar a nadhbharsin gráidheocha tú an TIGHEARNA do Dhía, agus coimhéadfa tú a chúram, agus a reachda, agus a bhreitheamhnuis, agus a aitheanta, a gcomhnuidhe.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin.
Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.