Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 26 - An Bíobla Naofa 1981


Urnaí an Duine Neamhurchóidigh
1 Le Dáiví.

1 Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.

2 Déan mo phromhadh, a Thiarna, agus mo thástáil; scrúdaigh m'áranna agus mo chroí;

3 Óir bíonn do bhuanghrá os comhair mo shúl, agus bím ag siúl de réir d'fhírinne.

4 Ní bhím i bhfochair lucht éithigh ná ní ghabhaim i gcomhluadar na gcluanairí.

5 Is gráin liom tionól na n‑urchóideach, agus ní shuím i bhfarradh na n‑éagráifeach.

6 Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna, agus gabhaim mórthimpeall d'altóra.

7 Bíonn altú buíochais á chanadh agam, agus d'éachtaí go léir á n‑aithris agam.

8 Thug mé taitneamh, a Thiarna, do d'áras, don áit a gcónaíonn do ghlóir.

9 Ná sciob mé chun siúil leis na peacaigh ná m'anam le lucht doirte fola;

10 Is dream iad a mbíonn an urchóid ina lámha acu, agus is lomlán a ndeaslámh de bhreabanna.

11 Ach caithimse mo shaol go hionraic: fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.

12 Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh; molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí