Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 26:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Óir bíonn do bhuanghrá os comhair mo shúl, agus bím ag siúl de réir d'fhírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Óir bíonn do charthanacht os comhair mo shúl de shíor: agus siúlfaidh mé de réir dʼfhírinne.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Óir dhearcas air do cháoimhneas ghráidh; Ghluaiseas ad fhírinn réidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Oír atá do chinéul grádhach ós coinne mo shúl: agus do shiubhail mé ann thfírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Óir bíonn do bhuan-ghrá os comhair mo shúl, agus bím ag siúl de réir dʼfhírinne.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 26:3
25 Tagairtí Cros  

“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.


Gabhfaidh mé sa tslí gan mháchail; cathain a thiocfaidh tú? Siúlfaidh mé le croí gan cháim i lár mo thí.


Is fíréantacht shíoraí í d'fhiréantachtsa; agus is daingean é do dhlí.


Déan mo threorú i d'fhírinne, tabhair teagasc dom, óir is tú mo Dhia agus mo shlánaitheoir. Is ortsa a bhím ag feitheamh feadh an lae


Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví


Múin do shlí dom, a Thiarna; i dtreo go siúlfainn i d'fhírinne; agus déan mo chroí a dhíriú, i dtreo gurab eagal liom d'ainm.


A theaghlach Iacóib, tagaigí, agus siúlaimis i solas an Tiarna!


chun teagasc agus tiomna a fháil.” Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh.


Bígí sibhse atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach.


Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.


Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.


Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.


Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.


Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.


Ba mhór mo lúcháir a aireachtáil go bhfuil cuid de do chlann ag siúl san fhírinne de réir na haithne a fuaireamar ón Athair.


A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t‑olc ní fhaca sé Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí