Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 26:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Ach caithimse mo shaol go hionraic: fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

11 Ach is amhlaidh a shiúlfaidh mise go neamhchoirtheach: go mbʼáil leat mʼfhuascailt agus bheith trócaireach liom.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

11 Ach gluaisfead am neimhchiontuibh féin, Ad’ thrócair sáor gan cheist.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Acht am tháobhsa, siubholuigh mé ann mo dhioghruis: sáor mé, agus déan trócaire orum.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Ach caithimse mo shaol go hionraic: fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 26:11
19 Tagairtí Cros  

Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá mbarr seo; ná scrios chun siúil an beart dúthrachta a rinne mé do Theampall mo Dhé agus dá liotúirge.


D'ordaigh mé do na Léivítigh iad féin a ghlanadh agus teacht agus na geataí a fhaire i dtreo go gcoimeádfaí an tsabóid naofa. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá bharr seo freisin agus, de réir méid do bhuanghrá, bí trócaireach liom.


agus rinne mé socruithe faoi sholáthar an adhmaid ar uaire áirithe agus faoi na céadtorthaí. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, ar mhaithe liom.


Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.


Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.


Gabhfaidh mé sa tslí gan mháchail; cathain a thiocfaidh tú? Siúlfaidh mé le croí gan cháim i lár mo thí.


Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.


mar a ndéanfaidh an bás a n‑aoireacht agus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad. Imeoidh a dtaibhse ar maidin; san uaigh a bheidh a n‑áras acu feasta.


dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreas agus a mhaíonn as méid a maoine?


Ná folaigh do ghnúis ar do ghiolla; freagair mé go luath mar go bhfuilim faoi bhuairt.


“Uch, a Thiarna, cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin i d'fhianaise le dílseacht agus faoi chroí mór maith, agus an rud a bhí maith i do shúile á dhéanamh agam.” Agus chaoin sé uisce a chinn.


Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.


Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh.


Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí