A chairde, tá scéal iontach agam duit. Deir na scrioptúir go bhfuil plean ag Dia do gach duine againn, plean atá lán de dhóchas agus de chuspóir.
Sna tráthanna sin de dhíomá, cuimhnigh ar na focail áille i Salm 34:18: "Is gar don té a bhfuil a chroí briste atá an Tiarna, agus sábhálann sé an té a bhfuil spiorad brúite aige." Bí cinnte de go seasfaidh Dia leat agus go gcuideoidh sé leat aon deacracht a shárú.
Agus ná déan dearmad ar ghealltanas Dé i nGirimé 29:11: "Óir is eol dom féin na pleananna atá agam daoibh," a deir an Tiarna, "pleananna le haghaidh sonais, ní le haghaidh tubaiste, chun todhchaí agus dóchas a thabhairt daoibh." Nach bhfuil sólás iontach sna focail sin? Níl muid inár n-aonar inár ndúshláin riamh.
Coinnigh do chreideamh agus do dhóchas sa Tiarna, agus bíodh a fhios agat go bhfuil a ghrá agus a mhaitheas leat i ngach céim den bhealach.
Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.
Uime sin ná téilgidh uáibh bhur muinighin admhálach, agá bhfuil mórlúach sáothair. Oir atá foighid na ríachdanus oruibh, ionnus ar ndéunamh tola Dé dhíbh, go bhfuighe sibh toradh na geallamhna.
Is maith an TIGHEARNA, caisléan daingion a ló na buáidheartha; agus aithnigh sé an drong dhóthchusuighios ann.
¶ Is misi, misi féin, an té chobhruigheas sibhsi: cía thusa, as a mbíath eagla ort roimhe dhuine rachus déug, agus roimhe mhac an duine noch do dhéantar mar an bhféur;
Bíthí láidir agus bíodh meisneach mhór aguibh, ná himeagluidh, agus ná biodh úamhan aguibh rompa: óir sé do THIGHEARNA Día, théid libh; ní fheallfa sé ort, agus ní thréigfe sé thú.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Ann sinn a dubhairt sé ríu, Imthighidh romhuibh, ithidh an méathus, agus ibhidh an mhillsi, agus cuirigh roinn chum na druinge dá nar hullmhuigheadh éinní: óir atá an láso náomhtha dar TTIGHEARNA: narab mó bhías doilghios oruibh; óir isé gáirdeachus an TIGHEARNA bhur neart.
¶ Má atá nach bláthann an crann fíge, agus nach mó bhías toradh annsa bhfíneamhuin; fáilleachuidh sáothar crainn na holá, agus ni thiubhruid na machaireadha biadh ar bioth úatha; gearrfuighear an tréud amach ón máinrigh, agus ní bhiáid ealbha ar bioth annsua stalladhuibh: Thairis sin gáirdeocha misi annsa TIGHEARNA, sólásfuidh mé a Ndía mo shlánuighthe.
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Tabhair orum do thrócaire do chloisdion air maidin; óir is ionnadsa chuirim mo dhóigh: tabhair orum an tslighe daithniughadh ann a siubhola mé; óir is chugadsa thógbhuim súas manam.
Cuimhnighidh drong air charbaduibh, agus drong oile air eachuibh: acht cuimhneochaimne air ainm an TIGHEARNA ar Ndé. Tugadh a núas íad agus do thuiteadar: achd éirghimidne súas, agus seasamuid go díreach.
As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
A se an TIGHEARNA mo aodhaire; agus ní bhiaidh easbhuidh orum. Do bheir sé orum luighe a ninbhear fhéir mínligh: tréoruigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin.
Dá ccampuigheadh slúagh am aghuidh, ní bhía eagla air mo chroidhe: dá neirgheadh cogadh am aghaidh, annso bhías mé dóthchusach.
An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
A nuáir luidhfios tú síos, ní bhía eagla ort: fós, luidhgidh tú síos, agus biáidh do chodhladh sáimh. Ná bíodh eagla ort re húamhan obann, nó re dólás na nolc, a nuáir thiucfas sé. Oír budh é an TIGHEARNA do bharánta, agus cuimhdeochuidh sé do chos ó bheith gabhtha.
Acht do chuirios mo dhóigh ann do thrócairesi; gáirdeochuidh mo chroidhe ann do shlánughadh. Canfad chum an TIGHEARNA, do bhrígh gur roinn sé go fialmhar riom.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach. A THIGHEARNA na slógh, is beannuighe an duine chuirios a dhóigh ionnadsa.
Cred fa tteilgthear sios thú, ó manam? agus cread fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfad é fós ar son sláinte a aighthe.
Luighfe mé mar an ccéadna a síothcháin, agus coidéola mé: óir tusá, a THIGHEARNA, amháin chuireas am chomhnuidh me a neamhbáoghal.
Atá slighe Dé iomlán; do dearbhadh bríathar an TIGHEARNA: atá sé na scéith ag gach áon dá gcuirionn a dhóigh ann.
Is beannuighe an duine chuireas a dhóthchus ansa TIGHEARNA, agus nár fhéuch do nuáibhreach, nó don luchd chláonas chum bréug.
Agus biáidh tú suáimhneach, do bhrígh go bhfuil dóthchus agad; iseadh, tochaluidh tú ad thimchioll, agus glacfuidh tú do shuáimhnios a ndaingion.
Cuir do dhóigh annsa TIGHEARNA, agus déan maith; áitreibhigh tú annsa dúithche, agus beathóchar thú go deimhin. Laibheoruidh béul a nfíréin eagna, agus laibheoruidh a theanga breitheamhnus. Atá dligheadh a Dhé iona chroidhe, ní sciorrfuidh áon dá choiscéimibh. Bí an drochdhuine ag faire ar an bhfíréun, agus íarruidh a chur chum báis. Ní fhúigfidh an TIGHEARNA iona láimh é, agus ní dhaimnéochuidh é an tan do dhéantar breitheamhnus air. Feith air an TTIGHEARNA, agus connaimh a shlighe, agus áirdeochuidh sé thú chum oighreachda na dúithche: a nuáir bhéid na drochdhaóine air na scrios, do chífe tú sin. Do chonnairc mé an drochdhuine neartmhar, agus agá leathnughadh féin amhuil crann glas fhasas úadh féin. Agus do ghabhus thort, agus, féuch, ni raibh sé ann: agus díarr mé é, agus níor fríth é. Comharthuigh an fíréun, féuch air an ndíreach: óir is síothcháin críoch a nfir sin. Acht scriosfuighthear luchd an tsáruighthe á néinfheachd: agus gearrfar amach deireadh an drochdhuine. Agus is ón TIGHEARNA atá slánughadh a nfíréin: sé a neart é a naimsir a néigiontuis. Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe.
Cumhduigh mé, ó a Dhé: óir is ionnadsa chuirim mo dhóigh. Oír ní fhágfa tú manam a nifrionn; ní mó fhuileongthair truáilliughadh dfaicsin dot Aon Naomhtha féin. Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan. O mo anam, a dubhairt tú ris an TTIGHEARNA, Is tú mo Thighearna: ní roichionn mo mhaith chugadsa;
Cluinfir mo ghuth air maidin, ó a THIGHEARNA; air maidin díreochaidh mé múrnaigh chugad, agus féuchfad súas.
Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad. Oír thusa, a THIGHEARNA, beannocha tú an fíréun; le fabhar timchiollfar é amhuil budh le scéith.
Agus atá a leitheid so do dhóthchas aguinn tré Chríosd a Ndía: Ní hé go bhfuilmíd cumasach ar áoinní smuáineadh uáinn féin mar uáinn féin; achd is ó Dhía atá ar gcumas; Noch fós do rinne minisdrí iomchubhaidh dhínn don tiomna núadh; ní don litir, achd don sbioruid: óir marbhuidh an litir, achd do bheir an sbiorad beatha.
Ionnadsa do chuireadar ar naithre a ndóigh: do chuireadar, agus do sháor tú íad. Chugadsa do chomhairceadar, agus do sáoradh íad: ionnad do chuireadar a ndóthchus, agus níor claóidheadh íad.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Ata Spiorad an Tighearna DIA orumsa; do bhrígh gur ung an TIGHEARNA mé do sheanmóir sgéula maithe do na ceannsuighibh; do chuir sé mé do cheangal súas na ccroidhthe mbriste, dfúagra saóirse do na braighdibh, agus oscuilte an phríusúin don druing atá ceangailte;
Agus guidhfidh misi an Tathair, agus do bhéura sé Comhfhurtuifhtheóir eile dhaóibh, ionnus go bhfanfadh sé bhur bhfochair go bráth; Spiorad na fírinne; noch nach bhféudan an sáoghal do ghabháil, ar a nadhbhar nach bhfaiceann sé é, agus nach aithnigheann sé é: achd aitheantaóisi é; óir fanuidh sé aguibh, agus biaidh sé ionnuibh.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda; Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Oír ní theilgfidh an TIGHEARNA dhe go brath: Acht ma tá go noibríghionn sé doilghios, gidheadh biáidh truaige aige do réir iomaid a thrócaireadh. Oír ní phíanann sé go toileamhuil ní mó ghortuighionn sé clann na ndaóine.
Oír ní bhfuil árdsagart aguinn ris nách féidir ar néugcruáis a mhóthughadh; achd air ar cuireadh cáthughadh sna huile neithibh a gcosamhlachd rinn, gan pheacadh. Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Agus annsa ló sin déaras tusa, A THIGHEARNA, molfa mé thú: má tá go raibh tú feargach riom, do filleadh thfearg uáim, agus do chomhfhurtuigh tú mé.
Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn.
Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éudtrom, noch nach mhairios acht momeint, níos módh go líonmhar agus truime mbairthanach dan ghloire dhuinne:
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
A se an TIGHEARNA mo aodhaire; agus ní bhiaidh easbhuidh orum. Do bheir sé orum luighe a ninbhear fhéir mínligh: tréoruigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin. Aiseoguidh sé manam: tréorochuidh sé mé a róduibh na fíréuntachda ar son a anma féin.
¶ Canuidh, a fhlaitheasa; agus bí súgach, a thalaimh; agus a shléibhte, brisidh amach a ccéoil: óir do chobhruigh an TIGHEARNA a phobal, do dhéana sé grása air a thrúaghaibh.
Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.
¶ Is do thrócaire an TIGHEARNA nach bhfuilmíd aidhmhillte, do bhrígh nach bhfáillighid a ghrása. Atáid núadh gach aon mhaidin: is mór thfíreantachtsa. Isé an TIGHEARNA mo chuid ronna, a deir manum; uimesin is ann bhías mo dhóigh.
Is ionmhuin liom an TIGHEARNA, do bhrígh go ccluin sé mo ghuth ann mathchuinghibh. Do chreid mé, uime sin do labhair mé: do bhí mé buáidheartha go hanmhór. A dubhras ann mo dheithnios, Atá a nuile dhuine bréagach. Cred an luáidheachd do bhéaras mé don TIGHEARNA ar son a thabhartas damh? Géabha me cupán an tslánuighthe, agus goirfead air ainm an TIGHEARNA. Coimhlíonfa mé mo mhóide don TIGHEARNA anois ós coinne a dhaóine uile. Is mórluáigh a bhfíaghnuise an TIGHEARNA bás a náomh. A THIGHEARNA, go deimhin is mé do sheirbhíseach; is mé do sheirbhíseach, agus mac hinnilte: do sgáoil tú mo chúibhrighthe. Is duitsi do dhéana mé iodhbartha an mholta, agus air ainm an TIGHEARNA ghoirfios mé. Diolfa mé mo mhóide ris an TTIGHEARNA anois ós coinne a phobail uile, A ccúirtibh thighe an TIGHEARNA, ann do mheadhónsa, a Ierusalem. Moluidh an TlGHEARNA. Do bhrígh gur chláon sé a éisdeachd chugam, ar anabharsin gairfe mé air ar feadh mo bheatha.
Agus déigheadar chum an TIGHEARNA íona mbuáidhreadh, do sháor sé íad ó na gcumhgach. Agus thug sé amach íad as dorchadus agus scáile an bháis, agus do bhris a ccuibhrighthe o cheile.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Ar son sáruighthe na mbochd, ar son osnadhach na neasbhadhach, anois éireocha mé, (a dubhairt an TIGHEARNA); cuirfé mé eision a neamhbaoghal ón té do chuirfeadh a ngaiste é.