Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Gáirid na fíréin, agus do chluin an TIGHEARNA, agus sáoruidh íad ó na nuile anacra. As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda; Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
Teilg do mhuirighin air an TTIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Ata fós manam ag feithiomh amháin air Dhía: noch ó bhfuil mo shlánughadh. Ná cuirigh bhur ndóigh a sárughadh, agus a sladuigheachd ná bíthi díomhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná cuiridh bhur ccroidhe air. Do labhair Día aonuáir; fá dhó chúala mé so; gur ré Día bheanas cumhachda. Mar an ccéadna is leátsa, a THIGHEARNA, trócaire: óir do bhéarair don duine do réir a oibre. Isé fós mo charruic agus mo shlánughadh; mo dhídean; ní chorrochthar mé go mór.
Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.
¶ Canuidh, a fhlaitheasa; agus bí súgach, a thalaimh; agus a shléibhte, brisidh amach a ccéoil: óir do chobhruigh an TIGHEARNA a phobal, do dhéana sé grása air a thrúaghaibh.
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Agus gó dtuguidh an Tíghearna féin Iósa Críosd, agus Día, eadhon ar Nathair, noch do ghrádhuigh sinn, agus tug dhúinn comhfhurtachd síorruidhe agus muinighin mhaith tré ghrás, Furtachd do bhur gcroidhthibh, agus go ndaingnidhe sé sibh sa nuile bhréithir agus dheaghobair.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú. Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Amhuil áon noch chomhfhurtuighios a mhathair, mairsin fhuirteochus misi oruibhsi; agus beithí ar bhur ccomhfhurtachd ann Ierusalem.
Agus a dhearbhráithre, ní hail leam ainbhfios do bheith oruibh, a dtáobh na muinntire atá na gcodladh, ionnas nach déunadh sibh doilgheas, mar an drung ag nách bhfuil muinighin. Oír má chréidmíd go bhfuáir Iósa bás agus gur eidéirghe sé, as amhluidh sin fós bhéuras Día an drung chodlus a Níosa ma ráon is.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Achd Día, do bheir furtachd do na daóinibh anbhfanna, tug sé furtachd dúinne ré teachd Thítuis;
Do rachfuinn a nanbhfhuinne, muna ccreidfinn go bhfaicfinn maith an TIGHEARNA a gcrích na mbéo. Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
Do chonnairc mé a shlighthe, agus leigheosuidh mé é: tréorochuidh mé é fós, agus aiseoga mé comhfhurtachda dhó féin agus dá chaóinteachaibh. Cruthuighim toradh na bpuisíneadh; Siothcháin, síothcháin don tí bhíos a nimchéin, agus don tí atá bhfogus, a deir an TIGHEARNA; agus leigheosuidh mé é.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
¶ Is misi, misi féin, an té chobhruigheas sibhsi: cía thusa, as a mbíath eagla ort roimhe dhuine rachus déug, agus roimhe mhac an duine noch do dhéantar mar an bhféur;
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
Beirim a bhuidhe do ghnáth ré mo Dhía ar bhur sonsa, do tháobh ghrás Dé do tugadh dhíbh a Niósa Críosd; Ar a nadhbhar go bhfuil sibh ar bhur ndéanamh saidhbhir sna nuile neithibh thrídsion, ann gach uile urlabhra, agus an gach uile eólas;
Agus an TIGHEARNA, is eision an té rachus romhad; biáidh sé maille riot, ni fheallfa sé ort, ní mó thréigfios sé thú: ná himeagluidh, agus ná bíodh úamhan ort.
Uime sin na bídhidh lán do chúram, ag rádh, Créd iósam? no, Créd iobhom? no, Créd chuirfeam umainn? (Oír a siád so uile iárruid na Cinidheacha:) óir áta a fhios ag bhur Nathair neamhdha go bhfuil a ríachdanas so uile oraibh. Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh. Uime sin na bíodh rochúram oruibh timcheall an laói máruigh: óir biaidh a sháith curium air an lá a márach timcheall a neithe féin. Is lór do lá a olc féin.
Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éudtrom, noch nach mhairios acht momeint, níos módh go líonmhar agus truime mbairthanach dan ghloire dhuinne: Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.
Agus do bheirim an bheatha mharrthanach dhoibh; agus ni rachaid siád a mugha go bráth, agus ní fhúaideóchaidh eínneach as mo láimh iad. Mathair, noch thug dhamhsa íád, as mó é ná na huile; agus ní fhéudann éinneach a bhfuadach as láimh Mathar.
Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Ré na sciathán foileochaidh sé thú, agus fa na sciathánaibh chuirfios tú do dhóthchus: is scíath agus buicléir a fhirinne.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
An ní ann a bhfuil sibhse ag déunamh gáirdeachais, bíodh go bhfuil sibh a nois ré sealad, má atá na riachdanus, fá thuirse a gcathuighthibh éugsamhla: Ionnus go bhfuighthigh dearbhadh bhur gcreidimh, is rouáisle na ór théid air neimhní, bíodh go ndearbhthar é lé teine, na mholadh agus na onóir agus na ghlóir an tan fhoillseóchas Iósa Críosd é féin:
Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid; Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus: Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Féuch, atá súil an TIGHEARNA ar an luchd air a bhfuil a eagla, air an lucht chuirios a ndóigh iona thrócaire; Do sháoradh a nánma ó bhás, agus dá ccongmháil béo a ngorta.
Oír amhuil mar líonus páis Chríosd ionnuinn, as amhluidh sin líonus ar bhfurtachd mar an gcéadna tré Chríosd.
Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.
Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía.
Noch atá aguinn mar ancaire, daingean diongmhálta a nanma, agus théid a steach go soithe a ní atá don táoibh a stigh don bhrat;
Agus fillfid an mhéid fhúasglas an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Síon maille re céol agus re gáirdeachus síorruidhe ar a cceannuibh: glacfuid síad gáirdeachus agus lúathgháir, agus teithfidh dóbrón agus osnadhach úatha.
Is ionmhuin liom an TIGHEARNA, do bhrígh go ccluin sé mo ghuth ann mathchuinghibh. Do chreid mé, uime sin do labhair mé: do bhí mé buáidheartha go hanmhór. A dubhras ann mo dheithnios, Atá a nuile dhuine bréagach. Cred an luáidheachd do bhéaras mé don TIGHEARNA ar son a thabhartas damh? Géabha me cupán an tslánuighthe, agus goirfead air ainm an TIGHEARNA. Coimhlíonfa mé mo mhóide don TIGHEARNA anois ós coinne a dhaóine uile. Is mórluáigh a bhfíaghnuise an TIGHEARNA bás a náomh. A THIGHEARNA, go deimhin is mé do sheirbhíseach; is mé do sheirbhíseach, agus mac hinnilte: do sgáoil tú mo chúibhrighthe. Is duitsi do dhéana mé iodhbartha an mholta, agus air ainm an TIGHEARNA ghoirfios mé. Diolfa mé mo mhóide ris an TTIGHEARNA anois ós coinne a phobail uile, A ccúirtibh thighe an TIGHEARNA, ann do mheadhónsa, a Ierusalem. Moluidh an TlGHEARNA. Do bhrígh gur chláon sé a éisdeachd chugam, ar anabharsin gairfe mé air ar feadh mo bheatha.
A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé: Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?
¶ Gidheadh fuirfheithmhigh an TIGHEARNA, ré bheith grásamhuil daóibh, agus áirdeochthar uimesin é, chor go ndéana sé trócaire oruibh: óir is Día breitheamhnuis an TIGHEARNA: is beannuigh an mhéid fhuirfheithfios air.
Annsin gháirdeochus an mhaighdion annsa damhsa, na daóine óga araon agus na seanóiridhe: óir fillfidh misi a ngúbha a ngáirdeachus, agus coibhreocha mé íad, agus do bhéara mé orra sólásughadh ó na ndólás.
Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.
Uime sin mar atá cómhfhurtachd ar bith a Gcríosd, má atá sólas ar bith grádha, má atá cumann ar bith Sbioruide, má atá truáighe ar bith nó trócaire, Ionnus go ccromthadh gach uile ghlún dainm Iósa, eadhon glúine na neitheann atá ar neamh, agus ar talamh, agus fáoi an dtalamh; Agus go naidmheóchadh gach uile theanguidh gur ab é Iósa Críosd an Tighearna, chum glóire Dé Athar. Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh. Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh do réir a dheaghthola. Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid: Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal; Ag síneadh bhréithre na beatha uáibh amach; ionnus go dtiucfadh dhíomsa mórdháil do dhéunamh a ló Chríosd, nár rioth mé go díomháoin, agus nár sháothruidh mé go díomháóin. Achd fós, bíodh go bhfuilim dom íodhbairt ar muin íodhbartha agus sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá lúathgháir oram, agus gáirdeachas má ráon libhse uile. Ar son a nadhbhair chéudna déanuighse fós lúathgháir, agus gáirdeachas má ráon riomsa. Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna Iósa ré Timoteus do chur chuguibh go haithghearr, ionnus go mbéinn deighmheisnigh, ar bhfagháil fheasa créud as cor dhíbhse. Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh déininntinn, dáonghrádh, déuntoil, agus déinbhreitheamhnas.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Ag soillsiughadh súl bhur ccroidhe; chum a fheasa do bheith aguibh créud í muinighin a ghlóire a óighreachda sna náomhuibh, Agus créd é roimhéud a chúmhachd dár dtáoibhne an dream chreideas, do réir oibriughadh a mhóirneirt,
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide. Agus má atá Críosd ionnuibh, atá an corp go deimhin marbh do thaóibh an pheacuigh; achd is beatha an Spiorad tré fhiréantachd. Achd má chomhnuigheann ionnuibh Spiorad an té do dhúisigh Iósa ó mharbhuibh, an té do dhúisigh Críosd ó mharbhuibh béodhachaigh sé bhar gcuirp shó mharbhthachasa mar an gcéudna tré na Spioruidsion chomhnuigheas ionnuibh. Uime sin, a bráithreacha, ní don fheóil, atámaóid ar bhféitheamhnuibh, ar chor go gcaithfeadhmaóis ar mbeatha do réir na féola. Oír más do réir na féola chaithfidhe bhar mbeatha, do ghéubthaói bás: achd má mharbhthaói gníomhartha na colla leis an Spioruid, do gheubhthaói beatha. Oír an mhéid thréoruighthear lé Spiorud Dé, a síad clann Dé íad. Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair. Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Dhía sinn: Agus más clann, is oidhrighe fós sinn; óidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhóidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd ris, ionnus go mbemís a ccómhghlóir ris. Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn. Oír atá feitheamh díthcheallach gach creatúir ag fuireach ré foillsiughadh chloinne Dé. Oír do sháor dligheadh Spioruide na beatha a Níosa Críosd misi ó dligheadh an pheacaidh agus an bháis.
Do bheir sé cumhachda do nanbhfann; agus don droing ag nach bí neart méuduighidh sé neart. ¶ Guth an té fhúagras ann sa bhfásach, Gléasuidh slighe an TIGHEARNA, déanaidh díreach annsa díothramh slighe mhór dar Ndía. Laigeochthar fós na hogánuigh agus beid coirthe, agus tuitfid na hóigfhir thríd amach: Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Is ón TTIGHEARNA orduighthear coiscéime an duine: an tan bhías dúil aige iona shlighe. Bíodh go ttuitfeadh, ní teilgfighthear síos é: óir congmhaidh an TIGHEARNA a lámh súas.
Is cumhachtach an TIGHEARNA do Dhía ann do lár: tárthocha sé, gáirdeocha sé ós do chionnsa lé lúathghair; coimhneocha sé ann a ghrádh, gáirdeocha sé ós do chionn le caintic.
An tí diomchair ar bpeacuighne ann a chorp féin air an gcrann, ionnus air mbeith dhúinne marbh do na peacuighibh, go mairfemís do nfíréuntachd: an tí agár leigheasadh sibhse ré na chréuchduibh.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
Agus cóimhneochuidh mo phobalsa a náitreabh shíothchanta, agus a ttighthibh daingne, agus a socamhul shuáimhneach;
Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn.
A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa. A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
Ní rachuidh do ghrían faói ní as mó; agus ní sheachona do ghealach í féin: óir isé an TIGHEARNA bhus solus síothbhúan duit, agus críochnochthar láethe do ghubha.
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
Biaidh an lucht chuirios a ndóigh annsa TIGHEARNA mar shlíabh Síon, nach féidir a chorrughadh, ach mhairios go bráth. Atáid Ierusalem na sléibhte na timchioll; agus is amhluigh atá an TIGHEARNA a timchioll a dhaóine ó núairsi agus go síorruidhe.
Oír coibhreochuidh an TIGHEARNA Sion, coibhreochuidh sé a háite fásuigh uile; agus do dhéana sé a fásach cosmhuil ré Heden, agus a díothramh cosmhuil ré gáirdin an TIGHEARNA; do gheibhthear gáirdeachus agus sólás ann sin, breith bhuidhe, agus guth ceóil.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair. Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Oír ní bhfuil árdsagart aguinn ris nách féidir ar néugcruáis a mhóthughadh; achd air ar cuireadh cáthughadh sna huile neithibh a gcosamhlachd rinn, gan pheacadh. Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Do fheith mé go foighideach ris an TTIGHEARNA; agus do chláon sé chugam, agus do chúaluidh mo chomhairc. Níor fholuigh mé thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór. Ná connuimhsi úaim a THIGHEARNA, do thrócaire chineulta: coimhéadadh hoineach grádhach agus thfírinne do ghnáth mé. Oír do timchiolladar uilc dhóairmhe fa ccuairt mé: do ghabhadar na peacaidh greim dhíom, agus ní fhéaduim fhéuchuin súas; atáid ní is líonmhuire ná grúag mo chinn: agus do thréig mo chroidhe mé. Toiligh, a THIGHEARNA, mo sháoradh: a THIGHEARNA, déan deithnios dom chabhair. Náirighthear, agus claóidhtear íad a néinfheachd noch íarrus manam do mhilleadh; filltior ar a nais agus náirighthear an dream noch órduighios olc dhamh. Diothlaithrighthear íad mar lúaigheachd a náire noch a deir riom, Aha, aha. Déanaidís gáirdeachus agus bídís lúathgháireach ionnadsa gach áon dá níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, Go méadighthear an TIGHEARNA. Bíodh go bhfuilim bochd agus easbhuidheach; smuáinfidh an TIGHEARNA orum: is tú mo chobhartha agus mo shaortheoir; ó a Dhía, ná déan faillighe. Thug sé súas mé mar an gcéadna as an bpoll úathbhásach, as criáidh lathaidh, agus do chuir mo chosa ar charruic, agus do dhaingnidh mo choiscéime.
Acht a nois is marso a deir an TIGHEARNA do chruthaidh thusa, a Iácob, agus an té do chum thú, a Israel, Ná himeagluigh: óir dfúasguil mé thú, do ghoir mé thú as hainm; is liomsa thú.
Do bhrígh go rabhuis mar chabhair agam, agus do dhéan gáirdeachus a sgáile do sciathán. Leanaidh manam go dlú ort: connmhann do lamh dheas súas mé.
Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse do réir a sháidhbhris maille ré glóir a Níosa Críosd.
Acht atá tusa, a THIGHEARNA, Día trócaireach, grásamhuil, ag fulang a bhfad, agus lán do thrócaire agus dfírinne.
Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair. Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Dhía sinn:
A chlann bheag, as ó Dhía atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrthasan: óir as mó an tí atá ionnuibhse, na an tí atá sa domhan.
Má shiúbhluim a meadhón an chúmhgaidh, aithbheochuidh tusa mé: ar son fheirge mo námhad sínfe tú úait do lámh, agus tárthocair mé lé do láimh dheis.
O a THIGHEARNA, bí grásamhuil dúinn; do fhéitheamar ort: bí ad ruigh aca gach maidin, ar slánughadh fós a nam na buáidheartha.
Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA thú ó nuile olc: coimhéadfa sé hanam. Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA do dhul amach agus do theacht a steach ó namsa amach, agus go síorruidhe.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
A né nach reacthar dhá ghealbhann ar fhéorlig? agus ní thuitfidh áon aca ar an dtalamh gan bhur Nathairse. Phillip, agus Bartalomeus; Tomás agus Matta fear cruinnighthe an chusduim; Séumus mhac Alpheus agus Lebéus, dara chomhainm Tádéus; Achd cheana atá grúag bhur gceinnse uile ar na comháireamh. Ar a nádhbharsin na bíodh eagla oraibh, is fear sibhsi ná mórán gealbhánn.
Cía dhealóchus sinn ó ghrádh Chríosd? Trioblóid, nó amhgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnochduighe, nó peiríacuil, nó cloidheamh? (Mar atá sgriobhtha, Is ar do shonsa mharbhthar sinn ar feadh an láoi; atámáoid air ar meas mar cháorcha ré huchd a marbhtha.) Achd, buáidhemíd ionnta so uile trés an té do ghrádhuigh sinn. Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Bi trócaireach dhamh, a Dhé, bí trócaireach dhamh: óir is ionnadsa atá dóigh manma: agus a scáile do sciathán bhías mo dhóigh, nó go ndeachaidh na huilcsi thorum. Oír is mór do thrócaire go nuige na neamha, agus thfírinne go nuige na néulla. Bí ar hárdughadh, ós cíonn na bflaitheas, a Dhé: do ghlóir ós cionn na talmhan uile. Eíghfe mé chum Dé is ro áirde; chum an Dé noch choimhlíonus a nuile ní dhamhsa.
Do bhí seision buáidheartha ann a nuile bhuáidhreadhsan, do thárthuigh aingeal a aighthe iad: ann a ghrádh agus ann a thruáighe dfúascail sé íad; diomchuir sé, agus rug leis íad uile láethe an tsáoghail.
Oir foileochuigh sé mé iona pháilliún a ló a nuilc: coimhéudfuidh mé go secréideach a nuáignios a thabernacuil; ar charruic thóigfios sé súas mé.
A chlann bheag, sgríobhuim na neithese chuguibh, ionnus nach déunadh sibh peacadh. Agus má rinne éinneach peacadh, atá abhcóidigh aguinn a bhfochair a Nathar, Iósa Críosd an firéún.
Oír imeochuid na sléibhte, áthrochar na cnoic; acht ní imeochuidh mo chínealsa uáitsi, ní mo áthrochthar cunnradh mo shíothchána, a deir an TIGHEARNA do rinne trócaire ort.
Agus is ón TIGHEARNA atá slánughadh a nfíréin: sé a neart é a naimsir a néigiontuis. Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe. Agus do bhéaruidh an TIGHEARNA cabhair dhoibh, agus sáorfuidh íad: sáorfuidh se íad ó na drochdhaóinibh, agus coimhdeochuidh íad, do bhrígh go bhfuil a ndóigh ann.
Agus go nuige a naóis fhoirfe is misi féin é; agus fós go nuige an bhfolt líath iomchora mé: is misi do rinne, agus is mé iomchorus; iomchora mé, agus sáorfa mé sibh.
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn, Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san. Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é. Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbracadh; Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe; ach go madh táosga leighéosaidh é. Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan; Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh. Oír atá a fhios aguibh an tan bá mían rís fós ná dhiáigh sin, an bheannachd fhagháil mar oighreachd, gur diultadh é: óir ní bhfuáir sé áit aithrighe, bíodh gur íarr sé í maille re déuruibh. Oír ní chum an tsléibh thangabhair ré a bhféudtar cumailt, ná chum na tíneadh lasarrgha, ná chum na sdoirme, ná an dorchaduis, na an gairbhshíain, Ná chum fuáime an sduicm bá ghótha na mbríathar; agár shireadar an dream do chúaluidh é dathchuinge gan an bhríathar do labhairt ríu féin ní sa mhó: Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Foghnuidh croidhe súgach amhuil leighios: acht tiormuighidh spiorad briste na cnámha.
Diompóigh tú mó dhóbhrón a damhsa dhamh: do chuiris díom mo shaicéadach, agus do choimhcheangluis mé lé lúathgháir;
Agus go méuduighe an Tíghearna sibh agus go dtuguidh fó deara dhibh líonadh a ngrádh dhá chéile, agus do na huile dhaóinibh, do réir mar atámuidne fós díbhse: Chum bhur gcroidheadh do dhaingniughadh neimchiontach a náomhthachd a bhfiadhnuisi Dé eadhon ar Nathar, a dteachd ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré na nuile náomhuibh.
Oír más béo dhuinn, as don Tighearna atámáid beó; agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh: uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn.
¶ Lorguidhsi an TIGHEARNA an feadh bhías sé ar fagháil, goiridh air an feadh atá sé a bhfogus: Tréigeadh an drochduine a shlighe, agus an duine neimhfhíréanta a smuaintighthe: agus filleadh sé chum an TIGHEARNA, agus do dhéana sé trócaire air; agus chum ar Ndénne, óir maithfidh sé go líonmhar.
Oír is féarr do chinéul grádhach, ná beatha, molfa mo bhéul thú. Marso bheinneochad thú an feadh mhairfiod: ann thainm tóigfiod súas mo lámha.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Blaisidh, agus féuchuidh gur maith an TIGHEARNA: is beannuigh an duine agá mbí a dhóigh ann.
Agus ar bhféachain Diósa orrtha a dubhairt sé ríu, Ní bhfuil so ar chumas do na dáoinibh: achd a tá gach uile ní ar chumas do Dhía
Gáirdeochuidh mé go mór annsa TIGHEARNA, biáidh manam sólásach ann mo Dhia; óir déaduigh sé mé a cculadhuibh an tslánaighthe, dfoluigh sé mé le róba na firéantachda, amhuil chóirigheas fear núadhpósta é féin le breághachtuibh, agus mar chóirigheas an bhean núadhphósta í féin lé na séuduibh.
Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san. Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é.
Oír do rinne tú lúathgháireach mé, a THIGHEARNA, le hobairsi: do dhéan gáirdeachus a ngníomhuibh do lámh.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Do chuáidh a noidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuireann umainn éideadh an tsolais.
Oir is marso a deir an Tighearna DIA, Neach Náomhtha Israel; A niompogh agus a suáimhnios béithí tárthúighthe; a cciúnas agus a ndóthchus bhías bhur neart: agus níor bháill libh.
Bíad lúathghaireach agus do dhéan gáirdeachus ann do thrócaire: oír do chonnairc tú mo bhuáidhreadh; agus daithin tú manam a néigion;
Agus atá a leitheid so do dhóthchas aguinn tré Chríosd a Ndía: Ní hé go bhfuilmíd cumasach ar áoinní smuáineadh uáinn féin mar uáinn féin; achd is ó Dhía atá ar gcumas;
Agus ionnus go molfadh na cineadhacha Día ar son a throcaire; do réir mar atá sgríobhtha, Ar a nadhbharsa aidmheocha mé thú a measg na Gcineadhach, agus do dhéuna mé ceól dod ainm.
Oír rachthaóisi amach maille re meanmuin, agus béarthar amach sibh maille re síothcháin: brisfid na sléibhte agus na cnoic amach romhuibh a gceól, agus buáilfid uile chranna an mhagha a lámha.
Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?
Gidheadh, O manam, comhnuighsi a Ndía amháin; óir is úadhsan atá mo dhóthchus. Is eision amháin mo charruig agus mo shlánughadh: is é mo dhídion; ní chorrochthar mé. A Ndía atá mo shlánughadh agus mo ghlóir: carruic mo neirt, a Ndia, atá mo dhóigh. Cuiridh bhur ndóigh ann a ccomhnuighe; sibhsi a dhaoine, dóirtighe amach bhur ccroidhe dá lathair: isé Día is dídion dhúinn. Selah.
Dórdúghadh don druing chaoídheas a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dóbróin, éaduigh an mholta ar son spioruidhe brúighte: go ngoirfidhe crainn na fíroantachda dhiobh, planndughadh an TIGHEARNA, chor go nglórfuidhe é.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Achd atáim a nois ag teachd chugadsa, agus labhraim na neithesi ar a tsáoghal, ionnus go mbíadh mo gháirdeachas iomlán ionntasan.
Beathochuidh sé a thréud amhúil áodhaiare: cruinneochaidh se na huáin le na láimh, agus iomchoruidh sé iona ucht íad, agus tiomáinfidh go mín an chuid iona mbí óig.
An dream chuirios síol a ndéaruibh beanfaid a lúathgháire. An té dimthigh amach go doilghiosach agus do ghuil, ag cur a shíl, tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a phunnann.
Oír do dhéuna an Túan atá a méadhón na catháoireach íadsan do bheathughadh, agus dhéunuidh a dtreórughadh go tiubruidibh uisge na beatha: agus glanfuidh Día a nuile dheór ó na súilibh.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh. Chum oighreachda neamhthruailligh, gan cháidhe, nach dtéid a seirge, choimhéudtar ar neamh fá bhur gcomhairse.
Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach.
Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúaillean an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh: Ar a nadhbharsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luchd an fhúarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís glóir ó dhaóinibh. Go firinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarasdal aca. Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míoll críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe: Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.
Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.
Ionnus go ndéanadh Críosd comhnuidhe tré chreideamh ann bhur gcroidhthibh: Ionnas ar mbeith díbh, ar bhur bhfréumhughadh agus ar bhur bfonndameantughadh a ngrádh, go madh féidir libh a choimsiúghadh maille ris na huile náomhuibh créd é an leithead, agus an fad, agus an doimhne, agus an aired; Agus eólus ro oirdheirc ghrádha Chríosd do bheith aguibh, chum go lionfuidhe sibh ré huile iomláine Dé.
Eirghidh solus don droing dhírigh san dorchadas: don ghrásamhuil, don trócaireach, agus do nfíréan.
Achd do réir mar atá sgriobhtha, Ní fhacaidh súil, agus ní chuálaidh clúas, agus nír smuain croídhe duine, na neithe do ullmhuigh Día don druing ghrádhaigheas é.