As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda; Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Teilg do mhuirighin air an TTIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.
Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.
A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé: Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Agus a dhearbhráithre, ní hail leam ainbhfios do bheith oruibh, a dtáobh na muinntire atá na gcodladh, ionnas nach déunadh sibh doilgheas, mar an drung ag nách bhfuil muinighin. Oír má chréidmíd go bhfuáir Iósa bás agus gur eidéirghe sé, as amhluidh sin fós bhéuras Día an drung chodlus a Níosa ma ráon is.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad. Dóthchusáidh annsa TIGHEARNA go bráth: óir is annsa TIGHEARNA IEHOBHAH atá an neart síorruidhe:
Na buáidhearthar bhur gcroidhesi: creidídh a Ndía, agus creidídh ionnamsa. An né nach ccreideann tú go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnamsa? na briathra labhrum ribhse, ní uáim féin labhruim íad: achd an Tathair, atá na chomhnuidhe ionnam, as é do ní na hoibreacha. Creididh mé go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnumsa: ní as lugha dhe creididh dhamh ar son noibreacha féin. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé chreidéas ionnamsa, do dhéuna se na hoibreacha nímsi; agus do dhéuna sé oibreacha as mó ná íad; oir atáimsi ag dul dionsuighe Mathar. Agus gidh bé ní íarrfuidhe am ainmsi, do dhéuna misi sin: do chum go ndéanfaidh an Tathair glórughadh ann sa Mhac. Má íarrthaói ní ar bith a mainmsi, do dhéuna misi é. Más ionmhuin libh misi, coimhéuduidh maitheanta. Agus guidhfidh misi an Tathair, agus do bhéura sé Comhfhurtuifhtheóir eile dhaóibh, ionnus go bhfanfadh sé bhur bhfochair go bráth; Spiorad na fírinne; noch nach bhféudan an sáoghal do ghabháil, ar a nadhbhar nach bhfaiceann sé é, agus nach aithnigheann sé é: achd aitheantaóisi é; óir fanuidh sé aguibh, agus biaidh sé ionnuibh. Ní bhfuigfe mé bhur ndílleachduibh sibh: tiucfa mé chugaibh. Tamall beag fós, agus ní fhaicfe an sáoghal feasda mél achd do chífidhísi mé: do bhrígh go bhfuilimsi béo, beithisi béo mar an gcéadna. As iomdha tíaghais a dtigh Matharsa: agus muna mbeith, dinnéosuinn dháoibh é. Atáim ag dul dullmhughadh áite dháoibh. An sa lá sin áitheontaói go bhfuilímsi sa Nathair, agus sibhsi ionnama, agus misi ionnuibhsi. Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó. A dubhairt Iudás ris, ní hé Iscariot, A Thighearna, créd é an tadhbhar fá dtaisbéantá thú féin dúinne, agus ní do tsáoghal? Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Gidh bé ghrádhuifheas misi, coimheudfuidh sé mo bhriathar: agus gráidheochuidh Mathair é, agus tiocfamaóid chuige, agus do dhéunam comhnuidhe aige. Gidh bé nach grádhuigheann misi ní choimhéudann sé mó bhríathra: agus an bhriathar do chúalabhair ní leamsa í, achd leis a Nathair do chuir úadh mé. A dubhairt mé na neithesi ribh, air mbeith am chomhnuidhe aguibh. Achd an Comhfhurtáightheóir, an Spiorad Náomh, noch chuirfeas an Tathair úadh a mainmsi, múinfidh sé na huile neithe dhibh, agus cuirfidh sé a ccuimhne dhibh, gach uile ní dhá ndubhairt misi ribh. Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air, Do chúalabhair go ndubhairt mé ribh, Imthighim, agus thigim chugaibh. Dá ngrádhuigheadh sibh misi, do bhíadh lúathgháir oruibh, do bhrígh go ndubhairt mé, Atáim ag dul chum a Nathar; óir as mó Mathair ná misi. Agus a nois dinnis mé so dhaóibh, suil. Thiocfas sé chum críche, ionnus, go gcreidfeadh sibh, an tan thiocfas sé chum críche. Agus ma imthighim dullmhughadh áith dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agus géubhuidh mé sibhsi chugam fein; ionnus mar a bhfuilimsi, go mbía sibhse fós ann.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair. Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Agus do dtuguidh Tíghearna na síothchána féin síothcháin dhíbh do shíor ar gach éunchor. An Tíghearna maille ribh uile.
Ata fós manam ag feithiomh amháin air Dhía: noch ó bhfuil mo shlánughadh. Ná cuirigh bhur ndóigh a sárughadh, agus a sladuigheachd ná bíthi díomhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná cuiridh bhur ccroidhe air. Do labhair Día aonuáir; fá dhó chúala mé so; gur ré Día bheanas cumhachda. Mar an ccéadna is leátsa, a THIGHEARNA, trócaire: óir do bhéarair don duine do réir a oibre. Isé fós mo charruic agus mo shlánughadh; mo dhídean; ní chorrochthar mé go mór.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
Agus an TIGHEARNA, is eision an té rachus romhad; biáidh sé maille riot, ni fheallfa sé ort, ní mó thréigfios sé thú: ná himeagluidh, agus ná bíodh úamhan ort.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú.
Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
¶ Is do thrócaire an TIGHEARNA nach bhfuilmíd aidhmhillte, do bhrígh nach bhfáillighid a ghrása. Atáid núadh gach aon mhaidin: is mór thfíreantachtsa.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé.
Agus an tan ghéubhus a ní truáillighesi neamhthruáilleadh uime, agus a ní somharbhthasa neamhmarbhthachd uime, biáidh an tan sin an bhriathar atá sgríobhtha ar na coimhlíonadh, Do sluigheadh an bás a mbuáidh. O a bháis, gá háit a bhfuil do cháilg? ó a úaimh, gá háit a bhfuil do bhuáidh?
Agus sibhsi mar an gcéadna atáthaoi a nois go dóbrónach: gidheadh do chífe mé a ris sibh, agus do dhéunaid bhur gcroidhe gáirdeachus, agus ní bhéura éunduine bhur ngairdeachus uáibh.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Noch atá aguinn mar ancaire, daingean diongmhálta a nanma, agus théid a steach go soithe a ní atá don táoibh a stigh don bhrat;
An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
Oir foileochuigh sé mé iona pháilliún a ló a nuilc: coimhéudfuidh mé go secréideach a nuáignios a thabernacuil; ar charruic thóigfios sé súas mé.
Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Oír más béo dhuinn, as don Tighearna atámáid beó; agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh: uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn.
Sluígfidh sé súas an bás a mbuáidh; agus tiormochuidh an Tighearna DIA déora do na huile aighthibh; agus cuirfe sé masla a phobail ar ccúl ón ttalamh uile: óir do labhair an TIGHEARNA é.
Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éudtrom, noch nach mhairios acht momeint, níos módh go líonmhar agus truime mbairthanach dan ghloire dhuinne: Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid; Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus: Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Ata Spiorad an Tighearna DIA orumsa; do bhrígh gur ung an TIGHEARNA mé do sheanmóir sgéula maithe do na ceannsuighibh; do chuir sé mé do cheangal súas na ccroidhthe mbriste, dfúagra saóirse do na braighdibh, agus oscuilte an phríusúin don druing atá ceangailte; Gáirdeochuidh mé go mór annsa TIGHEARNA, biáidh manam sólásach ann mo Dhia; óir déaduigh sé mé a cculadhuibh an tslánaighthe, dfoluigh sé mé le róba na firéantachda, amhuil chóirigheas fear núadhpósta é féin le breághachtuibh, agus mar chóirigheas an bhean núadhphósta í féin lé na séuduibh. Oír mar do bheir an talamh a fhás amach, agus amhuil do bheir an gáirdín ar na neithibh cuirthear ann fás a níos; marsin do bhéar an Tighearna DIA fíréanntachd agus moladh dfás súas as coinne na nuile chríoch. Dfúagra blíadhna taitneamhuigh an TIGHEARNA, agus láe dioghaltais ar Ndé; do chabhrughadh na méide chaoidheas: Dórdúghadh don druing chaoídheas a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dóbróin, éaduigh an mholta ar son spioruidhe brúighte: go ngoirfidhe crainn na fíroantachda dhiobh, planndughadh an TIGHEARNA, chor go nglórfuidhe é.
Do fheith mé go foighideach ris an TTIGHEARNA; agus do chláon sé chugam, agus do chúaluidh mo chomhairc. Níor fholuigh mé thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór. Ná connuimhsi úaim a THIGHEARNA, do thrócaire chineulta: coimhéadadh hoineach grádhach agus thfírinne do ghnáth mé. Oír do timchiolladar uilc dhóairmhe fa ccuairt mé: do ghabhadar na peacaidh greim dhíom, agus ní fhéaduim fhéuchuin súas; atáid ní is líonmhuire ná grúag mo chinn: agus do thréig mo chroidhe mé. Toiligh, a THIGHEARNA, mo sháoradh: a THIGHEARNA, déan deithnios dom chabhair. Náirighthear, agus claóidhtear íad a néinfheachd noch íarrus manam do mhilleadh; filltior ar a nais agus náirighthear an dream noch órduighios olc dhamh. Diothlaithrighthear íad mar lúaigheachd a náire noch a deir riom, Aha, aha. Déanaidís gáirdeachus agus bídís lúathgháireach ionnadsa gach áon dá níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, Go méadighthear an TIGHEARNA. Bíodh go bhfuilim bochd agus easbhuidheach; smuáinfidh an TIGHEARNA orum: is tú mo chobhartha agus mo shaortheoir; ó a Dhía, ná déan faillighe. Thug sé súas mé mar an gcéadna as an bpoll úathbhásach, as criáidh lathaidh, agus do chuir mo chosa ar charruic, agus do dhaingnidh mo choiscéime. Agus do chuir sé caintic núadh ann mo bhéul, moladh dar Ndía: do chífid mórán é, agus biáidh eagla orra, agus cuirfid a ndóigh annsa TIGHEARNA.
A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.
Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag; oir a si toil bhur Nathar an rioghachd do thabhairt dáoibh.
Ní léigfidh sé dot chois corrughadh: ni choidéola an té choimhéadas thusa. Féuch, an té choimhéadas Israel ní dhéana sé táimhnéull ná codladh.
¶ Go deimhin diomchuir sé ar ndoilghiosa, agus diomchuir sé ar ndóbrón: gidheadh do mheasamar é buáilte, buáilte ó Dhía, agus smachtuighthe. Acht is ar son ar lochtne do loiteadh é, do brúigheadh é ar son ar cciontadhne: is airsion do bhí smachdughadh ar síothchána; agus is le na chneadhuibhsion atamaóidne slánuighthe.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Cía atá ágam a bhflaitheamhnus? agus cosmhuil riotsa ní bhfuil solus agam ar talamh. Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach.
Do bheir sé cumhachda do nanbhfann; agus don droing ag nach bí neart méuduighidh sé neart.
Ré na sciathán foileochaidh sé thú, agus fa na sciathánaibh chuirfios tú do dhóthchus: is scíath agus buicléir a fhirinne.
Agus do bheirim an bheatha mharrthanach dhoibh; agus ni rachaid siád a mugha go bráth, agus ní fhúaideóchaidh eínneach as mo láimh iad. Mathair, noch thug dhamhsa íád, as mó é ná na huile; agus ní fhéudann éinneach a bhfuadach as láimh Mathar.
Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn.
¶ Canuidh, a fhlaitheasa; agus bí súgach, a thalaimh; agus a shléibhte, brisidh amach a ccéoil: óir do chobhruigh an TIGHEARNA a phobal, do dhéana sé grása air a thrúaghaibh.
Agus má deirim, Foileochuidh an dorchadus mé go deimhin; biáidh a noidhche go dearbhtha na solus am thimchioll. An dorchadus féin ní dhorchuighionn uáitsi; agus do bheir a noidhche solus úaithe mar an lá: mar an ndorchadus is amluidh sin atá an solus.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Oír is marso a déaruidh an Táon árd úachdarach noch áitreabhus a siorruigheachd, darab ainm Náomtha; áitreabhad ann sa náit áird agus náomhtha, agus maille ris an té atá do spioruid chomhmbrúighte agus umhail, daithbhéoghadh spioraide na numhal, agus daithbhéoghadh croidhe na druinge bhios comhmbrúighte.
Do fheith mé air an TTIGHEARNA, atá manam ag feithiomh, agus iona bhréithir atá mo dhóigh. Atá manam ag feithiomh air an TTIGHEARNA ní sa mhó ná do níd lucht faire air an maidin: lucht faire na maidne.
Achd do réir mar atá sgriobhtha, Ní fhacaidh súil, agus ní chuálaidh clúas, agus nír smuain croídhe duine, na neithe do ullmhuigh Día don druing ghrádhaigheas é.
Oír amhuil mar líonus páis Chríosd ionnuinn, as amhluidh sin líonus ar bhfurtachd mar an gcéadna tré Chríosd.
Oír thusa, a THIGHEARNA, beannocha tú an fíréun; le fabhar timchiollfar é amhuil budh le scéith.
Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd:
Féachaigh ar éunlaith a naiéir: oír ni chuirid siól, agus ní bheanuid siád, agus ní chruinnighid síad ann an sgíobólaibh; gidheadh beathaighidh bhur Nathair neamhdhasa iád. A né nach fear sibhsi go mór na iádsan?
Atá Día iona meadhon; ní corrochtar í: do bhéaraidh Día furtachd di, re héirghe amuch na maidne.
Agus cóimhneochuidh mo phobalsa a náitreabh shíothchanta, agus a ttighthibh daingne, agus a socamhul shuáimhneach;
Féuch orum, agus déan trócaire orum; óir atáim áonránach agus buaidheartha. Do fairsingeadh buáidhreadh mo chroidhe: ó tabhairsi amach as manacra mé.
An bhfuil éinneach eadruibh ar na bhuáidhreadh? déunadh sé urnuighe. An bhfuil subhachas ar éinneach? cánadh sé sailm.
Uime sin ar bhfagháil ríachda dhúinn nach féidir a chorrughadh, bíodh grás aguinn, tré na bhféudfum seirbhís a dhéunamh do Dhía ann a mbíadh dúil aige maille ré náire agus ré faitcheas:
Uime sin don tí lér féidir na huile neithe do dhéunamh go hiomarcach tar mar iarrmuid nó mar smuáinemíd, do réir an chúmhachd oibrigheas ionnain,
Achd atáim a nois ag teachd chugadsa, agus labhraim na neithesi ar a tsáoghal, ionnus go mbíadh mo gháirdeachas iomlán ionntasan.
Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach.
Ann sin ghoirfios tú, agus freagoruidh an TIGHEARNA; éighfidh tú, agus a déara seision, Atáim annso. Má chuirionn tú uáit as do lár an chuing, cuir amach an mhéir, agus labhairt díomhaóinis;
O cred méad do mhaitheasa, nóch do thaisgidh tú don luchd air a mbí heagla; doibrigh tú don luchd chuirios a ndóthchus ionnad a lathair mhac na ndaóine!
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Agus do aithneamhar agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Is grádh é Día; agus an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a Ndía, agus Día annsan.
Mar bhíos truáighe ag athair dá chloinn, is marsin atá truáighe ag an TTIGHEARNA don lucht air a bhfuil a eagla. Oír is aithne dhó ar bhfoirm; cuimhnigh sé gur luáithreadh sinn.
Agus a dubhairt Iósa riú, Is misi arán na beatha: an té thig chugamsa ni bhía ocras go bráth air; agus an té chreideas ionnam ní bhía tart go bráth air.
Do taibhreadh an TIGHEARNA dhamhsa cían ó shin, gha rádh, Do ghrádhuigh mé thú lé grádh siorruidhe: uimesin le cineal grádhach do tharruing mé thú.
Cía dhealóchus sinn ó ghrádh Chríosd? Trioblóid, nó amhgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnochduighe, nó peiríacuil, nó cloidheamh?
Tabhair orum do thrócaire do chloisdion air maidin; óir is ionnadsa chuirim mo dhóigh: tabhair orum an tslighe daithniughadh ann a siubhola mé; óir is chugadsa thógbhuim súas manam.
¶ Is misi, misi féin, an té chobhruigheas sibhsi: cía thusa, as a mbíath eagla ort roimhe dhuine rachus déug, agus roimhe mhac an duine noch do dhéantar mar an bhféur;
Oír do dhéuna an Túan atá a méadhón na catháoireach íadsan do bheathughadh, agus dhéunuidh a dtreórughadh go tiubruidibh uisge na beatha: agus glanfuidh Día a nuile dheór ó na súilibh.
Do labhair Iósa riú a rís, ag rádh, Is misi solus an dómhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha.
Ag soillsiughadh súl bhur ccroidhe; chum a fheasa do bheith aguibh créud í muinighin a ghlóire a óighreachda sna náomhuibh, Agus créd é roimhéud a chúmhachd dár dtáoibhne an dream chreideas, do réir oibriughadh a mhóirneirt,
Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Bí dúil aig an TTIGHEARNA annsa lucht air a mbí a éagla, noch chuirios dóigh iona thrócaire.
Oír beíridh gach ní atá ar na thuismeadh ó Dhía buáidh ar an tsáoghal: agus a sí so an bhuáidh rug buáidh ar a tsáoghal, eadhon ar gcreideamhne.
Agus a deirimsi ribh, Iarraidh, agus do bhéarthar dháoibh; lorgairigh, agus do gheabhtháoi; buailidh an doras, agus oisgéoltar dháoibh.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
A nuáir a dubhras, Sciorruidh mo chos; do chonnaimh do thrócaire, súas mé, a THIGHEARNA. A niomad mo smuáintighthe ionnam a stigh do thaitnighiodar do chomhfhurtachda rem anam.
Agus an tan do chunairc sé an slúagh, do ghabh truáighe ghéar dhóibh é, ar son go rabhadar curtha, ar na leathnughadh agus ar na sgaradh, mar cháorcha ag nach bhfuil tréadaighe.
Do bhí seision buáidheartha ann a nuile bhuáidhreadhsan, do thárthuigh aingeal a aighthe iad: ann a ghrádh agus ann a thruáighe dfúascail sé íad; diomchuir sé, agus rug leis íad uile láethe an tsáoghail.
Déunuidh gáirdeachas do shíor sa Dtíghearna: a deirim a rís, Déunuidh gáirdeachas. Bíodh suáimhneas bhur ninntinne follas do na huile dhaóinibh. Atá an Tíghearna láimh ribh.
Oír as lé dóigh atámaóid sabhalta: achd má chíthear an dóigh ní dóigh í: oír créd fá a mbíadh dóigh ag neach, ris an ní do chí sé? Achd má bhíonn súil aguinn ris an ní nach bhfaicmíd, do nimíd fuireach tre fhoighid.
Achd gidh bé neach íbheas as an uisge do bhéura misi dhó ní bhía tart air go bráth; achd an tuisge do bhéara me dhó bíaidh sé na thobar uisge fhiuchaigh ann chum na beatha marrthannuighe.
Oír misi an TIGHEARNA do Dhía choinneochus do lámh dheas, ghá rádh riot, Ná himeagluidh; cuideochuidh mé leachd.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Thusa noch do thaisbéin damh buáidheartha iomdha neimhneacha, béodhochair mé a rís, agus do bhéarair súas mé ó dhoimhne na talmhan. Foirlíonfa tú márrachtas, agus comhfuirteocha tú mé air gach taóibh.
Ionnus go dtíubhradh sé dhibh, do réir shaidhbhris a ghlóire, bheith láidir neartmhar tré na Sbioruid sa duine don táobh a stigh; Ionnus go ndéanadh Críosd comhnuidhe tré chreideamh ann bhur gcroidhthibh:
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
Ar bhur neartughadh maille ris a nuile neart, tré na chúmhachd glórmharsan, chum na huile fhoighide agus fhulaing maille ré gáirdeachas;
Acht atá tusa, a THIGHEARNA, Día trócaireach, grásamhuil, ag fulang a bhfad, agus lán do thrócaire agus dfírinne.
Agus ar bhféachain Diósa orrtha a dubhairt sé ríu, Ní bhfuil so ar chumas do na dáoinibh: achd a tá gach uile ní ar chumas do Dhía
O bhí tú mórlúaigh ann mo radharc, do bhí tú onórach, agus do ghrádhuigh mé thú: uimesin do bhéara mé daóine ar do shon, agus pobal ar son hanma.
Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chróidhe gur thóg Día é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.
Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.
Bíad lúathghaireach agus do dhéan gáirdeachus ann do thrócaire: oír do chonnairc tú mo bhuáidhreadh; agus daithin tú manam a néigion;
Féuch do bheirim dhíbh cumhachda saltairt air na haithreachaibh nimhe agus ar na scorpiónuibh, agus ar uile neart namhad: agus ní ghoirteochaid éin ní sibh.
Achd a dubhairt sé riom, Is lór dhuit mo ghrássa: óir iomlánuighthear mo chúmhachdasa a néugcrúas. Uime sin budh ró mhóide mfonn mórdháil do dhéunamh as méugcrúasuibh, ionnus go ndéanadh cúmhachd Chríosd cómhnuidhe ionnam.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Oir gidh be aít ann a bhfuilid días nó tríur ar ná gcruinneaghadh am ainmsi, a táimsí ann sin ann a lár súd.
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
Achd má chomhnuigheann ionnuibh Spiorad an té do dhúisigh Iósa ó mharbhuibh, an té do dhúisigh Críosd ó mharbhuibh béodhachaigh sé bhar gcuirp shó mharbhthachasa mar an gcéudna tré na Spioruidsion chomhnuigheas ionnuibh.
An tadhbhar fá a bhfuilim ag fulang na neitheannsa: gidheadh ní bhfuil adhnáire oram: oír atá a fhios agum cía dhár chreid mé, agus as deimhin leam gur féidir leis an ní dfág mé táobh ris do choimhéud fa chómhair an láoi úd.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc; Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne; Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.