Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 1:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas, ach níor ghabh an dorchadas é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Bíonn an solas ag soilsiú sa dorchadas, agus níl bua ag an dorchadas air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Soillsigheann an solus san dorchadas, acht níor ghlac an dorchadas leis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus lonnruigheann an solas san dorchadas; agus níor sháruigh an dorchadas é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus soillsighidh an solus sin ann sa dorchadas; agus níor ghabh an dorchadas chuige é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus taithneann an solus sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas, ach níor ghabh an dorchadas é.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 1:5
10 Tagairtí Cros  

“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?


Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach.


Bhí sé ar an saol agus is tríd a rinneadh an saol, agus níor aithin an saol é.


chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”


Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;


An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí