Eoin 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Ar dtús do bhí an Briathar ann, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus do b’é Dia an briathar. 2 Do bhí sé ar dtús i bhfochair Dé. 3 Is tríd‐sean do rinneadh an uile nidh, agus ’na éagmais‐sean ní dearnadh éinnidh d’á bhfuil ann. 4 Is ann do bhí an bheatha, agus do b’é solas na ndaoine an bheatha. 5 Agus lonnruigheann an solas san dorchadas; agus níor sháruigh an dorchadas é. 6 Do bhí fear ann do cuireadh ó Dhia, darbh ainm Eoin. 7 Tháinig seisean mar fhiadhnaise, chum go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsolais, chum go gcreidfeadh gach aoinneach tríd. 8 Níorbh é féin an solas, acht tháinig sé chum go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsolais. 9 Do b’é sin an fíor‐sholas shoillsigheas gach uile dhuine, ag teacht ar an saoghal. 10 Do bhí sé ar an saoghal, agus is tríd do‐rinneadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é. 11 Is chum a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuinntear féin leis. 12 Acht an méid do ghlac leis, thug sé mar cheart dóibh bheith ’n‐a gclainn do Dhia, dóibh‐sean chreideas ’n‐a ainm: 13 nach ó’n bhfuil, ná ó thoil na colna, ná ó thoil duine do geineadh iad, acht ó Dhia. 14 Agus do‐rinneadh colann de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh sé ’n‐ár measc (agus do chonnacamar a ghlóir, amhail glóir Aon‐Mhic an Athar), lán de ghrás agus d’fhírinne. 15 Do‐bheir Eoin fiadhnaise ’n‐a thaobh agus glaodhann sé, g‐á rádh, Is é seo an té go ndubhras ’n‐a thaobh, An té atá ag teacht im’ dhiaidh, do cuireadh rómham é, óir bhí sé ann rómham. 16 Óir is as a líonmhaire do ghlacamar uile, agus grás ar ghrás. 17 Óir tugadh an reacht tré Mhaois, acht tháinig grás agus fírinne tré Íosa Críost. 18 Ní fhaca aoinneach Dia ariamh; an t‐Aon‐Mhac atá i n‐ucht an Athar, do b’é d’fhoillsigh é. 19 Agus is í seo fiadhnaise Eoin, nuair do chuir na h‐iúdaigh sagairt agus Lebhítigh ó Iarúsalem chuige g‐á fhiafruighe dhe, Cia h‐é thusa? 20 Agus d’admhuigh sé, agus níor shéan sé; agus d’admhuigh sé, Ní mise an Críost? 21 Agus d’fhiafruigheadar de, Cia h‐é thusa, má’s eadh? An tú Élias? Adubhairt seisean, Ní mé. An tusa an fáidh? Agus d’fhreagair seisean, Ní mé. 22 Adubhradar leis, d’á bhrigh sin, Cia h‐é thú? ionnas go dtiubhraimís freagra dhóibh‐sean do chuir uatha sinn. Cad adeirir id’ thaobh féin? 23 Adubhairt seisean, Is mise guth an té ghlaodhas sa bhfásach, Déanaidh slighe an Tighearna díreach, mar adubhairt Ésáias fáidh. 24 Agus dream de na Fairisíneachaibh ab eadh iad‐san do cuireadh. 25 Agus do cheistigheadar é, agus adubhradar leis, Cad chuige a ndéanann tú baisteadh, mar sin, muna tusa an Críost, nó Élias, nó an fáidh? 26 D’fhreagair Eoin dóibh, g‐á rádh, Do‐ghním‐se baisteadh i n‐uisce: acht atá ’n‐a sheasamh ’n‐bhúr measc duine nach aithnid daoibh, 27 an té atá ag teacht im’ dhiaidh‐se, nach fiú mise oiread agus iall a bhróige do scaoileadh. 28 Tharla an méid sin i mBétánia ar an taobh thall de Iórnán, mar a raibh Eoin ag baisteadh. 29 An lá ’n‐a dhiaidh sin do chonnaic sé Íosa ag teacht chuige, agus adubhairt sé, Féach Uan Dé thógas peacadh an domhain! 30 Is é sin an té go ndubhras ’n‐a thaobh, Atá ag teacht im’ dhiaidh fear do cuireadh rómham, óir do bhí sé ann rómham. 31 Agus níor aithnigheas‐sa é; acht is chuige seo tháinig‐mé ag baisteadh i n‐uisce chum go bhfoillseochaidhe d’Israel é. 32 Agus thug Eoin fiadhnaise, g‐á rádh, Do chonnacas an Spiorad ag teacht ó neamh anuas i riocht cuilm; agus d’fhan sé air. 33 Agus níor aithnigheas‐sa é: acht an té do chuir uaidh mé ag baisteadh le h‐uisce, adubhairt sé liom, An té go bhfeicfir an Spiorad ag tuirling air, agus ag fanamhain air, is é sin an té bhaisteas leis an Spiorad Naomh. 34 Agus do chonnacas, agus thugas fiadhnaise gur ab é Mac Dé é seo. 35 Arís, lá ar n‐a bhárach, do bhí Eoin ’n‐a sheasamh i n‐éinfheacht le beirt d’á dheisceablaibh: 36 agus d’fhéach sé ar Íosa do bhí ag dul thart, agus adubhairt sé. Féach Uan Dé! 37 Agus do‐chuala an bheirt deisceabal é ag labhairt, agus do leanadar Íosa. 38 Agus d’iompuigh Íosa, agus do chonnaic sé iad g‐á leanamhain, agus adubhairt sé leo, Créad atá uaibh? Agus dubhradar‐san leis, A Rabbí (is é sin le rádh, A Mháighistir), cá gcómhnuigheann tú? 39 Adubhairt sé leo, Tagaidh, agus do‐chífidh sibh. Thángadar, mar sin, agus do chonnacadar an áit ’n‐a raibh sé ’n‐a chómhnaidhe; agus d’fhanadar ’n‐a fhochair an lá sin: do bhí sé tuairim na deicheamhadh h‐uaire. 40 Duine de’n bheirt do bhí ag éisteacht le h‐Eoin, agus do lean Íosa, ab eadh Aindrias, dearbhráthair Shíomóin Peadar. 41 Fuair seisean ar dtús a dhearbhráthair féin, Síomón, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le rádh, an Críost). 42 Agus thug sé leis é chum Íosa. D’fhéach Íosa air, agus adubhairt sé, Is tusa Síomón mac Eoin: goirfear díot Céfas (is é sin le rádh, Peadar, nó Carraig). 43 Ba mhian leis, lá ar n‐a bhárach, dul go dtí an Ghalilé, agus fuair sé Pilib: agus adubhairt Íosa leis, Lean mise. 44 Agus as Bétsáida, cathair Aindriais agus Pheadair, ab eadh Pilib. 45 Fuair Pilib Natanaél, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríobh Maois sa reacht, agus na fáidhe, Íosa Nasardha, mac Sheosaimh. 46 Agus adubhairt Natanaél leis, An féidir aon nidh maith do theacht ó Nasair? Adubhairt Pilib leis, Tar go bhfeicidh tú. 47 Do chonnaic Íosa Natanaél ag teacht chuige, agus adubhairt sé leis, Féach an t‐Israelíteach fíor nach bhfuil aon chealg ann! 48 Adubhairt Natanaél leis, Cionnas aithnigheas tú mé? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Sarar ghlaodh Pilib ort, an tráth ’n‐a raibh tú fá’n gcrann fige, do chonnacas thú. 49 D’fhreagair Natanaél agus adubhairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel. 50 D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, De bhrigh go ndubhras leat, Do chonnacas fá’n gcrann fige thú, an gcreideann tú? do chífir neithe is mó ’ná sin. 51 Agus adubhairt sé leis, Go fírinneach adeirim leat, Do chífidh sibh na flaithis ar fhoscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society