Eoin 1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL I. Diadhacht Críost agus a Incholnadh. Fiadhnaise á dhéanamh ag Eóin air. Críost ag tosnú ar a dheisgiobuil do ghlaodhach. 1 I dtusach do bhí an Briathar, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus Dia ad eadh an Briathar. 2 Do bhí so i dtusach i bhfochair Dé. 3 Is tríd a deineadh an uile nídh, agus gan é níor deineadh aon nídh d’ár deineadh. 4 Is ann á bhí beatha, agus b’é solus na ndaoine an bheatha. 5 Agus taithneann an solus sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é. 6 Bhí fear a cuireadh ó Dhia, agus Eóin ab ainim dó. 7 Tháinig sé sin chun fiadhnaise, ionus go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsoluis, ionus go gcreidfeadh gach aoinne tríd. 8 Níor bh’é an solus é, ach chun fiadhnaise dhéanamh i dtaobh an tsoluis. 9 Dob’ é sin an solus fíor a shoillsigheann gach duine d’á dtagann ar an saoghal so. 10 Bhí sé ar an saoghal, agus is tríd a deineadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é. 11 Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuintir féin é. 12 Ach an méid a ghlac é thug sé dhóibh go ndéanfaí clann Dé dhóibh, an mhuintir a chreideann i n-a ainim. 13 Nác a’ folaibh, ná a’ toil na colna, ná ó thoil fir, a shíolradar, ach ó Dhia. 14 Agus do dhein feóil de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh i n-ár measg, agus chonacamair a ghlóire mar ghlóire Aon Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d’fhírinne. 15 Tugann Eóin fiadhnaise ’n-a thaobh, agus labhrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an t-é ar a ndubhart: An t-é atá le teacht am’ dhiaidh do cuireadh rómham é, óir bhí sé rómham. 16 Agus as a líonmhaire iseadh ghlacamairne go léir, agus grásta ar ghrásta. 17 Óir do tugadh an dlígh tré Mhaois, agus do deineadh grásta agus fírinne tré Íosa Críost. 18 Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh’aithris. 19 Agus sidé fiadhnaise Eóin, nuair a chuir na Iúdaig ag triall air ó Ierúsalem sagairt agus lebhíteacha chun a fhiafraighe dhe, Cé h-é thusa? 20 Agus d’adhmhuigh sé, agus níor shéan sé; agus d’adhmhuigh sé: Ní mise Críost. 21 Agus d’fhiafraigheadar de: Cad eile má ’seadh? An tu Elias? Agus dubhairt sé: Ní mé. An tu an fáidh? 22 Agus dubhairt sé: Ní mé. Dubhradar leis, d’á bhrígh sin: Cé h-é thu, ionus go mbéarfaimís freagra ag triall ar an muintir a chuir anso sinn? 23 Cad deirir ad’ thaobh féin? Dubhairt sé: Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh. 24 Agus de sna Fairisínigh ab eadh na teachtairí. 25 Agus do cheistigheadar é, agus dubhradar leis: Cad chuige go ndeineann tú baisteadh mura tu Críost ná Elias, ná an fáidh? 26 D’fhreagair Eóin iad agus dubhairt sé leó: Deinim-se baisteadh i n-uisge, ach tá ’n-a sheasamh i nbhúr measg duine nách aithin daoibh-se. 27 Siné an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh-se agus go bhfuil tusach aige orm, agus nách fiú mise go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. 28 Do thárla na neithe sin i mBetánia lastall de’n Iórdan, mar a raibh Eóin ag baisteadh na ndaoine. 29 An lá ’n-a dhiaidh san do chonaic Eóin Íosa ar teacht fá n-a dhéin, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé, féach an t-é a thógann peacadh an domhain. 30 Sidé an t-é ar a ndubhart: Tá fear ag teacht am’ dhiaidh, agus do luadhadh rómham é, óir do bhí sé rómham; 31 Agus níor aithingheas-sa é, ach ionus go dtaisbeánfaí d’Israél é, uime sin iseadh do thánag-sa ag déanamh baiste i n-uisge. 32 Agus do thug Eóin fiadhnaise uaidh agus dubhairt: Do chonac an Spioraid Naomh ag teacht anuas ó neamh i riocht colúir, agus do stad sé air. 33 Agus níor aithnigheas-sa é, ach an t-é a chuir mé ag déanamh baiste i n-uisge dubhairt sé liom: An t-é go bhfeicfir an Spioraid ag túirling air agus ag fanmhaint air, siné an t-é a dheineann baisteadh sa Spioraid Naomh. 34 Agus do chonac; agus thugas fiadhnaise gur b’é Mac Dé é seo. 35 An lá ’n-a dhiaidh san airís bhí Eóin ’n-a stad, agus beirt d’á dheisgiobuil, 36 Agus bhí sé ag féachaint ar Íosa ag siubhal, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé. 37 Agus d’airigh an bheirt deisgiobul é ag rádh na cainte, agus do Leanadar Íosa. 38 Agus d’iompuigh Íosa, agus chonaic sé iad ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Cad ’tá uaibh? Agus dubhradar leis: A Rabbí (sé sin le rádh, a Mháighistir), cá gcómhuigheann tú? 39 Agus dubhairt sé leó: Tagaidh agus feicidh. Agus thánadar agus chonacadar cár chómhnuigh sé, agus d’fhanadar i n’fhochair an lá san; agus bhí sé tímpal an deichmhadh h-uair. 40 Agus duine de’n bheirt a bhí ag éisteacht le h-Eóin agus do lean Íosa ab eadh Aindrias, driotháir Shímóin ar ar tugadh Peadar. 41 Do fuair sé sin ar dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus dubhairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le rádh, an Críost). 42 Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’fhéach Íosa air, agus dubhairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar). 43 Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; lean mise. 44 Agus ó Bhetsaida, ó chathair Aindriais agus Pheadair, ab eadh Pilib. 45 Agus do fuair Pilib Natanaél agus dubhairt sé leis: An t-é úd ar ar sgríbh Maois sa dlígh, agus na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret. 46 Agus dubhairt Natanaél: An féidir aon nídh fóghanta theacht ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic. 47 Agus chonaic Íosa Natanaél, agus dubhairt sé: Sin Israél-íteach fírinneach ná fuil feall ann. 48 Agus dubhairt Natanaél: Conus aithnigheann tú mé? Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Sar ar ghlaoidh Pilib ort, nuair a bhís fé’n gcrann fíge, do chonac tu. 49 D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil. 50 D’fhreagair Íosa agus dubhairt: Toisg mé ’gha rádh leat: Bhíos ag féachaint ort agus tú fé’n gcrann fíge, creideann tú. Chífir neithe is mó ’ná san. 51 Agus dubhairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society