Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 1:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Bhí sé ar an saoghal, agus is tríd a deineadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Bhi sé ar an saol, agus ba thríd a rinneadh an saol, ach níor aithin an saol é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Bhí sé ar an tsaoghal, agus ba tríd-sean a rinneadh an saoghal, acht níor aithin an saoghal é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Do bhí sé ar an saoghal, agus is tríd do‐rinneadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Do bhí se air a tsáoghal, agus trídsean do rinneadh an sáoghal, achd níor aithin sáoghal é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Bhí sé ar an saol agus is tríd a rinneadh an saol, agus níor aithin an saol é.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 1:10
23 Tagairtí Cros  

Tá gach uile nídh tabhartha dómh-sa ag m’Athair. Agus ní’l aithne ag aoinne ar an Mac ach ag an Athair; ná ar an Athair ach ag an Mac, agus ag an t-é gur toil leis an Mac a dh’fhoillsiú dhó.


Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuintir féin é.


Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh’aithris.


Is tríd a deineadh an uile nídh, agus gan é níor deineadh aon nídh d’ár deineadh.


Agus taithneann an solus sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é.


A Athair atá ró-cheart, ní raibh aithne ag an saoghal ort; ach bhí aithne agam-sa ort; agus bhí fhios acu so gur chuiris-se uait mise.


Agus d’fhreagair Íosa iad: Oibrigheann m’Athair go dtí anois, agus oibrighim-se.


Agus bíodh gus labhradar mar sin is ar éigin fhéadadar na daoine do chosg ar ídhbirt a dhéanamh chúcha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí