Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 1:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’fhéach Íosa air, agus dubhairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar).

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Thug sé leis chuig Íosa é. Dʼamharc Íosa air, agus dúirt sé, “Is tú Síomón mac Eoin mar sin? Tabharfar Céfas ort” (a chiallaíos Peadar).

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Agus thug sé chuig Íosa é. D’amharc Íosa air, agus dubhairt: Is tusa Síomon, mac Ióna: goirfear Cephas díot, is é sin le rádh, Peadar.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus thug sé leis é chum Íosa. D’fhéach Íosa air, agus adubhairt sé, Is tusa Síomón mac Eoin: goirfear díot Céfas (is é sin le rádh, Peadar, nó Carraig).

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Agus rug sé chum Iósa é. Agus ar bhféuchain Díosa air, a dubhairt sé, As tusa Siomón mac Ióna: goirfidhear Céphas díot, dár ab ciall, Carraig.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Thug sé leis é chun Íosa. Dʼfhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort ‘Céafas’”–focal a chiallaíonn Carraig.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 1:42
20 Tagairtí Cros  

Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir.


Agus thug sé Peadar mar ainim ar Shímón.


Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.


Símón, ar ar thug sé Peadar, agus a dhritháir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus,


Ní’lim ag labhairt oraibh go léir; aithním na daoine a thoghas: Ach ionus go gcómhlíonfí an Sgríbhinn: An t-é a dh’itheann arán am’ fhochair árdóchaidh sé a shál am’ choinnibh.


Bhí Símón Peadar, agus Tomás an a dtugtar Didimus, agus Natanaél, an fear ó Chána na Gaililí, agus clann Sebedé, agus bheirt eile deisgiobul, agus iad i bhfocair a chéile.


Dubhairt Íosa léi: Imthigh agus glaoidh ar t’fhear, agus fill anso.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí