Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 1:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Is ann á bhí beatha, agus b’é solus na ndaoine an bheatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Is ann a bhí an bheatha, agus ba í an bheatha solas an chine dhaonna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 B’annsan a bhí beatha, agus b’é solus na ndaoine an bheatha:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Is ann do bhí an bheatha, agus do b’é solas na ndaoine an bheatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ann san do bhí beathal agus dob í an bheatha solus na ndáoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Is ann a bhí an bheatha agus ba é solas na ndaoine an bheatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Is ann a bhí an bheatha agus ba é solas na ndaoine an bheatha.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 1:4
30 Tagairtí Cros  

Pobul a bhí suidhte i ndorchadas, chonacadar solus mór, agus d’eirigh solus do’n mhuintir a bhí suidhte sa n-áit ar a raibh sgamall an bháis.


Solus chun na ngeinte do shoillsiú, agus glóire do d’phobul féin Israél.


Dubhairt Íosa léi: Is mise an aiseirighe agus an bheatha; an t-é a chreideann ionam-sa, má gheibheann sé bás féin, beidh sé beó;


Ansan dubhairt Íosa leó: Tá an solus agaibh tamall beag fós. Deinidh siubhal an fhaid atá an solus agaibh, i dtreó ná béarfaidh an doircheacht oraibh; agus an t-é bhíonn ag siubhal sa doircheacht ní fhea-dair sé cá mbíonn sé ag dul.


Is am’ sholus do thánag ar an saoghal, ionus, an t-é a chreideann ionam, ná fanfadh sé sa doircheacht.


Dubhairt Íosa leis: Is mise an tslígh, agus an fhírinne, agus an bheatha; ní thagann aoinne chun an Athar ach tríom-sa.


Agus sidí an breith, go dtáinig an solus ar an saoghal agus gur ghlac na daoine an doircheacht mar rogha roimis an solus, toisg a ngníomhartha bheith go h-olc.


Óir, fé mar a thógann an t-Athair na mairbh agus dheineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an mhuintir is toil leis.


Óir, fé mar atá beatha ag an Athair ann féin, ar an gcuma gcéadna do thug sé do’n Mhac beatha bheith aige ann féin.


Agus ansan do labhair Íosa airís agus dubhairt sé: Mise solus an domhain; an t-é a leanfaidh mé ní shiubhlóchaidh sé sa doircheacht, ach beidh aige solus na beatha.


An fhaid atáim ar an saoghal is mé solus an tsaoghail.


Go ndéanfadh Críost fulag agus gur bh’é an chéad duine é d’eireóchadh ós na mairbh agus do nochtfad an solus do’n phobhul agus do sna Geintibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí