Eaxodus 34:6 - An Bíobla Naofa 19816 Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d'fhógair sé: “A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht; Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)6 Agus do ghabh an TIGHEARNA thairis as a choinne, agus do fhógair, An TIGHEARNA, An TIGHEARNA Día, trócaireach agus grásmhuil, fadfhuilnghtheach, agus iomlán do mhaith agus dfírinne, Féach an chaibidil |
Ansin fuair sé an focal: “Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún.
Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.