Salm 97 - An Bíobla Naofa 1981Rí an Domhain: Breitheamh Cóir 1 Is é an Tiarna is rí, gairdíodh an talamh; bíodh lúcháir ar na hinsí go léir. 2 Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall; ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir. 3 Gabhann tine roimhe amach ar a shlí dó, agus í ag loscadh a naimhde de gach leith. 4 Soilsíonn a splancacha an chruinne; creathnaíonn an talamh ar a fheiceáil. 5 Tagann leá ar na sléibhte ar nós céarach i bhfianaise Thiarna na cruinne. 6 Fógraíonn na flaithis a fhíréantacht; feiceann na náisiúin go léir a ghlóir. 7 Go raibh náire ar lucht adhartha na n‑íomhánna, a bhíonn ag maíomh as a n‑íola gan tairbhe; umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise. 8 Cloiseann Síón agus líonann sí d'áthas, agus tá lúcháir ar chathracha Iúdá as ucht do bhreithiúnas, a Thiarna. 9 Óir is tú an Tiarna go dearfa in ardréim os cionn na cruinne, agus os cionn na ndéithe go léir. 10 Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t‑olc; déanann sé anamacha a naomh a chosaint, á bhfuascailt ó láimh na n‑éagráifeach. 11 Tá solas á nochtadh don fhíréan, agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh. 12 Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana; agus tugaigí buíochas dá ainm naofa. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart