Is é creideamh an rud a thugann beatha dúinn, a chara. Caithfidh tú creideamh a bheith agat i ngach céim den saol. Is aoibhinn le Dia nuair a bhíonn muinín againn as, agus gan chreideamh ní féidir linn a shásamh ar chor ar bith. Sula dtarlaíonn rudaí, creidimid iontu, agus ansin, feicimid iad ag teacht i gcrích.
Is é an creideamh an t-inneall a thiomáineann saol an Chríostaí. Ba chóir go mbeadh sé mar fhórsa lárnach inár saol gach lá, ag creidiúint i Dia agus sna gealltanais iontacha uile atá tugtha aige dúinn ina fhocal.
Molaim duit leanúint ort ag creidiúint go bhfaighidh tú an rud atá uait. Le creideamh, is féidir rudaí móra a bhaint amach. Cleacht do chreideamh gach lá, lig dó fás agus neartú, agus beidh saol cóir agus iomlán agat. Léigh an Bíobla go laethúil agus cothaigh do chreideamh tríd.
Tá an creideamh chomh cumhachtach sin gur dúirt Íosa Críost dá mbeadh creideamh againn chomh beag le síol mustaird, d’fhéadfaimis a rá leis na sléibhte bogadh, agus bhogfaidís. Foghlaim conas siúl le creideamh, fiú mura bhfeiceann tú toradh láithreach. Bí cinnte go bhfaighidh tú an rud atá geallta, agus má chreideann tú, gheobhaidh tú gach a d’iarr tú ar Dhia i nguidí.
Go deimhin, gan chreideamh, ní féidir Dia a shásamh, mar caithfidh gach duine a thagann chuige creidiúint go bhfuil sé ann agus go dtugann sé luach saothair dóibh siúd a lorgóidh é (Eabhraigh 11:6).
Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iúdaidhibh do chreid dhó, Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go fírinneach beithí bhar ndeiscioblaibh agam;
Agus áithéontáoi a nfírinne, agus saorfaidh a nfirinne sibh.
A mhic, tabhair aire dom bhríathraibh; cláon do chlúas dom ráidhtibh.
Ná léig íadso as do shúilibh; coimhéad íad a lár do chroidhe.
Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.
As fírinne tosach do bhreithre: agus biaidh huile bhreitheamhnuis fíréanta go síorruidhe.
Do fheith mé air an TTIGHEARNA, atá manam ag feithiomh, agus iona bhréithir atá mo dhóigh.
Atá slighe Dé iomlán; do dearbhadh bríathar an TIGHEARNA: atá sé na scéith ag gach áon dá gcuirionn a dhóigh ann.
Ar mbeith dhibh ar bhur naithghinéamhuin, ó shíol nach truáillighe, achd neamhthruáillighe, tré bhreithir Dé, mhaireas agus chómhnuigheas go síorruidhe.
Atá dligheadh an TIGHEARNA iomlán, ag iompógh a nanma: is fírinneach fiaghnuise an TIGHEARNA, ag déanamh an tsimpligh críonna.
Uimesin abair ríu, Is marso a deir an Tighearna DIA; Ní cuirfighear cáirde ar aonchuid dom bhríathruibhsi ní sa mhó, acht do dhéantar an focal do labhair mé, a deir an Tighearna DIA.
Oir a deirim ribh go firinneach, No go ndeachaidh neamh agus talamh thort, ní rachaidh éan iota na áonphunc don dligheadh thort, nó go gcoimhlíontar gach éin ní.
Ní dhealochuidh an leabharsa an dlighe red bhéul; achd biáidh tú ag meabhair ann do ló agus doidhche, chor go ttiubhra tú haire do nuile ní da bhfuil sgriobhtha ann do dhéanamh: óir ann sin do dhéana tú do shlighe suthuin, agus éireochuidh leachd go maith annsin.
Ní chnirfidhe a gcionn an nfocail aítheanus misi dhíbh, ní mó laighdeochtháoi éinní dhe, chor go gcoimhéadfuidhe aitheanta an TIGHEARNA bhur Ndía noch aithnighimsi dhíbh.
Focail an TIGHEARNA is focail ghlana íad: mar airgiod dearbhtha a bhfuirnéis chríadh, niamhghlanta seachd nuáire.
Má fhanann sibh ionnamsa, agus má fhanuid mo bhríathrasa ionnuibhse, íarruidh gach ní bhus áill libh, agus do dhéuntar dhaóibh é.
Marsin bhías mo bhríatharsa noch théid amach as mo bhéul: ní fhillidh sí chugam go díomhaóin, acht coimhlionfuidh sí an ní is toil liom, agus rachaidh ar a haghaidh annsa ní chum ar chuir mé í.
Do fríth do bhríathra, agus a dúaigh misi íad; agus do bhí do bhríathra dhamhsa na gháirdeachus agus na lúathgháir dom chroidhe, óir do gaireadh hainmsi orum, a THIGHEARNA Día na slógh.
Do dhearbha do bhríatharsa go mór: agus is ionmhuin lead sheirbhíseach í.
Is beag misi agus is tarcuisneach: níor dhearmaid mé haitheantasa.
Is fíréantacht síorruidhe thfíréantachdsa, agus is fírinne do dhligheadh.
Tárlaigh anacair agus goimh chugam: is íad haitheanta máoibhneas.
Atá fíréantacht thfíaghnuiseadha go síorruidhe: tabhair tuigsi dhamh, agus mairfe mé.
Oir atá bríathar Dé beó, agus bríoghmhar, agus ní sa ghéire ná clóidheamh ar bith dhá fháobhar, agus téid sí thrín a steach go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breathamh í ar smúaintighibh agus ar bhreathnuighibh an chróidhe.
Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda:
Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighe go hiomlán chum na huile dhéaghoibhre.
Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin.
Agus gabhuidh chuguibh clogud na sláinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé.
Agus a dubhairt seision, Achd as beannaighe an dream eisdeas briáthar Dé, agus choimhéudus é.
¶ Ar a nadhbharsin cuirfidhe iad so mo bhriathrasa a ttaisge ion bhur ccroídhthibh agus ion bhur nanum, agus ceaingéoltáoi íad mar chomhartha ar bhur láimh, chor go mbeithdís mar éadanán eidir bhur súilibh.
Do tháobh Dé, atá a shlighe iomlán: do dearbhadh bríathra an TIGHEARNA: is scíath é do nuile chuirios a ndothchus ann.
Ar a nadhbharsin gach uile neach do chluinn na bríathrasa agamsa, agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig:
Achd do fhreagair seisean, agus a dubhairt, Atá sé sgriobhtha, Ní lé harán a mhain mhairfeas duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig ó bhéul Dé.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.
Atáid reachda an TIGHEARNA ceart, ag gáirdiughadh an chroidhe: atá áithne an TIGHEARNA fiorghlan, ag tabhairt radhairc do na súilibh.
Ann sa tosach do bhí an Bhriathar, agus do bhí ab Bhriathar a bhfochair Dé, agus do bé Día an Bríathar.
Noch ar mbeith dho na dheallradh glóire, agus na iomháigh fhíre a phearsannsan, agus ag congmháil súas na nuile neitheann ré breithir a chúmhachd féin, ar nglanadh ar bpeacuighne dhó thríd féin, do shuigh sé ar láimh dheis na Mórghachda sna hárduibh;
Ní mó do chorruigh mé ó aitheantuibh a bhéil; do budh mór mo mheas ar bhríathuibh a bhéil ní is mó ná mo ríachdanus bídh.
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
Achd fanuigh bríathar an Tíghearna go síorruidhe. Agus á sí so an bhríathar do soisgéulughadh dhíbhse.
Achd boidh go ndéanamáoisne, no aingeal ó neamh, soisgéul eile do sheanmóir dháoibh tar an tsoisgéul do rinneamar do sheanmóir dháoibh cheana, bíodh sé malluighe.
Amhuil a dubhramar roimhe, a deirim a nois a rís mar an gcéudna, Cía bé dhéanas soisgéul do sheanmóir dháoibh leith amuígh dhe súd do ghabhabhair chuguibh, bíodh sé malluighthe.
Atá dligheadh an TIGHEARNA iomlán, ag iompógh a nanma: is fírinneach fiaghnuise an TIGHEARNA, ag déanamh an tsimpligh críonna.
Atáid reachda an TIGHEARNA ceart, ag gáirdiughadh an chroidhe: atá áithne an TIGHEARNA fiorghlan, ag tabhairt radhairc do na súilibh.
Do dhéana mé adhra chum páláis do náomhthachta, agus molfa mé hainm ar son do thrócaire agus thfírinne: óir do mhóraidh tú do bhríathar red ainm uile.
Ar a nadhbharsin bímídne mar an gcéudna gan sgur ag breith bhuídheachais ré Día, do bhrígh, ar ngabháil bhréithre Dé chuguibh noch do chúalabhair uáinne, gur ghabhabhair chuguibh é ní mar bhréithir dháonna, achd (do réir mar atá sé go fírinneach) mar bhréithir Dé, noch fós oibrigheas ionnuibhse an drung chreideas.
Do sgríobh mé chuguibh, a aithreacha, do bhrigh gur ab aithne dhíbh an tí ata ann ó thosuigh. Do sgríobh mé chuguibh, a ógánacha, do bhrígh go bhfuil sibh láidir, agus go bhfuil bríathar Dé na comhnuighe ionnuibh, agus go rugabhair buáidh ar an droch spioruid.
Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach.
Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche.
Agus biáidh sé ccosmhuil re crann plannduighthe láimh re haibhnibh uisge, noch do bheir a thoradh iona aimsir íomchubhaidh; ní chríonfuidh fós a dhuille; agus gidh bé ní do dhéana sé tiocfaidh biseach air.
Agus béid na bríathraso, aithnighimsi dhíot a niugh, ann do chroidhe:
Agus múinfidh tú go dúthrachdach dod chloinn íad, agus laibheóruidh tú orra a nuáir shuidhfeas tú ann do thigh, agus a nuáir shiubhólas tú an tslighe, agus a nuáir luídhfheas tú síos, agus a nuáir éireochus tú súas.
Is fearr dóigh do chur annsa TIGHEARNA ná dóigh do chur a nduine.
Is fearr dóigh do chur annsa TIGHEARNA ná dóigh do chur a bprionnsadhuibh.
Achd an tí choimhéudas a bhríathar, as ann atá grádh Dé ar na choimhlíonadh go fírinneach: as so aithnighmíd sinn féin do bheith annsan.
Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.
Ionnas tré dhá ní dóatharruidh, ann nach féidir lé Día bréug do dheunamh, go mbeith meanma láidir aguinne, ag rioth chum greamuighthe don dóthchas atá romhuinn:
Tuilleamh oile a dubhairt sé riom, A mhic an duine, gábh ann do chroidhe, mo bhriathrasa uile noch laibheorus mé riot, agus cluin lé do chlúasaibh.
Bíd mo shúile na ndúscadh a ttráthuibh na hoidhche, chum smuainiughadh ann do bhréithir.
Agus do umhluigh sé thú, agus do léig ocrus ort, agus do shásuigh sé thú lé manna, noch nár bhfeas duitse, nó dod aithribh; chor go ttiubhradh ort a fhios do bheith agad nach lé harán amháin bheathuighear an duine, ach lé gach ní dá ttig as béul an TIGHEARNA bhíos an duine béo.