Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iób 23 - An Bíobla Naofa 1981


Ag an Urchóideach atá an Bua

1 Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt sé:

2 Is ceannairceach mo chasaoid fós inniu, Cé go bhfuil mo lámh ag luí ar m'osnaíl.

3 Uch gan a fhios agam cá bhfaighinn é, Le go rachainn faoi bhráid a shuí breithimh.

4 Chuirfinn mo chás in iúl os a chomhair Agus bheadh clab orm le hargóintí.

5 D'fhoghlaimeoinn gach focal cosanta a labhródh sé, Agus thuigfinn gach a ndéarfadh sé liom.

6 An rachadh sé chun aighnis liom le lán a chumais? Ní dhéanfadh! Níorbh fholáir dó éisteacht a thabhairt dom.

7 Is duine ionraic a bheadh ag argóint leis Agus bhuafainn mo chás go dearfa.

8 Féach! Má ghabhaim soir, níl sé ann; Nó siar, ní bhfaighim radharc air.

9 Má chuardaím thuaidh é, níl fáil air; Má chasaim ó dheas, ní fheicim é.

10 Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.

11 Lean mo chos go dlúth dá chéimeanna, Chloígh mé lena bhealach gan casadh i leataobh.

12 Níor chlaon mé ó aithne a bheola, Agus thaiscigh mé briathra a bhéil.

13 Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d'fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo? Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é.

14 Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige.

15 Uime sin, tá uafás orm ina láthair; Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe.

16 Scaip Dia mo mhisneach, Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm.

17 Óir déanann an dorchadas mise a cheilt air, Agus cuireann an ghruaim brat idir é agus mé.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí