Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 23:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Má chuardaím thuaidh é, níl fáil air; Má chasaim ó dheas, ní fheicim é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ar an láimh chlé, mar a noibrighionn sé, acht ní fhéaduim a fhaicsin: folchuidh sé é féin air an láimh dheis, iondus nach bhfaicim é:

Féach an chaibidil Cóip




Iób 23:9
9 Tagairtí Cros  

Chuir tú an méid sin i bhfolach i do chroí, Is eol dom gurbh é seo a bhí beartaithe agat:


Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.


Féach! Má ghabhaim soir, níl sé ann; Nó siar, ní bhfaighim radharc air.


D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?” Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,


Deir tú: “Ní fheiceann sé mé; Tá mo chás curtha faoina bhraid, ach ní mór dom feitheamh fós!”


Féach! Gabhann sé tharam, agus ní fheicim é; Gluaiseann sé thar bráid, agus ní thugaim faoi deara é.


Ghiorraigh tú laethanta a óige; agus d'fhág tú faoi náire shaolta é.


Go deimhin, is faratsa atá Dia i bhfolach, Dia Iosrael, an slánaitheoir.


Tá mé ag fanacht leis an Tiarna, atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib, is ann atá mo dhóchas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí