Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Iób 23 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XXIII. Is rogha lé Iob a chúis do chur a lathair De, no abfiadhnaise daoine.

1 Annsin do fhreagair Iób agus a dubhairt,

2 A niugh cheana is searbh mo ghearán: is truime mo bhuille ná mosnagh.

3 Uch gan a fhios agam cáit a bhfuighinn eision! chor go bhféadfuinn teacht go nuige a chathaóir!

4 Do chuirfinn síos mo chúis dá lathair, agus do líonfuinn mo bhéul lé haighnios.

5 Do bheith fios na mbriathar agam do fhregeoradh sé dhamh, agus do thuigfinn cred a déaradh sé riom.

6 An ttaigeóruidh sé am aghaidh lé na chumhachd mór? Ní headh; acht do chuirfeadh sé neart ionnam.

7 Annsin do fhéadfadh an firéun aighnios ris; marsin do bhéinnsi sáor go bráth óm bhreithiomh.

8 Féuch, teighim ar maghaidh, acht ní bhfuil seision ann; agus ar mo chúl, achd ní mhothuighim é:

9 Ar an láimh chlé, mar a noibrighionn sé, acht ní fhéaduim a fhaicsin: folchuidh sé é féin air an láimh dheis, iondus nach bhfaicim é:

10 Acht atá fios na sligheadh a ngabhuim aige: a nuáir dheirbheochus sé mé, tiucfaidh mé amach amhail ór.

11 Do chonnuimh mo chos a choiscéime, do chonnuimh mé a shlighe, agus níor chláon mé.

12 Ní mó do chorruigh mé ó aitheantuibh a bhéil; do budh mór mo mheas ar bhríathuibh a bhéil ní is mó ná mo ríachdanus bídh.

13 Acht atá seision déain inntinn, agus cía fhéudas a fhilleadh? agus gídh bé ar bith is toil le na anam, sé siu féin do ní sé.

14 Oír coimhlíonuidh seision an ní do hórduigheadh dhamhsa: agus átáid mórán do na neithibhsin aigesion.

15 Ar a nadhbharsin atáimsi ar mo bhuáidhreadh na fhiadhnuisi: a nuáir mheasuim, bím eaglach roimhe.

16 Oír do ní Día mo chroidhe bog, agus buáidhrigh an Tuilechumhachdach mé.

17 Do bhrígh nar gearradh amach mé roimhe an dorchadas, ní mó do fholuigh sé an dórchadas óm ghnúis.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí