Achd a dubhairt Iósa ris, Más eidir leachd so do chreideamhuin, a tá gach én ní soidhéanta don té chreidios.
Oír as ann fhoillsighthear fíréuntachd Dé ó chreideamh go creideamh: amhail atá sgríobhtha, Do ghéubhaidh an firéun beatha tre chreideamh.
Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Achd íarradh sé maille ré creideamh, gan bheith amhrusach air éunchor. Oir an tí ar a mbí amhrus is cosmhuil é ré tuinn fhairge ghluáisdear ris an ngaóith agus bhíos dá tiomáin a nunn san all.
Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé:
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Ar bhfreagra Diósa an tansin, a dubhairt sé ría, O a bhean, is mór do chreideamh: teagmhadh dhuit mar is toil leachd. Agus do bhí a hinghean slán ó a núairsin a mach.
As amhluidh sin an chreideamh mar an gcéudna, muna bhfuilid oibreacha aige, atá sé marbh ann féin.
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
Agus a dubhairt Iósa ris an gcaiptín, Imthigh romhad; agus biodh dhuit, do réir mar do chreid tú. Agus do slánuigheadh a shearbhfhoghantaidhe ar a núair sín.
Agus a dubhairt Iósa riú, Ar son bhur míchreidimh: oir a deirim ribh go fírinneach, Dá mbeith oiread re gráinne musdaird do chreideamh agaibh, a déartháoi ris an slíabh so, Athruigh as so ann súd a nunn; agus athrrochuidh sé; agus ní bhía ní ar bith nach budh éidir libh.
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
Oír go fírinneach a deirimsi ribh, Gidh bé neach a déura ris an tslíabh so, Togthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairrge thú; agus nách bía cunntabháirt aige an a chroidhe, achd go gcreide sé go dtiucfaid na neithe a deir sé chum críche; teigéumhaidh dhó gach ní a déura sé.
Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, A deirim ribh go firinneach, Má bhíonn creideamh agaibh, agus nach ccuirfithí cunntabhairt ann, ni hé a mháin a nísi thárla don chrann fíge do dhéantháoi, achd mar an gcéadna má a deartháoi ris an tslíabhso, Tógthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairge thú; bíaidh sin deanta.
Achd a bhféugmhuís chreideimh ní féidir taitneamh ris: oír an tí thig chum Dé is éigean dó a chreideamh go bhfuil sé ann, agus go dtabhairt sé lúach sáothar don druing íarras é.
As tré chreideamh thuigmíd gur crúthuigheadh an domhan tré bhréithir Dé, ionnas go ndearnadh neithe sófhaicsigh do na neithibh dófhaícsigh.
Oír beíridh gach ní atá ar na thuismeadh ó Dhía buáidh ar an tsáoghal: agus a sí so an bhuáidh rug buáidh ar a tsáoghal, eadhon ar gcreideamhne.
Achd an tí ar a mbí amhrus dá nithidh sé atá se damanta, do bhrígh nach ó chreideamh itheas se: óir gach ní nach bhfuil ó chreideamh is peacadh é.
As tré chreideamh do thuiteadar balluidhe Ierico, tar éis gabhála na dtimchiol seachd lá.
Ar tús, beirim buidheachus ré mo Dhía féin tré Iósa Críosd ar bhur sonsa uile, do bhrígh go bhfuil túarasgbháil bhúr gcreidmhe ar feadh an domhain uile.
Go teachd dúinn uilea náondhachd an chreidimh, agus eólais Mhic Dé, mar dhuine iomlán, agus do réir mhiosúir áoise iomláine Chríosd:
Agus is beannaighthe an bhean do chreid: óir coimhlionfuidhear na neithe do gheall an Tighearna dhi.
Agus a dubhairt Iósa riú, Is misi arán na beatha: an té thig chugamsa ni bhía ocras go bráth air; agus an té chreideas ionnam ní bhía tart go bráth air.
Measamuid ar a nadhbharsin gur lé creideamh sháorthar an duine a néagmhuis oibreach an dlighe.
Agus a dubhairt sé ríu, Cáit an a bhfuil bhar gcreideamh? agus ar mbeith le heagla dhóibhsion do ghabh iongnadh íad, ag rádh ré chéile, Cia be so! a deir ris na gáothaibh agus ris a nuisge fós bheith na dtochd, agus úmhluighid síad dó.
Oír a Niósa Críosd ní bhfuil éifeachd ar bith a dtimchillghearradh, ná a neamhthimchillghearradh; achd a gcreideamh oibrigheas tré ghrádh.
A dubhairt sé ríu, Créd fá bhfuiltí coimheaglach as sin? créd fá nach bhfuil creideamh aguibh?
Agus a deir seisean ríu, Créud fá a bhfuiltí eaglach, a luchd an chreidimh bhig? Ar néirghe dhósan an tansin, do bhagair sé air an ngáoith agus air an bhfairge; agus thainic ciúnas mór ann.
As tré chreideamh do thréig sé an Néigipt, gan fhaitcheas air roimh fheirg an rígh: óir do bhí sé comhláidir sin ná inntinn, ionann agus do chífeadh sé an tí nach féidir dfaicsin.
Achd Steaphán, lan do chreideamh agus do chúmhachdaibh, do rinne sé miorbhuile agus cómharthadha móra a measg an phobail.
Uíme sin, ar gclos dámhsa mar an gcéudna an chréidimh atá aguibhse sa Dtíghearna Iósa, agus an ghrádh do na huile náomhuibh,
Agus as ní follas nach sáorthar éunduine trés an reachd a bhfíadnuisi De, óir, As tré chreideamh mhairfeas an firéun.
Agus ar bhfaicsin a gcreidimh dhósan, a dubhairt sé ris, A dhuine, a táid do pheacuidh ar na maithleamh dhuit.
Agus créd a déuruinn ní sa mhó? óir do bhíadh a naimsir ro ghearr agum ré bheith ag cráobhsgaóileadh ar Ghedéon, agus ar Bhárac, agus ar Shampson, agus ar Iephtaé; agus ar Dháibhi, agus Shamuel, agus ar na fáidhibh: Noch tré chreideamh da bhúadhuigh ríoghachda, do oibrigh fíréuntachd, do ghnodhuigh na geallamhnacha, do sdop beóil na leomhan, Do mhúch neart na teineadh, do chuáidh as ó fháobhar an chloidhimh, tugadh ó laige go láidireachd, do rinneadh neartmhar a gcath, do chuir a dteitheamh sluáighe na neachdrannach.
Agus go bhfuighthí annsan mé, gan bheith dom fhiréunntachd féin, thig ón reachd agám, achd a nfhiréuntachd thig tré chréideamh Chriosd, an fhíréuntachd atá ó Dhía tré chreideamh:
Créd uime? Do bhrigh nach ó chreideamh, achd mar do bheith ó oibrighthibh an reachda do iarradar í. Oir fúaradar oilbhhéim fa chloich na hoilbhéime;
Gidheadh ní sinne an drung théid air ccúl chum dámnuighthe; achd chreideas chum a nanma shlánúghadh.
Ar mbeith fhios aguinn na sáorthar duine tré oibrighibh an reachda, achd tré chreideamh Iósa Críosd, do chreideamairne a Níosa Críosd mar an chreidamh Chríosd, agus ní tré oibrighibh an reachda: do bhrígh nach sáorfuighthear feóil ar bith tré oibrighibh an reachda.
As a bhfuil dánachd aguinn agus slighe ré dhul a steach maille ré dóthchas tré chreideamh annsan.
Ar mbeith dhíbh ar bhur bhfréumhughadh agus ar bhur bhfollamnúghadh ann, agus ar bhur ndaingniughadh sa gcreideamh, do réir mar do theaguisgeadh sibh, ag líonadh ann díbh maille ré breith bhuídheachais.
Agus fós, ar ndéunamh na huile dhúthrachda dhíbhse shá tháobh so, cuiridh súbhailcidhe ré bhur gcreideamh; agus eólas ré bhur súbhailcidhibh; Agus measarrghachd ré bhur neólas; agus foighid ré bhur measarrghachdl; agus díaghachd ré bhur bhfoighid; Agus cáoineas bráithreamhuil ré bhur ndíaghachd; agus grádh re bhur gcáoineas.
Ní hé gur tighearnuidhe sinn ar bhur gcreideamhsa, achd luchd cungnanta sinn do bhur ngáirdeachas: oír is tré chreideamh sheasus sibh.
Ann a bhfuil bhur ndóíghse mar an gcéudna, ar gclos bréithre na fírinne dhíbh, shoisgéil bhur slánaighthe: trér cuireadh fós séula oruibh íar gcreideamh dháoibh, tré Sbiorad náomhthá na geallamhna.
Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so.
Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh.
Agus ní raibh mo chomhrádh ná mo sheanmóir a millseachd bhríathar an ghliocais dáonna, achd a bhfoillsiughadh dhearbhthachd chúmhachda na Spioraide: Ionnus nach bíadh bhur gcreideamhsa a ngliocas na ndáoine, achd a gcúmhachd Dé.
Agus gidh bé ar bith neither, iárrfuidhthe an bhur nurnuighe má chreidtí, do gheabhtháoi íad.
Agus a dubhairt Iósa ris, Imthigh; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an mball fuair sé a radharc, agus do lean sé Iósa sa tslighe.
Ionnus go bhfuighthigh dearbhadh bhur gcreidimh, is rouáisle na ór théid air neimhní, bíodh go ndearbhthar é lé teine, na mholadh agus na onóir agus na ghlóir an tan fhoillseóchas Iósa Críosd é féin:
Achd don té nach déineann obair achd chreideas ann sa ti sháorus an duine neamhdhíadha, measdar a chreideamh mar fhíréantachd.
A dubhairt Iósa rís, Ar son go bhfacaidh tú mé, A Thomáis, do chreid tú: as beannaighthe na dáoine nach bhfacaidh, agus do chreid.
Oír a sé as críoch don náithne grádh ó chróidhe glan, agus ó choinnsías mhaith, agus ó chreideamh neamhfhallsa:
Chúmhduighthear ré neart Dé tré chreideamh chum slánuighe atá ullamh ré a fhoillsiughadh sa naimsir dheigheanuidh.
Déun comhrac maith sa gcreideamh, beir greim ar an mbeatha mharrthannuigh, chum ar goireadh thú, agus ar a ndearnuídh tú admháil mnhaith a láthair mhoráin dfíaghnuibh.
Agus ar síneadh a láimhe ar an mball Diósa, rug sé air, agus a deir sé ris, A fhir an chreidimh bhig, créd far ghabh cuntabhairt thú?
As tré chreideamh do dhíult Maóise, ar mbeith dhó mór, mac inghine Phárao do ghairm dhe; Ar mbreith dhó do roghain bheith ag fulang buáidheartha a bhfochair phubail Dé, tar bheith a sáimhe neamhmbúan an pheacuidh;
An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar: Ag glacadh chríche bhur gcreidimh, sláinte na nanmann.
As tré chreideamh do háthruigheadh Enóch chum nach bhfaicfeadh sé an bás; agus ní frith é, do bhrígh gur athruígh Día é: oír súil do hathruigheadh é do rinneadh fíadhnuise ris, gur thaitin sé re Día.
Agus a dubhradarsan, Creid ann sa Tighearna Iósa Críosd, agus sláineochthar thú féin, agus do thigh.
Agus ar bhfilleadh Diósa agus ar na faicsinsean dó, a dubhairt sé, Biódh muinighin mhaith agad, a inghean; do shlánaigh do chreideamh thú. Agus do bhí an bhean slán ó a nuáirsin a mach.)
Agus sábhálfuidh urnuighe an chreidimh an teaslán, agus tóigéabhuidh an Tíghearna súas é; agus má rinne sé peacuigh, do gheabhuidh sé maitheamhnas ionnta.
As tré chreideamh mar an gcéudna fuáir Sára féin neart chum síl do ghabháil di, agus rug sí mac tar éis í dhul tar aóis cloinne bhreith, do bhrígh gur mheas sí gur bhfírinneach an tí thug an gealladh.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
Oír créd a deir an sgriobtur? Do chreid Abraham do Dhía, agus domeasadh sin dó már fhíréantachd.
Agus do bhrígh gur ab áon chreideamh atá aguinn, do réir a neithe atá sgríobhtha, Do chréid mé, agus ar a nadhbharsin do labhair mé; creidmidne fós, agus ar a nadhbharsin labhramaóid mar an gcéudna;
As tré chreideamh, dúmhlaigh Abraham, ar na ghairm ag imtheachd go hionad noch do gheubadh sé na dhiáigh sin doighreachd; agus do thríall sé roimhe, gan a fhios aige cá háit ann a raibh sé ag dul.
As tré chreideamh, ar bhfagháil fógartha ó Dhía do Naói a dtimchioll na neitheann nach raibh fós ré na bhfaicsin, ar ngabháil fhaitchis do, dullmhuigh sé a náirc do shábháil a thighe féin; tré dhamnuigh sé an domhan, agus do rinneadh óighre na fíréuntachda atá tré chreidimh dhé.
Agus a dubhairt an Tighearna, Dá mbeith oiread ghráinne musdaird do chreideamh aguibh, déaradh sibh ris a gcrann sicaminso, Eirigh as do fhréamhach, agus curthar an sa bhfairge thú; agus do umhlochadh sé dhaóibh.
Agus tar gach uile ní, glacuibh chuguibh, sgíath an chreidimh, tré na dtucfuidh dhíbh uile gháethe tinntighe na drochsbioruidedo mhúchadh.
Déunaidh faire, seasaidh go daingion sa gcreideamh, bíghidh fearrgha, bíghidh láidir.
Oír is ris an gcróidhe chreidthear chum fíréantachda; agus leis an mbéul do níthear admháil chum slánaighe.
Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé.
Agus tré chreideamh anmasán, do neartaidh a ainm an fearso, do chithí agus áitheantáoi: agus, an creidheamh atá dhá tháobhsan, tug sé dhó so an tsláinte iomlánso ann bhur lathairse uile.
Ar dteachd do na deisciobluibh chum Iósa an tráthsin fa leith, a dubhradar, Créd é an fáth nach ar fhéadamáirne súd do theilgean a mách? Agus do háthruigheadh a chruth an a bhfiadnuisi: agus do dheallruigh a aghuidh mar an ngréin, agus do rinneadh a éuduighe geal mar an solas. Agus a dubhairt Iósa riú, Ar son bhur míchreidimh: oir a deirim ribh go fírinneach, Dá mbeith oiread re gráinne musdaird do chreideamh agaibh, a déartháoi ris an slíabh so, Athruigh as so ann súd a nunn; agus athrrochuidh sé; agus ní bhía ní ar bith nach budh éidir libh.
Agus do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach dtráoithfeadh do chreideamh: agus air bhfilleadh duitse, neartuigh do dhearbhraithreacha.
Féuch, an té ar tógbhadh súas a anam ní bhfuil go díreach ann féin: acht mairfidh an fíréun tred a chreidiomh.
Oir amhuil is marbh an corp a bhféugmhuis na spioruide, as amhluidh sin mar an gcéudna bhíos an creideamh marbh gan oibreachuibh.
Do chómhraic mé cómhrac maith, ráinic mé ceann mo choimhleanga, do choimhéid me an creaideamh:
Cuiridhse na aguidh ar mbeith dhíbh láidir a gcreideamh, ar mbeith a fheasa aguibh go gcoimhlíontar na buáidheartha céudna sa gcuid eile dá bhur ndearbhraithribh atá sa tsáoghal.
Oír atá ar gcuid do Chríosd aguinn, má chongmhamáoid go diongmhálta céudthosach ar muinighine go teachd don chrich dheigheanuidh;
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:
Gidheadh sinne, atá ar gcloinn ag an lá, bímid meassardha, ar gcur éidigh ochda an chreidimh agus an ghrádha iomuinn; agus mhúinighne an tslánuighthe, mar chlogaid.
A né nach léir dhuit go raibh an creideamh ag comhoibriughadh maille ré na ghníomharthuibh, agus gur ab as na gníomharthuibh do rinneadh an creideamh diongmhálta?
Agus a dubhairt seision ría, A inghean, do shlánuigh do chréideamh thú; imthigh a síothcháin, agus bí slán od phláigh.
Agus níor chuir se cunntabhairt a ngealladh Dé lé míchreideamh; achd do neartuigheadh é a gcreideamh, ar dtabhairt ghlóire do Dhía; Agus do bhí a láindeimhin aige, an té thug an gealladh, gur cúmhachdach é ar choimhlíonadh.