Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 19 - An Bíobla Naofa 1981


Dia agus an Dúlra

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.


A

2 Fógraíonn na spéartha glóir Dé agus foilsíonn an fhirmimint saothar a lámh.

3 Insíonn na laethanta an scéal dá chéile agus tugann na hoícheannta an t‑eolas dá chéile.

4 Ní chluintear caint ná canúint ná briathar

5 cé go ngabhann a nglór i ngach uile thír agus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne. Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian

6 a thagann mar nuachar amach as a sheomra ag gairdiú mar ghaiscíoch ag cur chun reatha.

7 Tá a thriall amach as teorainn na spéire agus a iomchuairt thart chun na teorann eile, agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.


B

8 Tá dlí an Tiarna gan cháim: athbheonn sé an t‑anam. Is iontaofa í fianaise an Tiarna, a thugann eagna don fhíréan.

9 Is díreach iad forálacha an Tiarna: cuirid áthas ar an gcroí; is glan í aithne an Tiarna, soilsíonn sí na súile.

10 Is íon í eagla an Tiarna, maireann sí go deo; is fíor iad reachtanna an Tiarna, táid uile go cóir.

11 Is mó is so-mhianaithe iad ná ór, ná mínór dá ghlaine; agus is milse iad ná mil, ná mil ar sileadh ón gcíor.

12 Múineann siad eolas do do ghiolla; is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.

13 Cé a fhéadfaidh a earráidí a aithint? ná leag orm mo pheacaí folaigh.

14 Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar sula bhfaighe sé mo bhua; Ansin is ea a bheidh mé gan smál agus saor ó thrompheaca.

15 Go raibh briathra uile mo bhéil agus smaointe mo chroí taitneamhach leatsa, a Thiarna, a charraig liom, is a shlánaitheoir.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí