Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 12 - An Bíobla Naofa 1981


A Iarraidh Coimirce Dé

1 Do stiúrthóir an chóir. Ar chláirseach na n‑ocht dtéad. Salm Dháiví.

2 Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.

3 Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsa le beola bladair is le croí calaoiseach.

4 Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach, gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach;

5 gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”

6 “Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht éireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna. “Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”

7 Briathra glana iad briathra an Tiarna, airgead athleáite a scar le slaidhreadh, airgead a triaileadh is a glanadh faoi sheacht.

8 Is tú a Thiarna, a dhéanfaidh cúram dínn: déanfaidh tú ár gcosaint ar an nglúin seo go brách. 8 Tá triall na n‑éagráifeach inár dtimpeall do gach leith agus daoscar na ndaoine faoi mheas ag clann Ádhaimh.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí