Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 12:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsa le beola bladair is le croí calaoiseach.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Scriosfaidh an Tiarna gach béal bréagach: agus an teanga a bhíos ag maíomh an díomais;

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Gach béul ta lann do mheabhuil thlaith, Do ghnáth bidhean leam ’s leat, An teanga bhrui’neach ardánach, Sgaitf’ear le Dia na bhfeart.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Géarrfuidh an TIGHEARNA amach gach uile phus meabhlach, agus an teanga noch labhras neithe uáibhreacha:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsa le beola bladair is le croí calaoiseach.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 12:3
26 Tagairtí Cros  

Nílim oilte ar an mbladar Nó is gearr go gcuirfeadh mo chruthaitheoir deireadh liom.


Nuair a dúirt mé le corp eagla: “Is bréagach gach aon neach.”


Ní bheidh an rath ar fhear na drochtheanga; tiocfaidh an tubaiste ar fhear an fhoréigin.


a ndúrchroí dunta, a mbéal ag déanamh mórtais.


Is sleamhaine a bhriathra ná im, ach tá cogadh ina chroí. Is boige a bhriathra ná ola, ach is claímhte arna nochtadh iad.


‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid. ‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’


Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.


An fear fuatha, bíonn aige beola mealltacha; agus an feall go domhain istigh.


Mar a d'aimsigh mo lámh ríochtaí na n‑íol, a ba líonmhaire dealbh ná Iarúsailéim agus an tSamáir,


Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt, ná ní théitear chun dlí go hionraic. Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga; gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh.


“Feallann do dheartháireacha féin agus teach d'athar ort. Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte. Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”


Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach; ‘Síocháin’, a deir duine ó bhéal lena chomharsa ach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe.


“A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dúirt tú le teann mórchúise: Is dia mé, suím in ionad Dé i lár na farraige. Cé gur duine thú agus nach dia, measann tú bheith ar aon chéim le Dia.


An ndéarfaidh tú fós: ‘Is dia mé,’ i láthair lucht do mharfa? Ní hea, is duine thú agus ní dia, agus tú i lámha marfóirí!


Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’


“Is bearránach iad na briathra a labhraíonn sibh i m'aghaidh, a deir an Tiarna. Mar sin féin, fiafraíonn sibh: ‘Céard a dúramar i d'aghaidh?’


Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.


Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n‑ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”


Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.


Cuir uait an chaint, an chaint uaibhreach sin. Ná bíodh sotal ag sceith as do bhéal, Mar Dia an eolais é an Tiarna Agus meánn seisean na bearta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí