Salm 12 - An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)Salm 12. Salvum me fac. 1 Cuidigh liom, a Thiarna, ó nach bhfuil fíréan fágtha: ó chuaigh na fir fhíora i laghad i measc Shíl Ádhaimh. 2 Labhraíonn gach duine díomhaointeas lena chomharsa: ní bhíonn a mbéal ach ag cur cluana, agus a gcroí cealgach ag cur i gcéill. 3 Scriosfaidh an Tiarna gach béal bréagach: agus an teanga a bhíos ag maíomh an díomais; 4 Agus an dream a dúirt, Gheobhaidh ár dteanga an bua dúinn: tá cead cainte againn, cé atá ina Thiarna orainn? 5 Ach anois ó nach bhfaigheann an dearóil faoiseamh ó bhuaireamh: agus ó bíonn na bochtáin ag osnaíl ó chroí. 6 Éireoidh mé, a deir an Tiarna: agus fuasclóidh mé gach duine acu ón té éiríos ina aghaidh, agus tabharfaidh mé suaimhneas dó. 7 Is briathra glana iad briathra an Tiarna: mar an airgead a ghlantar den chré, agus a athloisctear faoi sheacht sa tine. 8 Coimeádann tú iad, a Thiarna: cumhdóidh tú é ón aicme sin go brách. 9 Níl áit nach bhfuil faoi chosa lucht an oilc: nuair a éiríos siad in airde, cuirtear masla ar chlann na ndaoine. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland