Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 12:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

2 Labhraíonn gach duine díomhaointeas lena chomharsa: ní bhíonn a mbéal ach ag cur cluana, agus a gcroí cealgach ag cur i gcéill.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

2 Labhruigh gach neach ren’ chómharsa An bhréug le meabhuil bhéil; Le croidhe cliseach lán do cheilg, Labhruid araón le chéil’.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Labhruid síad díomhaóineas gach uile dhuine re na chomharsuin: le pusaibh meabhlacha le croidhe dúbalta labhruid síad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 12:2
25 Tagairtí Cros  

de chlann Íosácár, fir a thuig tráth agus antráth, agus cathain agus conas ba cheart d'Iosrael beart a dhéanamh: dhá chéad taoiseach agus a ngaolta go léir faoina gceannas;


Bíonn a bhéal lomlán de mhallachtaí agus fós de chealg is de bhréaga: bíonn urchóid is mioscais faoina theanga.


Nuair a dúirt mé le corp eagla: “Is bréagach gach aon neach.”


Tabhair saor ó chlaíomh an oilc mé; sábháil ó láimh na n‑eachtrannach mé, a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu, agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu.


a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu, agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu.


Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach i bhfarradh na n‑urchóideach a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana agus an t‑olc ina gcroí.


Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé, agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim, mar gheall ar mo chréachtaí.


Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais: “Cathain a éagfaidh sé go ndearmadfar a ainm?”


Treoraigh mé a Thiarna, i d'fhíréantacht mar gheall ar mo naimhde; réitigh do shlí romham.


Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde; briseann sé a chonradh.


Ná lig dóibh, sula mbainfeadh dearmad de mo phobal; déantar a dtreascairt is a leagan ar lár, a Thiarna, ós tú is sciath dúinn!


Cá fhad a thabharfaidh sibh faoi dhuine, sibh go léir d'fhonn a bhriste, mar dhúmas gur bhalla fíorsceabhach é, nó fál ar tí titim?


Déanann an cardálaí rúin a nochtadh; ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.


Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis, ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?


An té a thugann bladar dá chomharsa, leathann sé líon faoina chosa.


Mar sin déarfaidh tú é seo leo: ‘Seo é an cine nach n‑umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D'éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal.


Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach; ‘Síocháin’, a deir duine ó bhéal lena chomharsa ach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe.


Óir ní bheidh feasta i measc mhuintir Iosrael fís bhaoth ná tairngreacht bhréige.


Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.


mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.


Agus mar is eol daoibh féin, ní dhearnamar plámás libh riamh,


an fear atá idir dhá chomhairle, agus atá neamhsheasmhach ar gach uile bhealach, dada ó Dhia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí