Lúcás 22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXII. Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An chéad chuid de thuairisig na Páise. 1 Agus bhí féile an Aráin gan giost i n-achmaireacht, ar a dtugtar an Cháisg. 2 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thiocfaidís ar Íosa chur chun bháis; ach bhí eagla na ndaoine ortha. 3 Ach do chuaidh Sátan isteach i n-Iúdás, ar a dtugtí Iscariót, duine de’n dáréag. 4 Agus d’imthigh sé agus do labhair sé le h-uachtaráin na sagart agus leis na giúistísíbh, ar conus a dhéanfadh sé é thabhairt suas dóibh. 5 Agus bhí áthas ortha, agus dheineadar margadh leis go dtabharfaidís airgead dó. 6 Agus dhein sé an margadh leó, agus bhí sé ag faire go bhfaghadh sé caoi ar é thabhairt suas dóibh nuair ná beadh na daoine ann. 7 Agus tháinig lá an aráin gan giost, nuair ba cheart an t-uan cásga do mharbhú. 8 Agus chuir sé uaidh Peadar agus Eóin, agus dubhairt sé leó: Téighidh agus ollamhuighidh an cháisg dúinn go n-itheam é. 9 Agus dubhradar-san: Canad is toil leat go n-ollamhóchaimís é? 10 Agus dubhairt sé leó: Féach, nuair a raghaidh sibh isteach sa chathair, buailfidh duine umaibh agus árthach uisge aige d’á iompar; leanaidh é go dtí an tigh go raghaidh sé isteach ann; 11 Agus abraidh le fear an tighe sin, Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seómra bídh go n-ithead an cháisg i bhfochair mo dheisgiobul? 12 Agus taisbeánfaidh sé dhaoibh seómra mór agus é curtha i dtreó, agus deinidh an t-ollamhú ansan. 13 Agus d’imthigheadar agus fuaradar gach nídh mar a dubhairt sé leó agus d’ollamhuigheadar an cháisg. 14 Agus nuair a tháinig an t-am do shuidh sé, agus an dáréag Aspol i n-a fhochair; 15 Agus dubhairt sé leó: Ba mhór é mo mhian an cháisg seo dh’ithe ’nbhur bhfochair roimh fhulang dom; 16 Óir deirim libh ná h-íosfad é feasda go dtí go gcómhlionfar é i rígheacht Dé. 17 Agus thóg sé an chailís agus do ghaibh sé buidheachas agus dubhairt: Glacaidh agus rainnidh eadraibh; 18 Óir deirim libh ná h-ólfad de thoradh na fíneamhna go dtagaidh righeacht Dé. 19 Agus thóg sé arán agus ghaibh sé buidhchas agus do bhris sé é agus thug sé dhóibh é agus dubhairt sé: ’Sé mo chorp é seo, a tugtar ar bhúr son; deinidh an nídh seo mar chuimhneamh orm. 20 Agus mar an gcéadna an chailís, tar éis suipéir, agus dubhairt sé: An chailís í seo an tiomna nua am’ chuid fola, a doirtfar ar bhúr son. 21 Ach féach, tá lámh an t-é a dhíolfaidh mé ar an mbórd am’ theannta. 22 Is fíos go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá ceapaithe, ach is léanmhar do’n t-é sin tré n-a mbrathfar é. 23 Agus chromadar-san ar a fhiafraighe eatartha féin cé’cu dhíobh a bhí chun san do dhéanamh. 24 Agus bhí tnúth eatartha, leis, féachaint cé’cu dhíobh ba chuibhe bheith i n-uachtar. 25 Agus dubhairt sé leó: Gabhaid ríghthe na ngeinte forlámhas ortha, agus tugtar daoine foghanta ar na daoine go mbíonn cómhacht acu. 26 Ní mar sin daoibh-se ámhthach; ach an t-é is mó oraibh bíodh sé mar an t-é is óige, agus an fear cinn riain i n’fhear friothálmha. 27 Óir cé’cu is mó, an t-é atá ’n-a shuidhe nó an t-é atá agh friothalamh? Nach é an t-é atá ’n-a shuidhe? Ach táim-se i nbhúr measg ar nós an t-é a dheineann friothalamh. 28 Agus is sibh-se do lean am’ fhochair-se am’ chathaíbh. 29 Agus tugaim-se dhaoibh-se rígheacht, fé mar a thug m’Athair dómh-sa; 30 Sibh a bheith ag ithe agus ag ól as mo bhórd, am’ rígheacht, agus i nbhúr suidhe ar chathaoireachaibh ríoga ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil. 31 Agus dubhairt an Tighearna: A Shimóin, a Shimóin, féach, tá Sátan ag bhúr dtí chun sibh a chriathradh mar a déanfaí cruithneacht do chriathradh; 32 Ach do dheineas-sa guidhe ar do shon ionus ná caillfeadh ar do chreideamh. Agus ar ball, nuair a chasfair, neartuigh do bhráithre. 33 Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna, táim ollamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus chun báis. 34 Ach dubhairt seisean: Deirim leat, a Pheadair, ná glaoidhfidh an coileach indiu go séanair-se trí h-uaire aon aithne bheith agat orm. Agus dubhairt sé leó: 35 Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán gan mála gan bróga, an raibh aon nídh i n-easnamh oraibh? 36 Agus dubhradar: Ní raibh. Agus dubhairt sé leó: Ach anois, an t-é ’go bhfuil sparán aige beireadh sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díoladh sé a bhrat agus ceannuigheadh sé claidheamh. 37 Óir deirim libh nách foláir an méid seo fós atá sgríobhtha do chómlíonadh ionam-sa: Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh: óir, na neithe a bhaineann liom, tá deire leó. 38 Agus dubhradar-san leis: Féach, a Thighearna, dhá chlaidheamh anso. Agus dubhairt sé leó: Ní bheag san. 39 Agus chuaidh sé amach, agus chuaid sé, mar ba ghnáth, go Cnoc na n-Ola-chrann. Agus do lean a dheisgiobuil é. 40 Agus nuair a tháinig sé chun na h-áite dubhairt sé leó: Deinidh úrnuighthe sar a dtuitfeadh sibh i gcathaíbh. 41 Agus d’imthigh sé féin uatha tímpal faid urchair cloiche, agus tháinig sé ar a ghlúinibh ag guidhe, 42 Agus dubhairt sé: A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach deintear do thoil-se. 43 Agus do taisbeánadh dó aingeal ó neamh ag cur misnigh air. Agus bhí sé i n-anaithe dhian agus ag guidhe go cruaidh. 44 Agus bhí allus air a bhí ’n-a bhraonachaibh fola ag tuitim chun tailimh. 45 Agus nuair a dh’eirigh sé ó’n nguidhe agus tháinig sé chun a dheisgiobul fuair sé iad ’n-a gcodla tré bhrón. 46 Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith i nbhúr gcodla? Eirighidh agus deinidh úrnuighthe sar a raghadh sibh i gcathaíbh. 47 An fhaid a bhí sé ag caint, féach, tháinig sluagh, agus an t-é ar a dtugtí Iúdás, duine de’n dáréag, rómpa amach, agus tháinig sé chun Íosa chun póige thabhairt dó. 48 Agus dubhairt Íosa: A Iúdáis, an le póig a deineann tú Mac an Duine do brath? 49 Agus nuair a chonaic an mhuintir a bhí i n’aice cad a bhí ag teacht dubhradar: An mbuailfimíd le claidheamh, a Thighearna? 50 Agus do bhuail duine acu seirbhíseach an árd-shagairt agus bhain sé an chluas dheas de. 51 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Fanaidh go fóil; agus chuir sé a lámh ar chluais an duine agus do leighis sé é. 52 Agus dubhairt Íosa leis an muintir a tháinig chuige, uachtaráin na sagart agus giúistísí an teampail agus na seanóirí: An chun beirthe ar bhitheamhnach a thánabhair amach le claidhmhtibh agus le cleathachaibh? 53 Bhíos agaibh gach aon lá sa teampul agus níor shíneabhair lámh chúgham; ach sidé bhúr dtráth, agus cómhacht an dorchadais. 54 Agus do ghabhadar é, agus do rugadar leó é go tigh an árd-shagairt; agus do lean Peadar iad, abhfad siar. 55 Agus nuair a lasadh teine i lár an halla, agus bhíodar ’n-a suidhe ’n-a tímpal, bhí Peadar ’n-a measg. 56 Agus chonaic cailín aimsire é ’n-a shuidhe sa tsolus, agus d’fhéach sí go dlúth air, agus dubhairt sí: Bhí sé seo leis i n’fhochair siúd. 57 Agus do shéan seisean é, agus dubhairt sé: A bhean, ní’l aon aithne agam air. 58 Agus i gcionn tamaill bhig chonaic duine eile é, agus dubhairt sé: Is díobh rúd tusa leis. Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní díobh. 59 Agus i gcionn tímpal uair a’ chluig ’n-a dhiaidh san dubhairt duine eile: Go deimhin bhí sé seo ’n-a theannta súd, mar is Gaililíach é. 60 Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní h-eól dom cad ’tá agat d’á rádh. Agus láithreach, le linn an fhocail a rádh dhó, do ghlaoidh an coileach. 61 Agus d’iompuigh an Tighearna agus d’fhéach sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt an Tighearna: Sar a nglaoidhfidh an coileach séanfir-se mise trí h-uaire. 62 Agus d’imthigh Peadar amach agus do ghoil sé go dubhach. 63 Agus na fir go raibh Íosa gabhtha acu, bhíodar ag déanamh magaidh faoi agus ’ghá bhualadh. 64 Agus dheineadar a aghaidh do chlúdach agus é bhualadh, agus deiridís: Targair dúinn, cé h-é an t-é a bhuail tu? 65 Agus deiridís a lán neithe eile leis ag tabhairt masla dhó. 66 Agus nuair tháinig an lá do shuidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil agus na Shgríbhneóirí i gcómhairle, agus thugadar eisean isteach sa cómhairle, agus dubhradar: Innis dúinn an tusa Críost. 67 Agus dubhairt sé leó: Má ínnsim daoibh é ní chreidfidh sibh mé; 68 Agus má cheistíghim sibh ní fhreagróchaidh sibh mé, ’ná ní leigfidh sibh uaibh mé. 69 Ach ó’n dtráth so amach beidh Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé. 70 Ansan dubhradar go léir: D’á bhrígh sin an tusa Mac Dé? Agus dubhairt sé: Deirthí-se gur mé. 71 Agus dubhradar-san: Cad is gádh dhúinn a thuille fiadhnuise? Óir d’airigheamair as a bhéal féin é. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society