Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:37 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Óir deirim libh nách foláir an méid seo fós atá sgríobhtha do chómlíonadh ionam-sa: Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh: óir, na neithe a bhaineann liom, tá deire leó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Mar táim ag insint daoibh go gcaithfidh mé an focal sin an scrioptúir a chomhlionadh, ‘Agus bhíothas á mheas ar an dream a bhí ciontach,’ mar tá ar scríobhadh fúm ag teacht i gcrích.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Óir deirim libh, gurab éigean an nídh seo atá scríobhtha a chóimhlíonadh go fóill ionnam-sa: “Agus h-airmhigheadh é le cuirpthigh”; óir na neithe a bhaineas liom-sa, tig siad chun críche.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Óir adeirim libh, go gcaithfear an nidh seo atá scríobhtha do cóimhlíonadh ionnam‐sa, Agus do h‐áirmheadh é le cuirptheachaibh: óir an méid bhaineas liom atá sé d’á chóimhlíonadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Oir a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atá sgriobhtha do choimhlíonadh ionnamsa, Agus atá sé ar na chomháireamh a measg na ndáoine coirthéach: óir na neithe úd atá am thaoibhse atá deireadh aca:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

37 Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:37
17 Tagairtí Cros  

Agus do chéasadar i n-aonfheacht leis beirt bhitheamhnach, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlí.


Agus do cómhlíonadh an sgriptiúir adeir: Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh.


Agus do thóg Íosa an dáréag, agus dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cómhlíonfar gach nídh d’á bhfuil sgríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine.


Is fíos go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá ceapaithe, ach is léanmhar do’n t-é sin tré n-a mbrathfar é.


Agus dubhradar: Ní raibh. Agus dubhairt sé leó: Ach anois, an t-é ’go bhfuil sparán aige beireadh sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díoladh sé a bhrat agus ceannuigheadh sé claidheamh.


Agus dubhairt Íosa leis an muintir a tháinig chuige, uachtaráin na sagart agus giúistísí an teampail agus na seanóirí: An chun beirthe ar bhitheamhnach a thánabhair amach le claidhmhtibh agus le cleathachaibh?


Agus bhí bheirt eile, beirt mhéirleach, d’á mbreith i n-aonfheacht leis chun iad do chur chun bháis.


Agus thusnuigh sé le Maois agus do nocht sé dhóibh brígh na bhfáidh go léir ins gach nídh a bhí sgríobhtha ’n-a thaobh féin.


Má dubhairt sé gur dhéithe iad súd gur labhradh briathar Dé leó, agus nách féidir an scriptiúir do chur ar neamhnídh,


Do shoillsigheas-sa thú ar an dtalamh so; tá an obair déanta agam a thugais dom le déanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí