Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:38 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus dubhradar-san leis: Féach, a Thighearna, dhá chlaidheamh anso. Agus dubhairt sé leó: Ní bheag san.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 Agus dúirt siad, “Féach, a Thiarna, seo dhá chlaíomh.” Agus dúirt sé leo, “Déanfaidh sin cúis.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Acht dubhairt siad-san: A Thighearna, féach, tá dha chlaidheamh annseo. Agus dubhairt seisean leo: Is leor sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus adubhradar, A Thighearna, féach, atá dhá chlaidheamh annso. Agus adubhairt sé leo, Is leor sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Achd a dubhradarsan, A Thighearna, féuch, dhá chloidheamh ann so. Achd a dubhaier seision ríu, Is lór sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 Dúirt siad: “A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.” Dúirt sé leo: “Is leor sin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

38 Dúirt siad: “A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.” Dúirt sé leo: “Is leor.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:38
9 Tagairtí Cros  

Agus féach, duine de’n mhuintir a bhí i bhfochair Íosa do shín sé a lámh, agus tharaing sé a chlaidheamh; agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas de.


Agus dubhradar: Ní raibh. Agus dubhairt sé leó: Ach anois, an t-é ’go bhfuil sparán aige beireadh sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díoladh sé a bhrat agus ceannuigheadh sé claidheamh.


Agus nuair a chonaic an mhuintir a bhí i n’aice cad a bhí ag teacht dubhradar: An mbuailfimíd le claidheamh, a Thighearna?


D’fhreagair Íosa: Ní bhaineann mo rígheacht-sa leis an saoghal so. Dá mbaineadh mo rígheacht leis an saoghal so ní baoghal ná go dtroidfeadh mo mhuintir ionus ná tabharfaí suas do sna Iúdaigh mé: ach anois ní h-as so atá mo rígheacht-sa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí