Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus chuir sé uaidh Peadar agus Eóin, agus dubhairt sé leó: Téighidh agus ollamhuighidh an cháisg dúinn go n-itheam é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Mar sin, chuir Íosa Peadar agus Eoin uaidh, agus dúirt sé leo, “Imígí a ullmhú na cásca dúinn go n‑ithimid í.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus chuir sé uaidh Peadar agus Eoin, ag rádh: Imthighigidh agus déanaigidh réidh dúinn, chun go n-ithimíd an cháisc.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do chuir sé uaidh Peadar agus Eoin, g‐á rádh, Téighidh agus ullmhuighidh an Cháisc dúinn, go n‐ithimíd é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do chuir Iósa Peadar and Eóin úadh, ag radh, Imthigh, agus ullmhuighidh dhuinn an túan cásg, do chum go níosamáois é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Chuir sé uaidh Peadar agus Eoin: “Imígí,” ar seisean, “agus ullmhaígí dúinn an cháisc go n-ithimid í.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Chuir sé uaidh Peadar agus Eoin: “Imígí,” ar seisean, “agus ullmhaígí dúinn an cháisc go n‑ithimid í.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:8
12 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó.


Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i n-aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go h-iomlán, gan cháim.


Agus dubhradar-san: Canad is toil leat go n-ollamhóchaimís é?


Agus bhí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul chun úrnuighthe an naomhadh tráth.


Agus bhí greim aige ’á chimeád ar Pheadar agus ar Eóin, agus chonnaic na daoine é agus bhailighdar tímpall ar an mbeirt ag an bpóirse ar a dtugtar Póirse Shalomón, agus uathbhás ortha.


Chonnaic sé Peadar agus Eóin agus iad chun dul isteach agus d’iarr sé ortha déirc a thabhairt dó.


Ansan, nuair a chonnacadar Peadar agus Eóin agus iad chómh seasamhach, agus nuair a fuaradar gur dhaoine iad a bhí gan tabhairt suas, gan foghluim, bhí iongna ortha; agus d’aithníghdar iad, go mbídís i bhfochair Íosa;


Ansan do freagair Peadar agus Eóin agus dubhradar: Breithnighidh féin cia’cu is ceart i láthair Dé, rud a dhéanamh, oraibhre ’nú rud a déanamh ar Dhia:


Ansan d’airigh na h-Aspoil a bhí i n-Ierúsalem go raibh Samaria tar éis bréithir Dé do ghlacadh agus chuireadar Peadar agus Eóin ag triall ortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí